Guth Ghoill, Eagrán 48
Eagrán 48 Meitheamh 2014 9 thóg siad a gclann sa teach breá sin ar an ard ag amharc síos ar thráigh Dhumhaigh. Seisear clainne a bhí acu, triúr mac – Micí, Mánas agus John agus triúr iníonach – Katie, Máire agus Sophie. D ’ imigh Micí nuair nach raibh sé ach timpeall ocht mbliana déag agus char phill sé ariamh. Chaith Manás páirt mhaith dá shaol in Albain, bhíodh sé anonn is anall ‘ na bhaile agus chaith John a shaol fán bhaile. Bhí Katie pósta ar John Cronin as Corcaigh agus bhí triúr clainne acu, Patrick, John agus Nóra. Bhí Sophie pósta ar Mhanás Ó Gallchóir as an Raplach agus fuair Máire bás óg go leor ina saol. Pádraig Ó Gallchóir /Padaí Neidí Mhicí. Beirt de theaghlach a bhí ag Neidí Mhicí Ó Gallchóir agus a bhean Ellen Mhicí John, (Nic Giolla Bhríde) ba sin Padaí agus Máire. Tá Padaí, mar a dúirt mé, ina chónaí ar an Chloich Bháin sa teach inár tógadh é fhéin agus a mhuintir roimhe ann agus tá a dheirfiúr Máire i Chicago, áit a bhfuil cuid mhaith dá saol caite aici. Chan inniu nó inné a chuaigh Padaí go scoil Mhíobhaigh, áit nár thaitin go rómhaith leis agus chan ar fhéin a bhí an locht ach an oiread mar go raibh sé disléicseach (dyslexic). Cuireann seo isteach ar chumas duine an léitheoireacht a thabhairt leis. Sa tseanam cha raibh mórán eolais ná taithí ag múinteoirí ar an fhadhb seo a bhíodh ag páistí lena gcuid léitheoireachta agus dar ndóigh d ’ fhulaing páistí agus múinteoirí dá bharr. Bhí sé breá ábalta ag figiúirí, comh ábalta sin gur chuir an comhlacht iompair lena raibh sé ag obair i Londain, blianta ina dhiaidh sin, é ar choláiste le cúrsa cuntasóireachta a dhéanamh. Ach fán am a raibh sé i rang a trí bhí suim caillte aige sa scoil. Go minic, in áit a dhul na scoile ba ghnáth leis a dhul ag caddyáil agus lena chinntiú nach bhfaigheadh Neidí ná Ellen amach ba ghnách leis 3d a thabhairt do Mháire sa dóigh is nach sceithfeadh sí air. Ba ghnách leis a bheith ag caddyáíl do bhean Chatherwood, seo úinéir an óstáin. Bhí Francie Beag Mac Giolla Bhríde ina ghalfaire gairmiúil (Professional) ansin ag an am agus ba ghnách leis ceachtanna gailf a thabhairt do bhean Chatherwood. Dhéanadh sí dearmad go minic ar an chomhairle a gheobhadh sí uaidh agus chuireadh sí ceist ar Phadaí cad é dúirt sé léithe mar go mbeadh Padaí ansin ag éisteacht nuair a bheadh sí ag fáil na gceachtanna. Agus mar a dúirt Padaí é fhéin, ‘ piocann tú achan rud suas nuair a bhíonn tú beag ’. Deireadh sí le Padaí ‘ Patrick, what did Francie tell me, what am I doing wrong? ’ Dúirt Padaí léithe lá amháin, ‘ Mrs Catherwood, you ’ re not getting your hips out of the road in time, you ’ re blocking the shot ’. D ’ amharc sí ar Phadaí agus d ’ fhás na súile ina cloigeann fhad is a bhí sí ag amharc air. Deir Padaí nach bhfuil difear ar bith, go bunúsach, Neidí Mhicí & Ellen Mhici John ar lá a bpósta le Hughie Ó Brógán ar chlé agus Maggie Mhicí John ar dheis.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3