Guth Ghoill, Eagrán 49

Eagrán 49 Nollaig 2014 13 Feadaímó Tá Feadaímó agus Micí ag fanacht in uaimh i ngleann beag in aice le Loch Éirne i bhFear Manach. Úsáideann Condaí, an táilliúir, an uaimh mar bhóitheach ach tá sé oiriúnach mar áit le dul i bhfolach ann. Tá Feadaímó ag fanacht go ndéanfaí Condaí culaith dó sula leanann siad ar aghaidh lena dturas go Gaillimh. Cha dtig leofa a n - aghaidheanna a thaispeáint taobh amuigh i rith an lae ar eagla go bhfeicfí iad. Tá Aobha, iníon Chondaí, i ndiaidh teacht isteach chucu le pota prátaí agus le huibheacha bruite. “ Bhail maith thú, ” a Aobha, arsa Micí, “ tá lá fada go leor orainn inár suí anseo gan bogadh. Ach rud amháin maith fán rud uilig, chan ocras a bheas orainn. ” Bhain Feadaímó an sliogán d ’ ubh agus thosaigh sé ag ithe. Bhí dhá lá caite acu anseo agus chan fhuair sé deis labhairt go príobháideach le hAobha go fóill. Rinne Micí cinnte de sin. Bhí a fhios aige go raibh Feadaímó faoi dhraíocht ag an chailín seo agus bhí sé den bharúil, go díreach mar a bhí a hathair Condaí, nach dtiocfadh maitheas ar bith as. Cha bheadh sa chailín seo ach dealg san fheoil d ’ Fheadaímó mar bhí an dlí sa tóir orthu agus cha bheadh lá suaimhnis acu go bhfaigheadh an bheirt acu amach as an tír. Choinnigh sé a shúil ar Aobha agus í ag cur bainne isteach i mbabhlaí dófa. Bhí Feadaímó ag amharc uirthi mar a bheadh gamhain óg ag amharc ar an ghealach. “ Cad é mar atá an chulaith mhór ag teacht ar aghaidh, a ghirsigh? arsa Micí. “ Eh? Cad é sin? ” a dúirt sí. “ An chulaith, ” arsa Micí, “ bhí mé ag cur ceiste ort fán chulaith. ” “ Ó, ” arsa Aobha, “ tá m ’ athair ag obair uirthi lá is oíche. Tá sé ag cur daoine ó dhoras ar na laethibh seo mar nach bhfuil faill aige fiú amháin labhairt leofa. ” “ Bhail, bulaí fir Condaí, ” arsa Micí, “ beidh do chulaith réidh am ar bith anois, a Fheadaímó agus beidh muid ar an bhealach arís. ” “ Nach millteanach an straidhn atá ort fá mo chulaithse, ” arsa Feadaímó. “ Cad é fá do chulaith fhéin? Shíl mé go raibh tú chun ceann a cheannacht sula dtéann muid áit ar bith. Nach tusa an fear a bheas ag déanamh na cainte má chuirtear ceist orainn am ar bith ” Thóg Micí práta as an phota agus é ag smaoiteamh. Bhí an ceart ag Feadaímó, cha raibh aon amhras fá dtaobh de. Bhí air culaith a fháil ach cad é ’ n dóigh is fearr le sin a dhéanamh? Bhí Baile an Irbhinigh cúig mhíle dhéag soir ó dheas uathu agus cha ghlacfadh sé an fhad sin uilig dó dul isteach ann le culaith a fháil. Dá bhfágfadh sé luath ar maidin thiocfadh leis a bheith ar ais roimh an oíche ach bheadh air Feadaímó a fhágáil anseo leis an chailín óg. Amharc amach, a Aobha, le do thoil, go bhfeicfidh tú an bhfuil duine ar bith thart, ” arsa Micí. “ An bhfuil tú chun imeacht anois? ” arsa Feadaímó. “ Níl mé, arsa Micí agus é ag éirí. “ Tá sé rómhall sa lá le dul áit ar bith. Imeoidh mé an chéad rud ar maidin. ” D ’ amharc Feadaímó ar Aobha agus bhí aoibh ar a haghaidh. “ Ní bheidh mé i bhfad, ” a dúirt sí agus í ag imeacht. “ Cá háit a rachas tú fá choinne an chulaith a fháil? ” arsa Feadaímó. “ Rachaidh mé isteach go Baile an Irbhinigh, ” arsa Micí. “ Níor chóir go nglacfadh sé an fhad sin uilig domh. Bhéarfaidh mé liom an capall ballach. Tá an stail agus an láir donn róchostasach i gcosúlacht. Bhail, go dtí go bhfuil na héadaigh cearta orainn cibé. ” “ Níl duine ar bith thart, ” arsa Aobha, agus í ag teacht isteach arís. “ Maith go leor, ” arsa Micí, agus d ’ imigh sé. Shiúl sé isteach sa teach agus chonaic se Condaí ag obair go díograiseach ar chulaith Fheadaímó. “ Caithfidh mise dul agus culaith a fháil domh fhéin, a Chondaí, ” ar seisean agus é ag tógáil bosca snáthanna de chathaoir. “ Isteach go Baile an Irbhinigh an áit is fearr, ” arsa Condaí. “ Sin an rud a dhéanfas mé, a Chon- daí, ach tá rud amháin ag cur isteach orm. ” D ’ amharc Condaí air agus drann ar a aghaidh. “ Chan amadán ar bith mé, ” a dúirt sé. “ Chonaic mé an dóigh a raibh an fear óg sin agus Aobha ag amharc ar a chéile. Coinneoidh mise súil orthu ná bíodh eagla ar bith ort. ” “ B ’ fhéidir nach mbeadh sé rófhurasta sin a dhéanamh is tú chomh gnóthach is atá tú, ” arsa Micí. “ D ’ inis muid an scéal duit agus tuigeann tú go gcaith- fidh an bheirt againn fáil amach as an tír nó crochfar muid. Char mhaith liom go mbeadh Aobha gortaithe ar dhóigh ar bith. ” “ Má leagann sé lámh ar mo iníon scaoilfidh mé é, ” arsa Condaí. “ Cha dtuigeann tú mé ar chor ar bith, ” arsa Micí. “ Is fear uasal é Feadaímó agus tá Aobha sábháilte go leor leis ach tá siad óg agus síl- eann siad fhéin fán am seo go bhfuil siad i ngrá lena chéile. B ’ fhéidir go mbeadh sé ag iarraidh go dtiocfadh sí leis go Meiriceá agus chan …..” “ Stad, ” arsa Condaí le fearg agus chaith sé na brístí a bhí sé ag fuáil ar an tábla go tobann “ Aobha ag dul go Meiriceá le fear atá faoi bhagairt an chrochta? Bíodh ciall agat. Is cuma liomsa fá cad é a rinne sibh, níl grá ar bith agam do na hÚdaráis, ach níl agam sa domhan anois ach Aobha, agus déanfaidh mé cinnte go bhfaighidh sí an fear ceart di fhéin. Imigh agus abair léi teacht isteach anseo lom láithreach. ” Chonaic Micí gur fear é Condaí a raibh crógacht agus righneas ann agus mheas sé go mbeadh sé ábalta srian a choinneáil ar a iníon, rud nach raibh sé fhéin ábalta a choinneáil ar Fheadaímó. “ Coinnigh thusa ag obair ar an chulaith sin, ” a dúirt sé, “ is gheobhaidh mise Aobha duit. ” Chuaigh sé isteach sa scoilt agus é ag scairteadh. “ A Aobha, a Aobha, tá d ’ athair do iarraidh. ” Cha dtug sí freagair ar bith air agus nuair a chuaigh sé isteach san uaimh chonaic sé nach raibh siad ann. Bhí an stail ar shiúl fosta. “ Bhail, scrios Dé ar an fhear sin, ” a dúirt sé leis fhéin. Bhí Feadaímó ag cur achan rud i gcontúirt anois de thairbhe an chailín óig seo. Cad é a bhí sé dul a rá le Condaí? Bhí Feadaímó agus Aobha ar dhroim na staile agus iad ag dul siar níos doimhne sa ghleann. Cha raibh faill acu diallait a chur ar an chapall ach mar sin fhéin bhí sodar breá gasta leo agus iad ag iarraidh fáil a fhad leis an choill. Bhí lámha Fheadaímó ar na srianta agus Aobha os a chomhair. D ’ amharc Feadaímó thart go bhfeicfeadh sé an raibh duine ar bith á leanstan ach bhí an taobh seo den ghleann acu fhéin. Cha raibh tithe ar bith ar an chosán agus sula i bhfad shroich siad an choill. “ Lig

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3