Guth Ghoill, Eagrán 48

Eagrán 48 Meitheamh 2014 7 Cluain tSaileach (ar leanstan) Muintir Mhicí Dhonchaidh (Muintir Uí Ghallchóir). Tá an Chloich Bháin, atá ina cuid de bhaile fearainn Chluain tSaileach ina suí thíos ar bhruach na Maoil Ruaidhe. Tuairim is céad slat ar an taobh eile de theach Jimí Dhonchaidh Mhicheáil ar an phríomhbhóthar glacann tú an bealach síos ar dheis. Thíos anseo bhí cónaí ar Mhuintir Uí Ghallchóir nó muintir Mhicí Dhonchaidh mar ab fhearr aithne orthu tráth den tsaol. Tógadh cúpla glún sa teach beag te teolaí seo agus is anseo atá cónaí go fóill ar Phadaí Ó Gallchóir (Padaí Neidí Mhicí Dhonchaidh) fear a bhfuil cuid mhaith den tsaol feicthe aige agus atá ar ais ar an tseanfhód agus ina shuí go seascair sa teach inár tógadh ann é. Níl cónaí ar bith anois sa dá theach a bhí cóngarach dóibh, sin teach Stephen Jack agus teach John Pheigí. Bhí Donchadh, sinseanathair Phadaí, pósta ar an Chloich Bháin agus bhí ceathrar clainne aige – Madgie, a bhí posta i gCluain tSaileach ar Mhicheál Mac Giolla Bhríde; Neidí, a chuaigh go hAlbain; Micí, a bhí pósta ar an Chloich Bháin agus Antoin, a chuaigh go Meiriceá. Bhí Micí pósta ar Chití Ní Ghallchóir (Cití Bhán) deirfiúr le John Bán Ghallchóir as an Ghlíob agus bhí clann mhór acu, an chloigean déag ar fad de réir daonáireamh na bliana 1911. Bhéarann an daonáireamh le fios go raibh beirt acu marbh. D ’ fhéadfadh sé go raibh Hughie marbh fán am sin ach níl barúil ar bith againn an gasúr nó girseach a bhí sa duine eile a fuair bás. Bhí seisear mac acu, Paidí, Hughie, Johnny, Dinis, James agus Neidí agus ceathrar iníonach, Máire, Bella, Roseann agus Ellen. Rugadh Paidí thart fá 1876, cha raibh an tsláinte go maith aige agus fuair sé bás óg, cha raibh sé mórán le daichead bliain nuair a fuair sé bás. Chuaigh Johnny , a rugadh 1881, go Meiriceá agus char phill sé ariamh. Fuair sé bás i gCalifornia i mí Iúil 1967. Rugadh Hughie thart fá 1871. Chuaigh Hughie go Meiriceá fosta áit a raibh sé ag obair ar na bóithre iarainn. Fear téagartha láidir a bhí ann. Tharla achrann san obair lá amháin áit a deachaigh Hughie le tarrtháil a thabhairt ar dhuine de na fir a rabhas ag tabhairt drochbhuaileadh dó. Tamall ina dhiaidh sin fuair an té a bhí ciontach as an achrann barra iarainn, chuir sé é isteach i stocaí agus bhuail sé Hughie i gcúl an chinn leis. Cha dearn sé a dhath maith níos mó ina dhiaidh sin, tháinig sé ‘ na bhaile agus fuair sé bás sa bhaile go luath ina dhiaidh sin. Sa bhliain 1874 a rugadh Dinis . Is ar Albain a thug Dinis a aghaidh agus ba ansin a fuair sé bás. Thug James saol fada leis, rugadh é timpeall 1885 agus fuair sé bás i 1977 in aois a dhá bhliain déag agus na ceithre scór. Bhí sé pósta ar an Chloich Bháin ar Sophia Ní Shibhleáin (Sophia Pharrtholáin), pósadh iad 1913. An chloigeann déag de chlann a thóg siad, seisear mac agus cúigear iníonach. Bhí aithne mhaith ag an phobal ar Hughie Rua duine de na mic mar gur chaith sé a shaol ag obair ar chúrsa gailf Ros na Binne. Duine modhúil, suaimhneach, neamhurchóideach a bhí in Hughie agus bhíodh sé le feiceáil an chéad rud maidin Samhraidh ag siúl ar na ‘ greens ’, ag cur bail orthu, ag scuabadh nó ag gearradh agus a bhfágáil in ord don lá. Rinne sé fhéin agus Patrick Dhonchaidh Phaidí Ó Buaidhe, a d ’ oibrigh ina chuideachta ar an chúrsa, éacht ina n - am nuair a chuireann tú san áireamh nach raibh gléasanna ná treallamh nua - aimseartha ar bith acu ar chúrsaí gailf san am sin, mar atá anois. Is léir go raibh lámh mhaith acu ar a gceird agus an - eolach ar a gcuid oibre mar go raibh an cúrsa gailf in ord den scoith acu i gcónaí. Tá an chlann seo uilig ar shlí na fírinne anois. Ba Neidí an duine ab óige den chlann agus rugadh é sa bhliain 1892, ar an lá céanna ar pósadh a dheirfiúr Máire ar Mhicheál Ó Brógáin as an Mheall Mhór. Rinne Neidí cónaí sa teach inár rugadh ann é ar an Chloich Bháin. Phós sé Ellen Nic Giolla Bhríde (Ellen Mhicí John) as Gort na Luchóg agus bhí beirt chlainne acu, Paidí (atá ansin sa teach anois) agus Máire a bhfuil an chuid is mó dá saol caite aici amuigh in Chicago. Fear léannta a bhí in Neidí agus d ’ imigh sé go Londain ina fhear óg. Chuaigh sé isteach sna póilíní i Londain agus i ndiaidh do cúpla bliain a chaitheamh ansin mar bhleachtaire chuaigh sé isteach i gColáiste Mairnéalachta (Naval College) agus cháiligh sé mar Oifigeach Cabhlaigh. Bhí an bád a raibh sé uirthi istigh i mBaile Átha Cliath agus bhuail tinneas Neidí agus tháinig sé ‘ na bhaile. Ba seo le linn Cogadh na Saoirse in Éirinn agus chuaigh Neidí isteach san IRA. Nuair a bhí an cogadh thart fuair Neidí pinsean an IRA. Fear suaim- Neidí ina phóilín i Londain

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3