Guth Ghoill, Eagrán 49
Eagrán 49 Nollaig 2014 20 Féile Chéim Aniar 2014 Ghlac 124 páiste páirt i gComórtas Aithris Filíochta Chéim Aniar a bhí ar siúl Dé Sathairn, 6 Nollaig, in Áras Ros Goill, Na Dúnaibh. Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil leis na moltóirí, Michelle Nic Grianna agus Noel Ó Gallchóir agus le Meitheal Mhíobhaigh as an fhoirgneamh a chur ar fáil dúinn don lá. Tá moladh mór tuilte fosta ag na páistí uilig a ghlac páirt agus ag a dtuismitheoirí agus a múinteoirí a chuidigh leo fáil réidh don chomórtas. Seo thíos na buaiteoirí sna rannóga éagsúla: Naíonáin Bheaga & Naíonáin Mhóra Seán Pádraig Ó Canáin, Scoil Chill Mhic nÉanáin (An chéad áit - Corn Leaslaoi U. Lucas), Alex Ó Cuilinn, Scoil Dhuibhlinn Riabhach agus Gráinne Ní Bheaglaoich, Scoil a ’ Chaisil (An dara háit roinnte), Róisín Ní Fhíoruisce, Scoil Ghlasáin, agus Treasa Nic Eiteagáin, Scoil An Tearmainn (An tríú háit roinnte). Rang 3 & 4 Tómás Ó Canáin, Scoil Chill Mhic nÉanáin (An Chéad áit - Corn Raidió na Gaeltachta), Méabh Ní Dhubhthaigh, Scoil a ’ Chaisil (An dara háit), Ella Nic Eiteagáin, Scoil Chill Mhic nÉanáin agus Neamhain Ní Dhuagáin, Céim Aniar (An tríú háit roinnte). Rang 5 & 6 Aobha Ní Ghallchóir, Céim Aniar (An chéad áit - Corn Céim Aniar), Eibhlín Ní Bhaoill, Baile na Finne (An dara háit), Naoise Ní Dhuagáin, Céim Aniar agus Kara Ní Dhochartaigh, Scoil Ghlasáin (An tríú háit roinnte). Bhain Aobha an duais speisialta don iomaitheoir áitiúil is fearr chomh maith. Rang 1 & 2 Fionnuala Ní Bhaoill, Baile na Finne (An chéad áit - Corn na Comhairle Contae), Emma Nic Anna agus Máire Ní Chanáin, Scoil Chill Mhic nÉanáin (An dara háit roinnte), Mícheál Ó Mórdha agus Áine Ní Chonaill, Céim Aniar (An tríú háit roinnte).
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3