Guth Ghoill, Eagrán 49
Eagrán 49 Nollaig 2014 14 Feadaímó scread sonasach as, agus an stail ar stealladh cos in airde. “ Haaa, ” a scairt sé le lúcháir. ” Lig Aobha scread aistí fosta agus greim teann aici ar mhoing na staile. Chuaigh siad isteach faoi na crainn is achan gháire leo sular tharraing Feadaímó na srianta ar ais. “ Níl deifir ar bith orainn anois, ” arsa Feadaímó, agus lig sé don stail a bhealach a dhéanamh go deas fadálach fríd na crainn. “ Shíl mé nach bhfágfadh Micí muid linn fhéin a choíche, ” arsa Aobha. Thosaigh Feadaímó ag gáire. “ Bhí an chuma sin air, ” ar seisean. “ Cha shílim gur chodail sé néal aréir is é mo choimhéad. ” Tháinig siad a fhad le sruthán beag agus léim Feadaímó den chapall. “ Goitse, a ghirsí ,” a dúirt sé agus a lámha amuigh, “ tá áit dheas anseo lenár scíste a dhéanamh. ” Léim Aobha anuas agus isteach i lámha Fheadaímó. Sheas siad mar sin tamall ag amharc ar a chéile agus sula raibh a fhios aige cad é a bhí sé ag déanamh thug Feadaímó póg di. D ’ imigh achan smaoiteamh eile as a chloigeann sa bhomaite sin agus é caillte go hiomlán i ndraíocht an chailín óig. Rinne Aobha iarracht tarraingt ar shiúl ach bhí barróg teann ag Feadaímó uirthi agus cha raibh sí ábalta bogadh. Sa deireadh d ’ agair sí air “ stad, a Fheadaímó, stad, ” agus sheas Feadaímó ar ais uaithi go tobann. “ Tá mé buartha, ” a dúirt sé, “ níl a fhios agam cad é a tháinig orm. ” “ Arú, na bí buartha, ” arsa Aobha, “ tá beirt againn ann. ” Shuigh sí síos in aice an tsrutháin, labhair sí agus brón ina glór. “ Cha raibh mise i m ’ aonar le fear ariamh, ” a Fheadaímó. Chan rud é nach raibh an deis agam. Cinnte choinnigh m ’ athair súil orm, ach cha raibh an suim sin ionam. Amharc anois orm, mé istigh sa choill le strainséir atá ar a theitheadh ón dlí. ” Shuigh Feadaímó ar an talamh in aice léi. “ An síleann tú gur strainséir mé? ” a dúirt sé. “ Is strainséir thú cinnte, ” arsa Aobha. “ Seo an tríú lá duit a bheith anseo agus níl a fhios agam rud ar bith fá dtaobh duit. ” “ Cad chuige ar tháinig tú liom mar sin? ” arsa Feadaímó. Chuir Aobha a lámh ar a aghaidh is d ’ amharc sí isteach sna súile air. “ Mar mhuscail tú rud éigin ionam, a Fheadaímó. Mothúchán nár mhothaigh mé ariamh. Ní thuigim cad é atá ag dul ar aghaidh istigh ionam ach cibé rud é, déanann tú dearmad d ’ achan rud eile. Imíonn eagla, tá a fhios agam go mbeidh m ’ athair ar mire liom. Imíonn ciall, cad chuige ar theith mé ón bhaile le fear ar dhroim capaill? Fear a bheas ag imeacht amárach nó anóirthear. Ach is cuma liom fá sin uilig. Cad chuige ar tháinig mé leat? Níl freagair ar bith agam don cheist sin, a Fheadaímó, ach tá mé anseo. ” “ Thóg Feadaímó lámh s ’ aici agus labhair sé go ciúin léi. “ Níl a fhios agam cad é le rá leat, a Aobha. Dúirt tú gur strainséir a bhí ionam ach thig liom rud inteacht a dhéanamh fá sin. Inseoidh mé an scéal uilig duit. ” Thosaigh sé ansin agus d ’ inis sé achan rud di ón am a d ’ fhág sé a chleamhnas fhéin i dTír Chonaill. Char lig sé rud ar bith amach cé go raibh sé náiriste fán dóigh a lig fabhtacht Shíle é síos i gcathair Dhoire. Bhí daoine marbh de thairbhe sin de agus ghoill sé ar Fheadaímó an scéal a insint. D ’ éist Aobha le achan fhocal is nuair a chríochnaigh sé an scéal bhí deoir ina súil. “ Ó, a Fheadaímó, ” ar sise, chan do lochtsa a bhí ann gur maraíodh daoine. ” “ Mo lochtsa a bhí ann gur chuir Síle an dallamullóg orm. Chuir sin achan rud bun os cionn agus fágadh mise san fhaopach. Tugadh rabhadh domh ach char ghlac mé leis agus seo anois an dóigh a bhfuil sé. Má bheirfear orm dhéanfar mé a chrochadh agus níl aon amhras fá sin. ” Chuir Aobha a lámha thart air. “ Más sin an cás, ” a dúirt sí, “ déan cinnte nach mbéarfar ort. ” Sin mar a bhí siad nuair a tháinig Micí orthu. “ Bhail, bhail, bhail, ” a dúirt sé. “ Nach deas suaimhneach an radharc é seo. ” Léim an bheirt acu ina seasamh go tobann. “ Cad é atá tusa ag déanamh anseo, a Mhicí, “ arsa Feadaímó. “ Tá mé anseo le rabhadh a thabhairt duit, ” arsa Micí go feargach. “ Anois, tá a fhios agam gur fear mór láidir thú agus nach bhfuil eagla ort roimh fhear nó fathach ach éist liom go cúramach. Tá fear nach bhfuil air ach cos amháin ag obair ar chulaith duitse, fear a thug foscadh agus bia dúinn agus tá sé ag iarraidh a iníon a fheiceáil. Geallaim duit go scaoilfeadh sé tú sula ligfeadh sé duit a iníon a ghortú. ” “ Thig le hAobha a rud fhéin a dhéanamh, ” arsa Feadaímó. “ Cha dtig léi, ” arsa Micí. “ Tá sí faoi chúram a hathar go dtí go bhfuil sí ocht mbliana déag. Bíodh ciall agat, a Fheadaímó. Lig d ’ Aobha dul ar ais chuig Condaí agus fág mar sin é. Imeoidh an bheirt againne amárach agus beidh deireadh leis. ” “ Fan bomaite, ” arsa Feadaímó, níl tusa …..” “ Fan thusa bomaite, ” arsa Micí ag briseadh isteach air. “ Fuair tusa rabhadh roimhe nuair a bhí bean i gceist ach rinne tú neamhaird de agus amharc an deireadh a tháinig de thairbhe sin de. In ainm Dé éist le comhairle mhaith an t - am seo. Caithfidh muid ár mbealach a dhéanamh go Gaillimh. B ’ fhéidir go mbeadh orainn dul i gcoimhlint le saighdiúirí agus níl dóigh ar bith a bheadhas muid ábalta sin a dhéanamh is cailín óg linn. ” Chuir Aobha a lámh ar ghualainn Fheadaímó. “ Tá an ceart ag Micí, a Fheadaímó, ” a dúirt sí. Caithfidh tú an tír seo a fhágáil, níl an darna rogha agat. ” “ Thiocfadh leatsa teacht liom, a Aobha, ” arsa Feadaímó. “ Cha dtiocfadh liom m ’ athair a fhágáil mar sin, ” arsa Aobha, agus deoir ina súil. “ Fosta, má tá mise libh ní bhfaighidh sibh a fhad le Gaillimh ar chor ar bith. Goitse, tabhair na bhaile mé. ” Beidh tuilleadh sa chéad eagrán eile.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3