Guth Ghoill, Eagrán 50

Eagrán 50 Iúil 2015 2 Thógfadh sé do chroí an tréan chosaint a rinne cuid cosantóirí na nDúnaibh agus iad chomh hóg sin, gasúraí óga macasamhail an cúlbáire C. Mac Giolla Bhríde agus a chuid cosantóirí óga, A. Pasoma, B. Mac Giolla Bhríde, B. Mac Fhionlaoich, C. Ó Dochartaigh agus B. Mac Nuadhat agus ag coinneáil súil ghéar orthu bhí na cosantóirí eile a bhfuil neart taithí acu D. Ó hAodha, C. Mac Aodha, S. Ó Gallchóir agus G. Mac Giolla Chomhaill. Agus i lár páirce bhí J. L. Mac Giolla Bhríde agus S. Mac Laifeartaigh, fear acu dhá uair chomh sean leis an fhear eile, an taithí agus an óige agus le scíste a thabhairt dóibh bhí dhá fhear eile le neart taithí agus ábaltachta réidh lena n - áit a ghlacadh, sin S. Mac Fhionnlaoich agus S. Mac Giolla Chomhaill. Agus cad é a thig a rá faoi thosaithe a scóráil 7 - 31 le linn an deireadh seachtaine, fir atá thar a bheith ábalta: C. Ó Gallchóir, A. Mac Laifeartaigh, G. B. Mac Laifeartaigh, L. Ó Conchúir, P. Mac Rodaigh, S. Ó Buaidhe, O. Ó Buaidhe, F. Mac Laifeartaigh. Agus dar ndóigh cha dtig an cuntas a chríochnú gan trácht a dhéanamh do B. Mac Aodha a bhí ansin le comhairle agus treoir a thabhairt don chúlbáire óg Conor agus le scíste a thabhairt dó nuair a bhí sin riachtanach. Thig leis an chumann a bheith bródúil as an dóigh a d ’ iompar siad iad fhéin don deireadh seachtaine. Cibé uair a imreofar an cluiche ceannais bheadh sé deas iad a fheiceáil ag dul rith an bhealaigh ach sin scéal do lá eile. Comhghairdeachas mór le foireann peile na nDúnaibh agus a mbainisteoir Andy agus a fhoireann bainistíochta, ar éirigh go h - iontach leo ag Comórtas Peile na Gaeltachta áit ar éirigh leo a dhul go dtí an cluiche ceannais sa chomórtas Sóisir. Ar an drochuair, de thairbhe na drochaimsire, char imríodh cluichí ceannais an chomórtais Dé Luain. Bhí Na Dúnaibh le Oileán Árainn a imirt ina gcluiche ceannais. Ar a mbealach go dtí an cluiche ceannais fuair na Dúnaibh an bhuaidh ar an fhoireann baile, Ard a ’ Rátha, ina gcéad chluiche – 4 - 6 le 0 - 4 (Colin, Gary Bán agus Lorcan 1 - 1 an duine; Shane, Aaron agus Kevin 0 - 1 an duine). Ansin sa chluiche ceathrú ceannais, ar an Sathairn, d ’ éirigh leo an bhuaidh a fháil ar Laochra Loch Laoigh as Béal Feirste— 2 - 13 le 1 - 8. (Lorcan 2 - 5, Gary Bán 0 - 5, James L. 0 - 1 agus Colin 0 - 2) Ansin ar an Domhnach, ina gcluiche leathcheannais, fuair siad an bhuaidh ar Chlanna Gael as Co. Na Midhe— 1 - 12 le 0 - 5. (Lorcan 1 - 5, Colin 0 - 3, Gary Bán, Aaron, Finghin agus Shaun 0 - 1 an duine). Bhí siad anois sa chluiche ceannais don chéad uair ón bhliain 2004. Ach mar a dúirt mé ag tús chinntigh an drochaimsir nach mbeadh cluiche ar bith ann. Ach is cinnte go n - imreofar an cluiche seo roimh dheireadh an tSamhraidh. Ba seo na taispeántaisí is fearr a thug na Dúnaibh le tamall fada, d ’ imir siad peil d ’ ard- chaighdeán, chuir said an pheil ó cheann ceann na páirce le luas agus fuair a gcuid tosaithe scóranna iontacha. CLG Na nDúnaibh © Céim Aniar, Áras Ros Goill, Na Dúnaibh, Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall. 074 9154830 ceimaniar@eircom.net

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3