Guth Ghoill, Eagrán 48

Eagrán 48 Meitheamh 2014 8 hneach, múinte agus lách a bhí in Neidí agus deir Pa- daí nár leag sé lámh air ariamh agus é ag éirí aníos. Fuair Neidí bás ag Samhain na bliana 1977. Na Deirfiúracha. Rugadh Bella sa bhliain 1878 agus sa bhliain 1906 phós sí fear as Barr na Sráide a raibh Daniel Doherty air. Tá Barr na Sráide ar an Chloigeann in aice an bhealaigh mhóir agus tú ar an bhealach ‘ na Ghleanna. D ’ imigh siad go Londain agus chuaigh seisean isteach sna póilíní, (London Metropolitan Police). Bhí triúr clainne acu, Máire, Charles agus Hugh. Nuair a chuaigh Daniel agus Bella ar scor (retired) shocraigh siad a dhul a chónaí i gCallan, Co. Chill Choinnigh. Rugadh Máire 1873 agus bhí sí pósta, mar atá luaite agam, ar Mhicheál Ó Brógáin, as an Mheall Mhór. Bhí dhá chloigeann déag de theaghlach acu, Hughie, Paidí, Rose, Máire, Bridget, Bella, Anton, Johnny, Cití, James, Margery agus Micí. Chaith Hughie agus Johnny a saoil ar an Mheall Mhór ag iascaireacht agus ag feirmeoireacht. Bhí Johnny pósta ar Sarah Dhoimnic (Ní Ghallchóir) as an Mheall Mhór fosta. Bhí ceathrar clainne acu Máire, Dinis, Antoin agus Margaret. Tá Dinis pósta agus cónaí air i gCarraig Airt; tá Máire agus Margaret pósta agus cónaí orthu i mBaile na nGallóglach agus tá Anton ar shlí na fírinne le traidhfil maith blianta. Phós Hughie Máire Thuathail (Nic a ’ tSaoir) as Baile na Deora. Cha raibh teaghlach ar bith acu. Sa bhliain 1965 bhí an bád a raibh Hughie ag iascaireacht bradán uirthi caillte ar feadh cúpla lá. Ba seo bád Willie Cullen, an Pride of Mulroy. Bhí Nead Carr (Nead John Nochaí) agus Anton Mac Giolla Bhríde (Anton Shuss) ag iascaireacht uirthi fosta. Thosaigh an t - inneall a thabhairt buairimh agus stop sé sa deireadh agus b ’ éigean dóibh seol a chur suas ach bhí an aimsir comh dona sin go raibh deacrachtaí acu an mórthír a bhaint amach. D ’ éirigh leo sa deireadh thiar thall a theacht i dtír i gCúl Damhach (Culdaff) agus is cinnte gur faoiseamh mór a bhí ann dá muintir agus don phobal áitiúil a bhí go mór fríd a chéile ag an eachtra mar gur shíl siad iad a bheith caillte. Ba ar bhád Jimí Mac Eiteagáin (Jimí Antoin) a chaith Johnny tréimhse fada ag iascaireacht. Chaith a ndeartháir James a bhí pósta ar Mháire Ghráinne (Nic Giolla Bhríde) i Ros na Binne tréimhse fada mar innealtóir ar an ‘ Carrigart ’. Rinne sé tréimhsí iascaireachta fosta ar bhádaí le Hughie Óg, - an ‘ Pious and Jude ’ agus an ‘ St. Columba ’. Cúigear clainne a bhí acu, Máire, Johnny, Madge, Sarah agus Mary Agnes. Bhí beirt de chuid girseacha Mhicí Dhonchaidh pósta i nDumhaigh, sin Ellen a bhí pósta ar John Mac Pháidín, (John Enda) agus bhí Rosie pósta ar John Mac Pháidín eile, John Dowdie mar ab fhearr aithne air. Bhí John Enda ina uncail ag John Dowdie. Rugadh Ellen timpeall na bliana 1888. Bhí deichniúr de chlann aici fhéin agus John Enda. Bhí Aindí, Hughie, Máire, Micí, Rosie, Pádraig (an sagart), Manás, Bella, Gráinne agus Cití. Bhí aithne mhaith againn uilig ar Mhicí mar gur chaith sé a shaol i nDumhaigh i dteach úr a tógadh in aice an tseantí. Bhí sé pósta ar Mhargaret Campbell as an Chratlach agus bhí beirt de chlann acu Máire agus Pádraig. Bádh Pádraig go tragóideach i 1993 agus tá Micí agus Margaret ar shlí na fírinne anois fosta. Tá cónaí ar a iníon Máire sa teach i gcónaí. Bhí croí Mhicí san fharraige agus chaith sé páirt mhaith dá shaol ag iascaireacht gliomach. Leoga b ’ iomaí coirnéal teann ar éirigh leis fhéin agus lena bhád éalú as. Bhí lá amháin, go háirithe, ag Pointe Dhumha ar éirigh leis a theacht slán i ndiaidh smionagar a bheith déanta dena bhád ar na carraigeacha. Scríobhadh leabhar sa bhliain 2000 darbh ainm ‘ One Man and his Boat ’ agus cibé áit a bhfeicfinn an teideal scríofa smaoineoinn ar Mhicí John Enda, é ag teacht amach as an Chorrach lena bhád bheag agus é ag imeacht soir Bháidh Thrá na Rossan ar thóir a chuid gliomach. Duine fial, garach agus lách a bhí in Micí agus bhí neart comhrá ann. Beirt mhúinteoir a bhí in Bella agus Rosie. Theagasc Bella i Scoil Dhoire a ’ Chasáin agus ansin i Rath Bhotha agus theagasc Rosie sa cheardscoil i mBaile na nGallóglach. Bhí Rosie pósta ar James Fisher. Pósadh Rosie Mhicí Dhonchaidh agus John Dowdie (John Mac Pháidín) timpeall na bliana 1910 agus Cití Bhán ina suí, a hiníon Ellen (máthair Mhicí John Enda) ar chlé, a hiníon Bella ar dheis agus fear céile Bella, Daniel Doherty i lár. (1932)

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3