Guth Ghoill, Eagrán 50
Eagrán 50 Iúil 2015 6 barraíocht dúil ag mo mháthair dul go Carraig Airt ach leis an turas a dhéanamh gairid di féin, d'inis sí dom gur ghnách léi na pollaí a chuntas ag dul suas an Tráigh di agus ar a bealach ar ais. Cha raibh am ró - bhog ag na mná san am. Ar á feiceáil ag teacht isteach malaidh Chluain tSaileach, thosódh muid ag rith agus chasfadh muid léi thart ar Bhearnaí an Chairr leis na loisinséirí a fháil uaithi. Bhí mé ag tabhairt isteach an radharc álainn a bhí amach romham agus is fíor álainn atá sí ón teach i gCluain tSaileach. Bhí an Mhaol Ruaidhe ár scaradh ó Fhánaid, áit a bhfuil sean bhallóga an tí inár rugadh mé. An t - aon rud atá i mbocsa an chuimhne fán teach sin ná go raibh sliogáin mhuiríní scaipthe thart fan doras i m'óige. Is dócha gurbh sin iarsma den bhia folláin a bhí ar fáil ag achan duine a bhí ina gcónaí cois na trá ag an am. Bhí Ramhras suas romham, áit ar ghnách leis na bádaí gual a thabhairt suas fhad leis agus bhí tuilleadh bádaí a chuaigh suas an caolas sin fhad le Baile na nGallóglach le cruithneacht agus ar a mbealach ar ais bheadh prátaí pór na háite leo ó Ramhras agus Leithead. Ar thaobh na láimhe clé den bhá sin tá Bolg Feidhm agus tá cuimhne ag Dinis Dhonnchaidh Mhicheáil ar Bhrinie Brown agus ar Phroinsie Rua, athair Willie James Cullen, a bheith ag iascaireacht gliomach thuas ann. Tá bocsa an chuimhne ag obair go maith ag Denis. Agus díreach amach romham bhí Meiriceá. Ar dhúirt mé ‘ Meiriceá ’? Dúirt mé. “ Meiriceá? ” arsa mo mháthair. Thobair nár thit sí den stól. Bocsa na Smaointe Nach deas na rudaí a dtagann duine trasna orthu nuair a thosaíonn siad ag rúscadh i mbocsaí a cuireadh ar shiúl le sábháil d ’ am éigin amach romhainn. Bhí mé féin ag rúscadh le gairid i mbocsa mo smaointe, caithim go leor ama sa bhocsa sin le tamall, seanaois is dócha, agus tháinig mé trasna ar lá amháin samhraidh nuair a bhí mé óg agus bhí mo mháthair ag blí na mbó sa bhóitheach. Bhí dhá bhó againn i gcónaí agus choinnigh siad muid le bainne agus im i rith na bliana. Nuair a rachadh na ba tirim, roimh ghamhain a bheith acu, bhí braon le spáráil ag Cití Dhonnchaidh Mhicheáil agus ag Dinis Phaidí Mhóir le muid a choinneáil ag dul. Cha raibh páistí ar bith eile ar an bhaile ag an am agus rinne na comharsana cinnte go raibh go leor againn i gcónaí. Bhí mo mháthair ina suí ar an stól tríchosach sa bhóitheach le ruball an bhó ceangailte thart ar a láirc sa dóigh nach mbuailfeadh an bhó í sa t - soc leis agus bhí mise i mo sheasamh ar an taobh amuigh den bhóitheach agus comhrá breá ag dul ar aghaidh eadrainn, mar a shíl mé. Bhí duine eile den chlann ag spaisteoireacht thart ar shean bhicycle. Ba ghnáth le mo mháthair é a úsáid le siopadóireacht a dhéanamh i gCarraig Airt corruair, cé go raibh dhá shiopa ar an bhaile, tigh Mhaggie Boyce agus siopa Tony Bhrinie Thuathail. Bhí stór na Nollag a fháil ann dúinn fosta agus cha raibh barraíocht sa stór sin má bhí sí ábalta an t - iomlán a iompar do cheathrar againn 'na bhaile ar bhicycle, má chuireann tú é i gcomparáid le stór Nollag an lae inniu. Cha raibh Malaidh Chluain tSaileach
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3