Guth Ghoill, Eagrán 49

Eagrán 49 Nollaig 2014 19 ceann na bliana. Nach deas an suíomh beag úr lena bhinse picnice agus suíocháin agus é crochta faoi bhinn an ardáin? Is tairbheach an obair í seo mar is suíomh lárnach é an cheathrú seo, a tharraingíonn an - chuid cuairteoirí agus tá sé tábhachtach go n - amharcfadh sé go maith. Faoin teideal Bainistiú Acmhainní agus Dramhaíola Inbhuanaithe (Sustainable Waste and Resource Management), bhí seo le rá ag an moltóir: Tá an - mholadh ag dul don choiste as ucht na hoibre atá ar siúl agaibh agus tabhairt faoi Bhainistiú Acmhainní. Is breá go bhfuil comhoibriú maith ó Chomhairle Contae Dhún na nGall agus treoir á fháil ar chonas bhur gcuid múirín a smachtú. Is maith go bhfuil córas maith poiblíochta ar siúl agaibh chun an scéal a scaipeadh, mar is fadhb í seo do gach éinne agus gá le hiarracht phearsanta. An comhoibriú ón bhfoireann Fás chomh maith agus an dea - obair atá ar siúl acu leis na boscaí adhmaid a bheith déanta as ábhar athchúrsáilte. Obair dheonach í seo agus moladh ag dul do gach éinne. B ’ álainn an radharc í an flúirse bláthanna a chuaigh in araicis an mholtóra ag teach Davey agus é ag teacht isteach ó bhealach Charraig Airt. Is é tuairim an phobail nach bhfaca siad an sráidbhaile ag amharc chomh galánta riamh agus a d ’ amharc sé i mbliana agus déarfainn gur chuir an taispeántas bláthanna iontach seo, chomh maith leis na ceapacha bláthanna agus ceapacha fraoigh eile ar fud an bhaile, go mór le híomhá dearfach na slachtmhaireachta. Seo an méid a bhí le rá faoi na Bóithre Isteach, Sráideanna & Lánaí: Tá an príomh bhealach ó Charraig Airt iontach mealltach. Tá an line de bhláthanna ar an bhalla anseo sainiúil agus ord agus eagar den scoth ortha. Dá bhfeadfaí leanúint leis an gcaighdeán seo tríd an bhaile bheadh ceiliúradh agaibh. Ag an ghabhlóg anseo tá maisiúcháin de phlandaí áilne agus bhí bean i mbun oibre le linn na moltóireachta. Tugtar moladh daoibh as ucht úsáid na cloiche áitiúla atá chomh flúirseach tríd an bhaile. Tá an comhartha Fáilte go dtí Na Dúnaibh iontach deas. Nuair a thuigtear go bhfuair Na Dúnaibh 218 marc sa bhliain 2011, 219 marc sa bhliain 2012, 226 marc sa bhliain 2013 agus 241 marc i mbliana (2014) tchítear an feabhas atá tagtha ar na marcanna agus is luach saothair é seo atá tuillte go maith ag an choiste agus ag na hoibrithe araon. Nár lagaí Dia a lámha! Buaiteoirí ó Ros Goill ag an chomórtas “ Deis a Labhartha ” ag Éigse Sheáin Bháin i mBaile na Finne ar 22 Samhain, 2014 Comórtas Rang 1 & 2 Labhaoise Nic Pháidín (An tríú háit ) Comórtas Rang 3 & 4 Ó dheis: Aobhá Pasoma (An chéad áit) agus Aoibhinn Ní Chonaill (An dara háit). Comórtas Rang 5 & 6 Aobha Ní Ghallchóir (An dara háit) Comórtas daltaí meánscoile sinsearacha Eimear Ní Threartaigh (An dara háit)

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3