Guth Ghoill, Eagrán 48
Eagrán 48 Meitheamh 2014 19 ansin lena bhéal foscailte. B ’ fhearr dúinn an féar seo a fháil, a Fheadaímó, tá sé ag éirí mall agus déarfainn go mbeidh an cailín seo, cibé cén t - ainm ata uirthi, ag iarraidh dul ar ais a luí. ” “ Is Aobhá m ’ ainm agus níl tuirseach ar bith orm, ” arsa an cailín, “ goitsígí agus taispeánfaidh mé an chruach daoibh. ” Tamall ina dhiaidh sin shiúil an triúr acu isteach thar thairseach an tí. Bhí Eoin ina shuí in aice na tine agus seanfhear nach raibh aige ach cos amháin ina shuí ar an leaba a bhí sa chlúid agus péire croisíní ina seasamh in éadan an bhalla. Bhí sé soiléir d ’ Fheadaímó gur táilliúireacht a chuaigh ar aghaidh sa teach seo. Bhí fuinneog mhór ar an bhalla cúil, rud a bhí aisteach go leor, agus tábla in aice na fuinneoige. Bhí siosúir, bata tomhais, téip, agus snáthaidí ar an tábla. Bhí brístí crochta ar rópa a bhí ceangailte leis na rachtaí. Cuid acu stróicthe agus cuid eile acu le paiste úra orthu. Bhí cúpla cóta agus seaicéad amháin crochta ar chrúcaí éadaigh ar an bhalla tosaigh. Bhí lochta ar chlé agus faoi sin bhí doras eile a bhí foscailte agus chonaic Feadaímó go raibh seomra beag ansin agus beartaí d ’ achan chineáil éadaigh ann. “ Tá cuma ar an áit seo gur fear gnóthach thú, a Chondaí, ” arsa Feadaímó. “ Bhail leoga, a ghasúir, tá corr lá ann is cha ngeobhaim deis mé fhéin a thochas. Thóg Condaí píopa ón seilf beag in aice na tine. Bhí an tine coigilte don oíche ach thóg sé amach aibhleog bheag dhearg leis an maide briste agus las sé an píopa. “ Seo chugat, a Eoin, ” a dúirt sé, agus chaith sé builcín tobac chuige. “ Líon do phíopa agus ná bí ag amharc orm mar a bheadh madadh a chaill a chnámh. ” “ Go mbeidh Dia sa choirnéal agat i gcónaí, a Chondaí, cha deachaigh smid toite thar mo theanga le mí anuas, ” arsa Eoin agus é ag gearradh an tobac le scian bheag phóca a bhí aige. Shín Condaí an aibhleog chuige agus las sé an píopa dó. “ Cad é fán bheirt agaibhse? A dúirt sé. “ Tá mo phíopa caillte ’’ arsa Micí, “ ó léim mé isteach san abhainn an lá fá dheireadh. Chan tubaiste mhillteanach ar bith a bhí ann mar char amharc mé ar thobac le tamall anois. ” Thóg Condaí píopa beag eile agus shín se é chuige. “ Rann é eadraibh ” a dúirt sé, agus é ag rácáil na tine. Chuir Aobhá tuilleadh móna ar na haibhleoga agus sula i bhfad bhí tine bhreá thíos acu. “ Déanfaidh mé braon bracháin daoibh, ” a dúirt sí. “ Cha ghlacann sé an fhad sin uilig. ” Shuigh siad ansin go socair suaimhneach ag caitheamh na bpíopaí gan focal eatarthu gur chuir Aobhá babhla mór bracháin ar ghlúin achan fhear. “ Bhail anois, ” arsa Micí, nach againn atá saol an mhadaidh bháin. Díon os ár gcionn, tine bhreá sa teallach agus brachán den scoth againn le hithe. ” “ Ceart agat, ” arsa Feadaímó, is fada an lá é ó bhí foscadh ón spéir san oíche againn. ” “ Agus cad é ’ n sórt siúil atá oraibh, ” arsa Aobhá, “ más amhlaidh an cás? Chan bacaigh bóthair ar bith sibh agus a leithéid de chapaill libh. ” “ Arú anois, a Aobhá, ” arsa Condaí, “ níl muidinne ag iarraidh fios a ngnóithe. Cibé c ’ as a dtáinig siad nó cén bealach a rachaidh siad cha ndéanann sé difir ar bith dúinne. ” D ’ amharc sé ar Fheadaímó agus aoibh ar a aghaidh. “ D ’ inis Eoin domh go raibh culaith de shórt éigin a dhíobháil ortsa. Caithfidh mé a rá go nglacfaidh sé slat nó beirt sa bhreis le tusa a chlúdach. Inis domh anois cad é go díreach atá a dhíth ort.? “ Níl rud ar bith róluachmhar a dhíth air, ” arsa Micí. “ Culaith a bheadh ar Second Mate sa chabhlach atá uaidh. ” “ Maith go leor ’, arsa Condaí, tabhair amach an rolla bréidín donn, a Aobhá, sílim gur sin an stuif ceart dó. Amharcóidh sé maith go leor agus rud eile de, mairfidh sé. Anois, a fhir óig, cuidigh liom seasacht agus déanfaidh me tú a thomhas. Chuir Feadaímó an babhla ar an urlár agus thóg sé Condaí amach as an leaba mar a bheadh bábóg ann. Choinnigh se greim air le lámh amháin agus thóg sé na croisíní lena lámh eile. “ Maith thú, ” arsa Condaí, agus chuaigh sé a fhad leis an tábla. Tháinig Aobhá isteach ón seomra beag agus an bréidín léi. Thóg Condaí teip agus d ’ iarr sé ar Fheadaímó seasacht lena lámh amuigh. Thosaigh sé ag tomhas agus ag scairteadh amach uimhreacha d ’ Aobhá. Bhí dúch i mbuidéal ar an tábla agus scríobh sí na huimhreacha le cleite i leabhairín beag. Cheistigh sí ceann de na huimhreacha agus phléasc Condaí amach ag gáire. “ Tá mé ag insint duit, a Aobhá, agus thomhais mé na gualainneacha dhá uair le bheith cinnte. Tá fathach inár measc. ” D ’ amharc sé ar Fheadaímó nuair a bhí sé críochnaithe. “ De ghnáth, a fhir óig, chaithfinnse amach dhá chulaith sa tseachtain ach ghlacfaidh sé cúigear nó seisear de laethanta fada culaith a dhéanamh duitse. ” “ Is féidir leis tú a íoc más sin atá ag cur isteach ort, a Chondaí, ” arsa Micí. “ Chan ea, ” arsa Condaí agus é ar a bhealach ar ais chuig an tine. Shuigh sé ar an leaba agus chuir sé na croisíní in éadan an bhalla. “ Sé ’ n eagla atá orm ná go bhfuil na hÚdaráis sa tóir oraibhse agus cén áit a dtig libh dul i bhfolach go dtí go bhfuil mé réidh. Cha dtig libh fanacht anseo mar bíonn daoine amach is isteach achan lá liom. ” “ Nach dtiocfadh leofa fanacht san uaimh, a Dhaid, ” arsa Aobhá, chan fheicfeadh duine ar bith iad istigh ansin. ” Bhí aoibh ar a haghaidh agus í ag amharc ar Fheadaímó. Chonaic Condaí na súile ceangailte le chéile ag an bheirt agus chan róshásta a bhí sé. Cha dtiocfadh maitheas ar bith as seo agus gheall sé do fhéin go mbeadh an chulaith déanta taobh istigh de cheithre lá aige. D ’ oibreodh sé lá agus oíche leis an sprioc sin a bhaint amach. Maith go leor, ach in ainm Dé, a fheara, ná bígí le feiceáil i rith an lae in am ar bith. Cha bheadh a fhios agat cé a bheadh ag buaileadh isteach chugamsa le péire bríste nó léine a fháil. Beidh tuilleadh sa chéad eagrán eile. Proinsias Ó Cuilinn
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3