Guth Ghoill, Eagrán 49

Eagrán 49 Nollaig 2014 7 Coláiste Loch Súilí i nGleann Bharr Bunaíodh Coláiste Loch Súilí i sean - Scoil Náisiúnta Uí Ghallchobhair i nGleann Bharr i bhFánaid i dTír Chonaill leathchéad bliain ó shin cothrom i 1964. An bhliain roimhe sin bhí mé le meitheal múinteoirí ag teagasc sa Choláiste Samhraidh in Anagaire le Gordon Mac Giolla Fhinnéin. Meitheal as miosúr maith a bhí ins an fhoireann teagaisc sin. Chan amháin go raibh siad maith mar mhúinteoirí ach sula raibh an cúrsa sin thart bhí plean leagtha amach acu le coláiste úr - nua a thoiseacht i nGleann Bharr. Ba é Pádraig Mac Aodha, múinteoir óg bunscoile as Cluain Máine in Inis Eoghain a mhol coláiste Gaeilge a bhunú sa Ghleann, áit á bhfuair sé a bhunscolaíocht fhéin leis an Mháistir Dónal Mac Eiteagáin. Bhí clú agus cáil ar Dhónal mar mhúinteoir agus bhíodh páistí ar an scoil aige ó chian is ó chóngar de thairbhe a chlú sin aige. Is de thairbhe an eolais a bhí aige faoin Ghleann a rinne Pádraig a mholadh agus is é is mó ‘ ba chúis leis an choláiste ‘ bheith ann. Ar ndóigh is é Pádraig an chéad duine a bheirfeadh aitheantas do iarrachtaí gach duine eile a chuidigh ar bhealach ar bith. Arís is de thairbhe an eolais uilig atá ag Pádraig a d ’ iarr mé air alt a scríobh don iris seo. Ba i 1964 a leag mise cos ar Ghleann Bharr don chéad uair. Ainneoin gur ceantar deas é níor shíl mé go raibh sé comh deas le ceantair Ghaeltachta eile a raibh mé cleachtaithe leo, mar shampla, Ros Goill, Na Rosa nó Gaoth Dobhair. A mhalairt de scéal a bhí ann maidir le pobal na háite, áfach, mar níl a shárú mar phobal le fáil in áit ar bith. Mise ‘ ba lú den choiste bunaithe a chaith am i nGleann Bharr mar nach raibh mé ag teagasc ann ach i 1964 agus 1965. Pósadh mé agus ball eile den fhoireann teagaisc, Máiréad Ní Chonbhuí, i mí Iúil 1966 agus chuaigh an bheirt againn i mbun postanna agus cúramaí úra. Mar sin fhéin mhair an cairdeas idir muid agus daoine as an áit anuas go dtí an lá inniu féin. Bhí ábhar mór eile spéise agam féin agus b ’ shin an t - ainm Scoil Náisiúnta Uí Ghallchobhair. Chan é amháin siocair gur Gallchobhair mé féin ó thaobh na dtaobhanna ach hainmníodh deartháir dom féin i ndiaidh an Easpaig Uí Ghallchobhair sin, a bhí ina Easpag ní amháin ar Dheoise Dhoire ach a bhí ceaptha ag an Phápa ina leas - Phríomháidh ar an Eaglais don tír ar fad. De bhunadh Chonallach, bhí an tEaspag Réamonn (1521 - 1601) ar dhuine de sheisear Gallchobhairí ar a laghad a bhí ina n - easpaig ach ba é ba mhó clú de thairbhe an méid a rinne sé ar son na hEaglaise ag am a raibh géarleanúint mhillteanach ar siúl ina héadan, agus go háirithe fosta ar son an méid a rinne sé ar son a raibh fágtha de Chabhlach Armada na Spáinne. Tá cur síos an - fhairsing ar na rudaí seo uilig ar Thaifead Eaglasta na hÉireann agus tá tagairtí don Easpag Réamonn fosta in Annála na gCeithre Máistrí ach ní fios domsa go bhfuil a chuimhne ceiliúrtha in áit ar bith eile ach Gleann Bharr agus Doire, ar ndóiche, áit a bhfuil dhá leac cuimhneacháin ina chuimhne, taobh amuigh de theach Phobail Naomh Columba ag an Túr Fhada. Craobhacha den A.O.H. a thóg na leaca seo ag amanna difriúla. Ar cheann amháin de na leaca seo tá sé scríofa gur colceathair a bhí san easpag le hAodh Rua Ó Domhnaill. I ndiaidh bás an Easpag Uí Ghallchobhair, bhí Doire gan Easpag go ceann céad agus naoi mbliana déag. B ’ fhéidir gur ábhar sásaimh a bheadh ann dó go bhfuil comharsa dá chuid mar Easpag Dhoire, an tEaspag Dónal Mac Eoin, ag ceiliúradh seal a chaith sé i gcoláiste a bhí ar bun i Scoil Náisiúnta Uí Ghallchobhair. Chaith an t - Easpag Ó Gallchobhair cuid mhór dá shaol mar easpag ar a sheachaint ó shaighdiúirí Sasanacha. D ’ éirigh seo níos deacra de réir mar bhí sé ag dul anonn in aois agus sa deireadh thángthas air agus cuireadh chun báis é.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3