Guth Ghoill, Eagrán 49

Eagrán 49 Nollaig 2014 6 Bhí dhá doras ar an Teach Pobail ag an am, ceann do na fir agus ceann eile do na mná. Ar mo chuid sála, bhí m'uncail, Pádraig Ann as Doire Chasáin, ina shuí i gcónaí taobh istigh den doras ar thaobh na bhfear agus é ag iarraidh gáire a bhaint asam. An tAthair Mac Pháidín a léigh an tAifreann de ghnáth, le mo chuimhne. Fear beag modhúil a bhí ann agus char choinnigh sé i bhfad muid. D'inis Denis Dhonnchadh Mhicheáil dom gurbh beirt as Cluain tSaileach, é féin agus m'athair, James Ann, a thóg an t-airgead fá choinne an chéad mhí ag na hAifrinn nuair a d'oscail an Teach Phobail i 1955. Chuir sé i gcuimhne dom, fosta, gurbh é tórramh a athar an chéad tórramh sa pharóiste nach raibh oirtheal tógtha aige, ag tús Mí na Márta 1970. Nuair a bhí an tAifreann thart, thosaigh an ruathar le fáil 'na bhaile, nó fhad le siopa Mhaggie Boyce i gCluain tSaileach ar chaoi ar bith. Rinne go leor daoine siopadóireacht na seachtaine an lá sin. Bhí toitíní agus tobac le fáil ag na daoine fásta agus bhí málaí losainseirí le fáil ag an mhuintir óg. Ghlac Maggie a ham le achan duine, bhí foighne go leor aici le muintir na háite. Bhí fhios aici go raibh am druid ann ag a haon a chlog agus go raibh an tráthnóna saor aici, an t-aon tráthnóna sa tseachtain a bhí aici di féin. Bhí teach airneáil ag Mary Phaddy Mhór agus a mac, Denis, dara doras agus is ansin a chruinnigh na fir uilig. Bhí fíor chorr charr thart san am sin, sé sin in m'am-sa agus am Fhionn Mhic Cumhaill, agus duine ar bith le bicycle, d'fhágtaí é ag barr mhalaidh Chluain tSaileach ar a mbealach siar chun an Aifrinn agus bheinn cinnte go mbeadh siad ag tóin Tigh Phaddy Mhór faoin am a bheinn-sa ag teacht thairis. Cha raibh páipéir nuachta ar bith á ndíol ag Maggie san am ach bhí nuacht úr ar bith a chuala siad á phlé agus á scaipeadh ann agus cha raibh gá ar bith le páipéir. Bhí callán agus craic i gcónaí fán teach sin ar an Domhnach. Cha raibh barraíocht deifre orm siar thar Bhearnaí an Char chun an bhaile i ndiaidh mo thuras. Bhí an tae le déanamh agus sula mbeadh dinnéar an Domhnaigh réidh, bhí an cúram céanna ag m'athair achan Dé Domhnaigh fan am seo, bhí an chlog le réiteach don tseachtain agus ina dhiaidh sin cuireadh tús le rotha mór an tsaoil go dtí an chéad Domhnach eile. Fia Ann An Domhnach Tá sé greannmhar go bhfuil a gcuid cuimhní féin ag achan duine ar a n-óige agus ar eachtraí a tharla ag an am agus ba é an Domhnach, a thuig mise, an lá ba thábhachtaí sa tseachtain san am. Bhí béim curtha ar an troscadh ag an am agus mar nach raibh Aifreann an tSathairn againn bhí troscadh le déanamh ón oíche roimh ré do dhuine ar bith a bhí ag smaoineamh ar an Chomaoineach Naofa a ghlacadh. Thosaigh an t-ullmhúchán don Domhnach i ndiaidh am dinnéir ar an Satharn tí s'againne nuair a bhí mé ag fás aníos. Is dócha go raibh sé mar an gcéanna in achan teach ag an am. Bhí an mhóin agus an t-uisce le tabhairt isteach, bhí na bróga le glanadh agus snas le cur ar an teach. Nuair a thiocfadh an tráthnóna, bhí an scála le tabhairt amach agus an ghruaig le ní. Nach raibh sé iontach an méid oibre a fuarthas amach as scála uisce ag an am. Is dócha go mbeidh aiséirí ar na scálaí anois nuair atá na táillí le díol againn ar an uisce. Chuaigh mise chuig Aifreann a deich a' chlog ag Bun Gáinne, Eaglais Stella Maris, ar an Domhnach de ghnáth. D'fhágfainn an teach ag a naoi ar maidin ach bheadh Paddy Mór Mhicí Rua ón Ghlíob ar shiúl an bealach mór romham i gcónaí. D'fheicteá do scáile ina chuid bróg leis an snas a bhí orthu agus é ag dul amach malaidh Chluain tSaileach. Anois, shíl mé i gcónaí gur chuir muintir Mhíobhuí ceann trasna ar mhuintir Chluain tSaileach nuair a rinne siad malairt ar an mhalaidh agus ar an Reilig. Tá an mhalaidh i Míobhuí agus tá an Reilig i gCluain tSaileach mar a shílim. Caidé do bharúil? Bhí an siúl sin siar an seanbhealach thar Chróbaí agus suas an Mhalaidh Mhór galánta ar lá maith ach bhí sé damanta go leor nuair nach raibh an aimsir ann. Ag tarraingt ar Theach an Phobail bheadh na gasúir altóra abhus ag an tobar beag fá choinne uisce na haltóra. Shuigh mé i gcónaí i suíocháin na bpáistí sa chéad ró ag taobh na haltóra. Bhí radharc maith agam ar achan duine ag teacht isteach 'na Tí Phobail ón suíochán sin. Bhí aithne súil agam ar achan duine ón Taobh Thiar cé nach raibh a gcuid ainmneacha ar bharr mo theanga agam mar a bhí agam ar mhuintir an Taobh Thoir. Eaglais Stella Maris Teach Phaddy Mhóir i gCluain tSaileach

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3