Guth Ghoill, Eagrán 49

Eagrán 49 Nollaig 2014 2 A R T HAITHÍ O IBRE LE C ÉIM A NIAR Micheál Ó Coileáin is ainm dom. Tá mé sé bliana déag d’aois agus tá mé san idirbhliain i bpobalscoil Loreto i mBaile na nGallóglach. Is bliain roghnach an idirbhliain a thig leat a dhéanamh i ndiaidh an teastais shóisearaigh. San idirbhliain déanann na daltaí gach ábhar agus cuidíonn sin duit rogha na n-ábhar don teastas sinsearach a phiocadh. Bíonn modúil éagsúla i gceist agus ábhair nach mbeadh deis agat a dhéanamh sna gnáth bhlianta, cosúil le hirisleabhar don scoil, a bheith páirteach sa chór, rang giotáir a dhéanamh nó rang Sínigh (Chinese). Chuir mé fhéin iarratas isteach le bheith ag obair ar an irisleabhar agus fuair mé post mar eagarthóir. Ciallaíonn sin go gcaithfidh mé gach alt a léamh agus eagarthóireacht a dhéanamh air sula dtéann sé isteach san irisleabhar. Tagann an Irisleabhar amach roimh dheireadh na scoilbhliana. San Idirbhliain caitheann gach dalta taithí oibre a dhéanamh gach Aoine agus rinne mise mo thaithí oibre le Céim Aniar. Thosaigh mé ag obair san oifig i Meán Fómhar agus beidh mé críochnaithe anseo ag an Nollaig. Faighim gach sórt taithí le Céim Aniar. Lear den am bím ag obair ar an ríomhaire ag déanamh póstaeir, ag obair ar an bhunachar sonraí agus ag cur ábhar le cheile do na ranganna. In amanna eile bím thíos sa choláiste ag obair le hábhar stáitse do na drámaí. Shocraigh mé ar Chéim Aniar do mo thaithí oibre mar bhí fhios agam an sórt oibre a bhí ar siúl acu. Ghlac mé páirt sna himeachtaí agus sna drámaí nuair a bhí mé ar an bhunscoil. Ceapaim gur chuidigh mo chuid ama ar thaithí oibre le Céim Aniar le mo chuid Gaeilge. Oíche Nollag Le coinnle na n-aingeal tá an spéir amuigh breactha, Tá fiacail an tseaca sa ghaoith ón gcnoc, Adaigh an tine is téir chun na leapan, Luífidh Mac Dé ins an tigh seo anocht. Fágaidh an doras ar leathadh ina coinne, An mhaighdean a thiocfaidh is a naí ar a hucht, Deonaigh scíth an bhóthair a ligint, a Mhuire, Luíodh Mac Dé ins an tigh seo anocht. Bhí soilse ar lasadh i dtigh sin na haíochta, Cóiriú gan caoile, bia agus deoch, Do cheannaithe olla, do cheannaithe síoda, Ach luífidh Mac Dé ins an tigh seo anocht. Máire Mhac an tSaoi Ba mhaith le Céim Aniar Beannachtaí na Nollaig agus Athbhliain faoi mhaise a ghuí oraibh uilig.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3