Guth Ghoill, Eagrán 49

Eagrán 49 Nollaig 2014 4 Go gairid i ndiaidh an guthán a bheith curtha isteach, tháinig fear de bhunadh na háite isteach sa siopa lá amháin agus d'iarr sé ar Julia scairt a chur ar an 'vit'. Bhí Julia ag plé le custaiméir agus dúirt leis imeacht síos go dtí 'n halla agus scairteadh air é fhéin. Nuair nár phill sé, chuaigh sí síos go bhfeiceadh sí caidé a bhí ag tarlú. Agus le linn dí a bheith ag tarraingt ar an láthair ina raibh an guthán, mhothaigh sí an bhéiceach. Nuair a d’oscail sí an doras, bhí m’fhear trí shlat on ghuthán agus é ag béicigh leis an ghuthán ar an tseilf, "are ya there vit, vit, are ya there”? Cha chreidfeadh aos óg an lae inniu nach dtiocfadh le fear fásta úsáid a bhaint as ghuthán. Sa bhliain 1961 chuaigh Julia agus Bídí Antain ar oilithreacht go Lourdes le Deoise Rath Bhotha agus ar an bhealach ‘na bhaile, bhí timpiste ag an eitleán agus tháinig sí anuas ar Bhóthar Swords in aice le hAerfort Bhaile Átha Cliath. Ádhúil go leor, tháinig achan duine slán. Cúpla seachtain ina dhiaidh sin, tháinig fear aráin as Leitir Ceanainn, Jackie Houston, isteach ’na tsiopa agus píosa den chabhail (fuselage) leis agus d’fhiafraigh sé dí ar mhaith léi giota de a cheannacht. Cha raibh sí i bhfad ag insint do caidé ba cheart do a dhéanamh leis! Nuair a ceapadh an t-Athair Ó Siadhail mar Shagart Paróiste i nGort a' Choirce in 1962, bhog Julia go Gort a' Choirce chun oibriú mar bhean a’ tí dá deartháir agus druideadh agus díoladh an siopa. Tá se anois ina theach cónaithe. Siopa Sheáin Mhóir Bhí Siopa Sheáin Mhóir i gCnoc an Dúin, in aice leis an Bhaile Úr, ag Clann Uí Ghallchóir. Sally agus a deartháir Micí is mó a bhíonn luaite leis an tsiopa, agus ina ndiaidh Johnnie agus Sarah Ó Dochartaigh. I dtús an fichiú aoise, bhí an siopa seo ag díol achan chineál earraí, bia, ábhar tógála, ola, éadaí, riachtanaisí feirme agus eile. Bhí seisear deartháir ag Sally, agus bhí beirt acu, Simon agus Hughie sna Stát Aontaithe ar feadh tamaill. Bhí Simon pósta le Hannah (as Doire), agus tháinig siad agus Hughie ar ais ‘na bhaile, agus is dócha gurb iadsan a thóg an teach dhá stór atá ansin go fóill. Bhí an siopa i dteach aon stór, ach leagadh an foirgneamh sin blianta ó shin agus níl rian de fágtha. Johnnie Ó Dochartaigh, Joe Campbell agus Sally Sheáin Mhóir Ina seasamh ó chlé tá John Den Dhonie, Peadar Ó Gallchóir (Deartháir Sarah), Johnny Doherty, Sarah Gallagher (Doherty) agus Mary McDaid. Ina suí tá Marcas Mac Laifeartaigh, Molly Gallagher (deirfiúr Sarah) & Barbara Doherty ar a glúin.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3