Guth Ghoill, Eagrán 50
Eagrán 50 Iúil 2015 3 Ghrainne Nic Giolla Bhríde uirthi agus bhí triur clainne acu. D ’ imigh Barney agus a chlann go hAlbain agus i ndiaidh doibh treimhse a chaitheamh ansin thug se fhein agus an teaghlach aghaidh ar Mheiricea. Ba ghnach leis na iníonacha ruaig a thabhairt anall go hÉirinn o am go cheile. Ba ghnach le bean a raibh Madgie uirthi a theacht anall achan chupla bliain. Ta siad uilig ar shlí na fírinne anois. Bhí Barney fhein le ruaig a thabhairt na bhaile bliain amhain ach ba sin an bhliain a fuair se bas. Bhí Annie posta in Ailt a ’ Chaorthainn ar fhear a raibh Peadar Mac Giolla Chearra air. Cha raibh teaghlach ar bith acu. Cha raibh Bríd posta agus bhí conaí uirthi ar an Chloich Bhain. Rugadh Bríd oíche Fheil ’ Bríde agus fuair sí bas oíche Fheil ’ Bríde agus í na ceithre scor. Donchadh John Pheigí. D ’ fhan Donchadh John Pheigí ar an Chloich Bhain, sa teach inar rugadh agus inar togadh e. Char tugadh an t - ainm Donchadh Mor air gan chuis mar go raibh se ina fhear laidir toirteach. Bhí se posta ar Fenny Bheag Nic Giolla Bhríde as Baile na Deora i dtus baire ach fuair Fenny bas og agus cha raibh clann ar bith acu. Ansin phos se Bríd Nic Giolla Bhríde (Bríd Phaidí Éamoinn) as Gort na Luchog agus bhí ceathrar clainne acu, Madgie (1909), Maire (1910) Nead (1911) agus Annie a fuair bas sa bhliain 2012 agus í istigh ina ceadu bliain. Rugadh Annie ar an dara la de Dheireadh Fomhair 1912. Ag Iascaireacht. Chaith Donchadh treimhsí ag iascaireacht fosta mar a rinne formhor na bhfear fan cheantar ag an am. De reir an chuntais a bhí sa ‘ Zulu Fishermen ’ le Pat Conaghan chuaigh Nead Mac A ’ tSaoir (Nead Steafain), Baile na Deora, John ‘ ac Dochartaigh, Gleann Úraí, Donchadh Mac Giolla Bhríde, (Donchadh Mhícheail), Cluain tSaileach, Donchadh Mac Giolla Bhríde, (Donchadh John Pheigí) Cluain tSaileach, Micheal Ó Gallchoir (Micí Ban Ghallchoir) Cluain tSaileach agus Donchadh Mac Giolla Bhríde eile, sin Donchadh Shearlaí a iascaireacht ar an St. Mark i Mí Lunasa 1898. Fir oga a bhí iontu seo uilig Cluain tSaileach (ar leanstan) Muintir John Pheigí (Mac Giolla Bhríde) John Pheigí. Bhí teach mhuintir John Pheigí taobh le teach Neidí Mhicí (Ó Gallchoir) agus le teach Stephen Jack (Mac Giolla Bhríde) ar an Chloich Bhain. Bhí John Pheigí posta dha uair, cha raibh clann ar bith leis an chead phosadh agus i ndiaidh don chead bhean bas a fhail b ’ í Madgie Ní Luodhog as Dun Dubhain an dara bean a bhí aige. Bhí seisear clainne acu: Donchadh (1871), Madgie (1878), Bríd (1884), Annie (1886), Barney agus Maire. (1872). Ta na blianta a rugadh iad bunaithe ar dhaonaireamh 1901 agus 1911. Cha bhíonn siad i gconaí cruinn. Bhí Máire posta ar an Mheall Mhor ar Dhonchadh Den Mac Giolla Bhríde as an Chorrach. Bean mhor laidir os cionn na se troigh a bhí i Maire agus shiulfadh sí as na Dunaibh go dtí an Meall Mor agus mala plur deich gcloch ar a gualainn leithe. Ghearrfadh sí an aicearra ag Teach Mhicí John, suas cul an tigh, amach Cnoc a ’ Staighre, thart leis an loch mor agus trasna go dtí teach s ’ aici fhein a bhí trasna on loch mor. Cha raibh clann ar bith acu. Phos Barney bean as an Raplach a raibh Sorcha Teach Mhic Giolla Bhríde ar an Mheall Mhór
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3