Guth Ghoill, Eagrán 49

Eagrán 49 Nollaig 2014 5 Bhíodh daoine fostaithe ag muintir Uí Ghallchóir, le cuidiú sa tsiopa agus sa teach. Ba as Doire Johnnie Ó Dochartaigh, agus tháinig sé le obair sa tsiopa, áit a raibh sé ar feadh blianta. Phós sé Sarah Ní Ghallchóir as Cnoc an Mharmair, a bhí muinteartha do mhuintir an tí, agus de réir a chéile, ghlac said cúram an tsiopa orthu féin. Bhí an siopa mar áit chruinnithe do na comharsana, agus bhí Johnnie fosta gníomhach le Cumann Peile na nDúnaibh agus bhíodh cruinnithe an chumainn sa tsiopa. Bhí veain bheag ag Johnnie, agus bhíodh sé ag dul thart ag díol eisc. Bhí ceathrar clainne ag Sarah agus Johnnie, Barbara, Terence, Máire agus Eileen. Fuair Sarah bás sa bhliain 1952, gan í ach 34 bliain d’aois. I ndiaidh a báis, d’éirigh Johnnie as an siopa agus chuaigh go Sasana le slí beatha a bhaint amach agus tháinig deirfiúr Sarah, sin Máire, le haire a thabhairt don chlann. Chuaigh an chlann uilig le múinteoireacht, agus tá Barbara agus Eileen i Londain agus Máire ar an Fhál Carrach. Bhí Terence ag teagasc i Sasana fosta, ach tháinig sé féin agus a theaghlach abhaile go Cnoc an Dúin sna ochtóidí. Fuair sé bás go tobann sa bhliain 1997. Eileen & Máire lena n - aintín, Máire, ar chúl an tsiopa i 1954. Sarah Ní Ghallchóir (Doherty) 1918 - 1952 Johnnie Doherty 1900 - 1971 Siopa Sheáin Mhóir Terence Pictiúr ó Fred Foulkes (Fear céile Barbara)

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3