Guth Ghoill, Eagrán 49
Eagrán 49 Nollaig 2014 3 S IOPAÍ R OS G OILL SA T S EAN -A M Ar feadh tamaill bhig anuraidh ní raibh siopa ar bith oscailte anseo sna Dúnaibh agus chuir sin muid ag smaointiú ar na siopaí uilig a bhí sa cheantar san am a chuaigh thart. Tá muid ag bailiú eolais faoi na siopaí faoi láthair agus má tá pictiúir nó scéalta agaibh faoi na siopaí nó faoi na daoine a bhí ina mbun, bheadh muid buíoch dá gcuirfeadh sibh iad chugainn. Siopa Mhicí Mháire Ba é Micí Mháire (Ó Siadhail) a d’oscail an siopa seo i nDoire a’ Chasáin. Bhí muileann ag Micí uair amháin fosta thíos ag bun Mhallaigh an Mhuilinn ar thaoibh na láimhe deise, roimh an droichead agus bhí bacús aige thuas in aice le teach Dhoiminic O' Ceallaigh / Mary Friel, os cionn Chladach na nDúnaibh. Bhí Micí pósta ar Chití Ruairí as Doire a’ Chasáin Beag. Cha raibh teaghlach ar bith acu. Fuair Micí bas leis an fliú mór in am an chéad chogaidh dhomhanda. Lean Cití leis an tsiopa agus chuir sí scéala chuig Julia Nic Pháidín, (iníon Johnny, deartháir a fear céile) teacht ag obair dí. Ba anseo a tógadh mic Julia, sin Jack agus Hugo Mac Pháidín. Mar atá le feiceáil ón pháipéar ceannchlóite a bhí acu ag an am, díoladh achan sórt stuif sa siopa seo, ó ábhar grósaera, éadaitheoireacht, pairifín, min d’achan sórt, gléis craolacháin, crua-earraí agus ábhar iascaireachta. I rith an gheimhridh, ba ghnáth le lear de mhuintir na háite teacht agus cártaí a imirt sa stór os coinne an tsiopa agus ba mhinic a bheadh achrann de thairbhe ceilte. Fuair Cití Ruairí bás i mí Aibreáin 1958 in aois 99 bliain agus 9 mí. Lean Julia leis an siopa agus ba mhinic a gheofá a deartháir, an t-Athair Seán Ó Siadhail agus é i rith an ama mar chigire eaglasta do Dheoise Rath Bhotha, ar chúl an chuntair sa tráthnóna nó ag an deireadh seachtaine, ag cló-bhualadh leabhair éigin agus ag díol earraí ag an am céanna. Bhí an siopa ag trádáil faoi ainm J & J Shields ar feadh blianta fada. Bhí suim í dtólamh ag an Athair Ó Siadhail i gcúrsaí iascaireachta agus san fharraige agus bhí sean tarchuradóir (transmitter) aige thall sa stór os coinne an tsiopa agus bhí sé ábalta labhairt le Charlie John Nochaí nuair a bheadh seisean amuigh ag iascaireacht ar an bhád “Ros na Cille." Sular tógadh Teach Pobail Stella Maris, ba mhinic a thagadh na comharsana chuig an Aifreann a bhí a cheiliúradh ag an Athair Ó Siadhail sa teach achan Domhnach. Sa phictiúr thíos tá Cití Ruairí, Manas a'Phost agus Mairín Nic Pháidín ar ghlún Chití taobh amuigh den siopa i nDoire a Chasáin sa bhliain 1947.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3