Guth Ghoill, Eagrán 49

Eagrán 49 Nollaig 2014 18 Coiste na mBailte Slachtmhara sna Dúnaibh Is ábhar pléisiúir domh é cuntas a thabhairt ar dhíograis agus ar shaothar na n - eagraíochtaí atá i mbun na hoibre a chuireann feabhas ar ár gceantar agus a chruthaíonn íomhá tharraingteach, mhealltach do leithinis Ros Goill. Tá dea - chruth an cheantair ina chúis bróid dúinn uilig agus guíonn muid gach rath orthu siúd atá ag obair go dian ar ár son. Ar eagla go sílfeadh daoine go bhfuil an scríbhneoir seo taobhach siocair gur as an áit é, seo cuid den mhéid a bhí le rá ag moltóir na mBailte Slachtmhara: Tá cuma dheas ar an scoil agus radharc den scoth ón suíomh seo chomh maith. Tá crot álainn anois ar an bhloc leithris agus é maisithe ag plandaí agus ag fógraí eolais a bhaineann leis na héanacha. Tá an togra seo ar cheann des na cinn is fearr a thug sibh faoi. Tá muid féin chomh cleachtaithe sin le bheith ag amharc ar an áit, an bhfuil seans ann nach bhfeiceann muid áilleacht an cheantair níos mó? Agus más rud é go bhfeiceann muid cuma dhóighiúil na leithinse an bhfuil léirthuiscint againn ar a ghlaine - a bhuíochas sin do na heagraíochtaí thuasluaite? Níonn an moltóir tagairt speisialta den Trá Bheag agus ní iontas ar bith sin mar is í an tseoid is luachmhaire atá againn. Tuairim an mholtóra arís ar Thírdhreachtú & Spásanna Oscailte : Admhaítear an obair fhiúntach a rinneadh sa charrchlós agus in áiteacha a luadh sa liosta den fhoirm iontrála. Thug mé cuairt, ar ndóigh, ar an trá agus chuaigh áilleacht na háite i bhfeidhm go mór orm. Is dóigh liom gur ceann des na tránna is áille sa tír í agus nach mór an tarraingt turasóireachta í. Má ghlantar an trá gach maidin agus gach tráthnóna cheapfá gur leor sin, ach tuigeann muid ó bhur gcuntas go bhfuil gá le baill an choiste dul ar phatról agus bruscar a bhailiú. Maith sibh go bhfuil postaeirí frith - bhruscar curtha in airde agaibh agus is cabhair í sin. Ag deire is ar an bpobal a bhraitheann sé a gcuid bruscar a smachtú. Nach bhfuil feabhas mór tagtha ar Chéidh na nDúnaibh le tamall beag anuas - an bád beag lán bláthanna, an t - ancaire agus an phlásóg bheag mhealltach ar thaobh an bhealaigh? Agus muid thiar ag an chéidh, tá ard - mholadh tuillte ag Ard na nEangach agus an cruth gleoite atá air ó cheann

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3