Guth Ghoill, Eagrán 49

Eagrán 49 Nollaig 2014 16 I ndiaidh dó cuid mhór glaochanna gutháin a dhéanamh chuig póilíní na Norbhuaidhe hinsíodh dó go raibh duine éigin i ndiaidh glaoch isteach chuig stáisiún póilíní áit éigin lena rá go bhfuair siad é ar an bhealach mhór ach cha raibh ainm ná uimhir teagmhála ag na póilíní don duine seo agus cha raibh d’ábhar dóchais acu ach an duine seo é a thabhairt isteach chuig an stáisiún póilíní áit éigin. Ar an drochuair bhí an stáisiún póilíní ar leith seo a bhí luaite 160Cm ar ais an bealach a bhí Ciarán i ndiaidh a theacht air agus cha bheadh sé foscailte go dtí i ndiaidh an deireadh seachtaine. Cé nach raibh Ciarán ag iarraidh a dhul ach an treo amháin fán am seo, sin na bhaile, thiontaigh sé ar ais isteach sa Norbhuaidh, rinne sé an turas 160Cm ar ais agus bhuail sé isteach chuig an stáisiún in Kautokeino mar gur hinsíodh dó gur chuig an stáisiún sin a rinneadh an glaoch gutháin. Dúirt an póilín a bhí ar dualgas, mar sin fhéin, nár bhuail duine ar bith isteach go dtí sin leis an sparán a bhí caillte. Mhothaigh Ciarán go mór in isle brí agus i mbarr a chéille fán am seo, chan mór an méid airgid a bhí fágtha aige le haghaidh bia ná breosla, gan aige i ndáiríre ach arán is uisce don deireadh seachtaine. Gan dóigh aitheantais a bheith aige cha dtiocfadh leis airgid éigeandála a tharraingt. Ach bhí duine inteacht ag coinneáil súil air mar go díreach agus é ar tí an stáisiún a fhágáil thug sé faoi deara go raibh a chrios airgid i lámha an chéad duine eile sa scuaine a bhí ar tí labhairt leis na póilíní. Ba mhór an faoiseamh dó é seo, fuair an fear seo a chrios airgid ina luí ar an bhealach mhór tuairim is cúig chiliméadar is fiche níos faide ó thuaidh ón tsráid- bhaile. Caithfidh gur thit sé de chúl a ghluaisrothar. Mheas sé fhéin go gcaithfidh sé, de thairbhe comh tuirseach traochta agus a bhí sé, gur fhág sé é ina shuí ar an diallait i ndiaidh dó an breosla a chur san ghluaisrothar. Cha raibh sa cheantar ina bhfuarthas an crios ach fásach ceart agus bealtaí móra fada agus ba mhíorúilt a bhí ann nár shleamhnaigh sé síos den bhealach isteach sna díogacha doimhne a bhí ar achan taobh den bhealach, áit nach bhfeicfí é a choíche arís. Chuaigh ionracas an fhir seo agus comh tapaigh agus a d’fhág sé an chrios istigh, an chéad deis a fuair sé, i gcion go mór ar Chiarán agus dhearbhaigh sé dó go raibh maitheas bunúsach beo go fóill amuigh ansin. Cé go raibh a chárta aitheantais aige anois bhí sé go fóill gann in airgead mar go raibh a chuid cártaí airgid curtha ar ceal aige ón am a bhí fhios aige go raibh siad caillte. Thug Ciarán a aghaidh ar an bhealach ó dheas fríd an Fhionlainn. Lá arna mhárach, lena phas, d’éirigh leis airgead éigeandála a tharraingt agus mhothaigh sé níos muinínigh anois. De thairbhe gur cuireadh an oiread sin moille air nuair a chaill sé a phas agus na hearraí luachmhara eile sháraigh air an bád farantóireachta ó Esbjerg na Danmhairge go Harwich i Sasana a fháil don turas ar ais. Mar nach raibh lóistín ar bith ar fáil ar bhádaí farantóireachta ag amanna níos moille cha raibh de rogha aige ach tiomáint ar ais an bealach fada fríd an Ghearmáin, an Olainn, an Bheilg, an Fhrainc agus isteach na Breatainne fríd an tollán Eorpach. (Eurotunnel). Bhí Ciarán ar ais sa bhaile i Sligeach ocht lá dhéag ón lá a d’fhág sé. Thiomáin sé fríd deich dtír éagsúil agus rinne sé cuid acu a thaisteal níos mó ná uair amháin. Bhí 8184 Cm curtha ar an chlog aige. Chuaigh sé go mór i dtaithí ar a bheith ag taisteal ar bhealtaí éagsúla: mótarbhealaí brúite (congested) na Breataine, córas lána 2+1 na Sualainne agus teora luais 90Cm na Norbhuaidhe gan a bheith ag caint ar comh faichilleach agus a b’éigean dó a bheith an fia agus an mús a sheachaint le coineascar sa tSualainn agus an scéin a bhaineas le bheith ag taisteal ar Autobahns na Gearmáine le linn fearthainn throm agus teora radhairc. Cé gur mhothaigh Ciarán an turas a bheith cruaidh agus deacair ó thaobh na hintinne de deir sé nár bhuail an tuirseacht é i gceart go dtí an lá i ndiaidh dó a theacht ‘na bhaile. Deir sé nach bhfuil a mhacasamhail de thuras a chur sa dialann aige go luath, cibé turas a dhéanfaidh sé amach anseo dhéanfaidh sé é ar a shuaimhneas! Nordkapp, Sea, bhí mé ann.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3