Guth Ghoill, Eagrán 49
Eagrán 49 Nollaig 2014 15 T URAS F ADA Ó R ANSBORO GO N ORDKAPP . Nuair a bhí na cúig bliana agus trí scór sroichte ag fear na nDúnaibh Ciarán Mac Pháidin agus nuair a shocraigh sé é a cheiliúradh le turas gluaisrothair go Nordkapp, bhí barúil mhaith aige faoin dúshlán a bhí sé a chur air fhéin. Tá Nordkapp, an pointe is faide ó thuaidh san Eoraip lenár féidir leat tiomáint a fhad leis, ag 71 10’21” ó thuaidh. De thairbhe sin tá cuid mhór turasóirí meallta chuig an áit le trí chéad bliain agus comh luath agus atá an sneachta leáite agus na bealtaí móra glanta tchífidh tú gluais- rothaithe, rothaithe, daoine de shiúl na gcos agus daoine ag taisteal ar cibé gléas atá acu ag tabhairt a n-aghaidh ansin. Bheadh an turas seo go Nordkapp déanta ag cuid mhór gluaisrothaithe as Éirinn ach ‘sé an rud is iontaí faoin dúshlán a chur Ciarán roimhe fhéin, fear a bhfuil cónaí air i Sligeach anois le blianta fada, ná go raibh sé bliain agus na trí scór sular chaith sé a láirc thar shuíochán ghluaisrothair don chéad uair, am a mbeadh daoine eile ag smaoineamh ar an saol a thógáil go socharach. Nach iontach an rud é gur fhág sé ar a thuras go Nordkapp ón charrchlós chéanna ina bhfuair sé a chéad cheacht ar ghluais- rothar. Mhothaigh sé nach raibh áit níb fhearr le tús a chur lena thuras ná an áit ar baineadh croitheadh maith as le linn do a bheith ag luascadh thart roinnt blianta roimhe sin agus é ar a chéad iarrachtaí máistreacht a fháil ar an ghluaisrothar. D’fhág Ciarán Sligeach ar an 6ú lá de Mheitheamh agus thug an turas ar an bhealach amach go Nordkapp é ó Bhaile Átha Cliath go Holyhead, trasna fríd Shasana go Harwich agus as sin ar an bhád farantóireachta go Esbjerg sa Danmhairg. Bhí turas 2560Cm roimhe as sin go Nordkapp. Shroich sé Nordkapp ar an seachtú lá i ndiaidh dó Sligeach a fhágáil agus cé go raibh críocha níos faide ó dheas san Eoraip ag baint sásaimh as tréimhsí d’aimsir speisialta maith, bhí an aimsir fán am seo thar a bheith tioránta sna limistéir is faide ó thuaidh de na críocha Lochlannach. D’fhág an teocht íseal, na gálaí gaoithe, flichshneachta agus fearthainn an tiomáint iontach dúshlánach nuair a chuirtear san áireamh an fad bealaigh a bhí le déanamh achan lá. Leis an fhírinne a rá, ar an lá deireanach agus é ag teacht cóngarach do cheann scríbe, go háirithe agus é ag dul fríd na tolláin is faide, bhí an teocht ag athrú go rialta idir trí chéim agus naid, agus deir Ciarán gur airigh sé go raibh an fhuacht ina chontúirt agus é ag druidim le deireadh an turais. Tá Ionad mór Léirithe ag Nordkapp agus nuair a shroich sé an áit bhí na céadta veaineanna campála, busanna, gluaisrothaithe agus roinnt daoine de shiúl na gcos ansin cheana féin. Chan na radharcanna áille a mheallfadh tú an oiread sin san áit seo ach go díreach gurb é an pointe is faide ó thuaidh san Eoraip agus fosta áit mhaith le radharc a fháil ar ghrian an mheánoíche fán am sin den bhliain. Bhí a phríomh sprioc comhlíonta ag Ciarán anois agus dhírigh sé a intinn ar an turas na bhaile, turas a mheas sé a bheith ina mhalairt den turas amach ansin. I ndiaidh dó Nordkapp a fhágáil agus lá fada a bheith caite aige sa diallait agus é ar a bhealach fríd an Norbhuaidh agus an Fhionlainn ba mhór an preab agus an geit uafásach a baineadh as nuair a thug sé faoi deara go raibh a chrios airgid ina raibh a phas, a chuid cártaí airgid, a cheadúnas tiomána agus a chártaí campála caillte aige. Bhí a fhios aige gur bhain sé úsáid as 250Cm ar ais nuair a stop sé le díosal a fháil ach cha dtiocfadh leis a thuiscint cad é a tharla dó ina dhiaidh sin. Ag trasnú an Ciorcal Artach
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3