Guth Ghoill, Eagrán 50

Eagrán 50 Iúil 2015 10 Go luath ina shaol thosaigh se ag siul leis An Óige, agus as sin thosaigh se ag dreapoireacht ar na beanntracha i nGleann Da Locha, i gContae Chill Mhantain. ‘ Se an sceal a bhí ag a chairde na go raibh Émmett mall maidin amhain don bhus a bhí socraithe ag An Óige. Leim se ar bhus eile agus casadh fear og air a bhí ag dul ag dreapadoireacht, agus sin a mhuscail a shuim sa dreapadoireacht. An bhliain cheanna (1959), chuaigh se anonn go dtí na hAilp san Óstair, ait a chas se le Hans Lobenhoffer agus Ludwig Chicken, beirt dhreapadoir chailiula on Ghearmain. Duirt m ’ athair gur thug an bheirt Ghearmanach seo dearcadh ur do ar an dreapadoireacht, agus gur spreag siad an suim a bhí aige sa dreapadoireacht Alpach go dtí deireadh a shaoil. Ní dhearna Émmett dearmad riamh ar an chuidiu agus an tacaíocht a thug siad do nuair a bhí se ina dhreapadoir og, agus rinne se a dhícheall i gconaí i rith a shaoil cuidiu a thabhairt do dhreapadoirí oga mar aitheantas ar sin. Bhí Lobenhoffer agus Lutz Chicken i ngeibheann san Ind i rith an Dara Cogadh Domhanda le Heinrich Harrer, udar an leabhair Seven Years in Tibet , a bhí ina scannan cailiuil roinnt bliantaí o shin. Ach ní raibh moran measa ag an bheirt ar Harrer de reir cuimhne m ’ athair. Sa bhliain 1961 chuaigh Émmett go dtí Ailp na Fraince, agus bhain se fein agus Tony Ingram barr eadan thiar an Dru amach, an dreapadh ba chailiula a rinne Éireannach ar bith go dtí sin. D ’ fhill se go minic ar cheantar Chamonix agus Mont Blanc sna bliantaí ina dhiadh sin, agus d ’ eirigh leis cuid mhor buaic chailiula eile a bhaint amach agus is cosuil gurbh e an dreapadoir Éireannach ab fhearr agus ab aitheanta i rith na treimhse seo. Ghlac Émmett pairt i roinnt mor - thuras dreapadoireachta chomh maith. Chuaigh se go dtí na Himalayas i 1964 agus arís i 1977, agus go dtí na hAindeas i bPeiriu i 1968 agus i 1980. Thiomain se fhein agus a chairde an bealach uilig as Baile Atha Cliath go dtí na Himalayas i 1964. Emmett Goulding Rugadh Émmett Goulding i mBaile Atha Cliath sa bhliain 1936. Is as Baile Atha Cliath a thuismitheoirí fosta, agus bhí comhlacht togala ag a athair, Charlie Goulding, san ait chonaithe i bhFionn Radharc. Ba pheinteir a bhí ina athair agus a dhearthaireacha, agus lean Émmett, an gasur is oige, an cheird seo nuair a d ’ fhag se an scoil. Bhí an chlann saite i dtraidisiun agus oidhreacht an Phoblactanachas. Ghlac Charlie pairt in Éirí Amach na Casca i 1916, agus bhí mathair Émmett ina ball de Chumann na mBan. Cuireadh beim i gconaí sa teaghlach ar chearta daonna agus ar cheartas soisialta. Bhí Émmett dílis don duchas sin i rith a shaoil, o thaobh a luachanna agus a dhearcadh pearsanta. Chomh maith le sin, bhí meas mor aige i gconaí ar an teanga agus ar an chultur Ghaelach. Sheinn se na píoba fosta, agus bhí se ina bhall den bhanna cailiuil, an Laurence Ó ’ Toole Pipe Band. Emmett ina óige

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3