Guth Ghoill, Eagrán 50

Eagrán 50 Iúil 2015 7 Chuir Myles na gCopaleen ina leabhar An Béal Bocht an lá údaí sin i gcuimhne dom, chóir a bheith leathchéad bliain ó shin. Óna theach chonaic sé “ na Conamara, Árainn Mhór, Cill Rónáin, an Bhlascaod Mhór, an Daingean ”. Bhail, bhí mise ábalta rud beag níos faide ná sin a fheiceáil. Ach mar a dúirt sé ‘ tig an chiall agus an tuiscint go réidh formhothaithe in intinn an uile chréatúir ’ agus sílim, corruair, go bhfuil mé ag feitheamh ar an lá sin go fóill. Fia Ann “ Sin an tír a bhfaigheann muid parcels uaidh uair nó dhó sa bhliain, parcels a bheireann cultacha deasa duitse, cad chuige nach gcaitheann tú na cultacha deasa sin, a Mhám? Agus parcels a bheireann comics Mheiriceá chugainn, nach bhfuil Aintí Fenny creathnach maith dúinn? ” ʺChan sin Meiriceá ar chor ar bithʺ arsa mo mháthair liom, “ Sin Carraig Airt. ” Thobair nár thit mise as mo sheasamh. Bhail, tá cónaí orm anois i Meir.., och, gabh mo leithscéal, i gCarraig Airt agus tá an t - ádh orm mar go bhfuil radharc iontach agam mar a bhí i gCluain tSaileach. Ag léamh an scéil “Siopa Mhící Mháire” san eagrán deireanach de Ghuth Ghoill, tháinig m’óige ar ais chugam, ag cur cumhaidh agus sonas orm ag an am céadna. Chuir an pictiúr de Chití Ruairí, Mairín a’ Mháistir agus Mánas a’ Phost trí rud i m’aigne; an t -am a tháinig an babaí úr (Mairín), bhíodh cead ag mo dheirfiúr í a iompar thart ach cha ligfí domhsa, cha raibh iontaoibh acu ionam. Chuir pictiúr Mhánais deireadh an chogaidh i mo cheann. Tá cuimhne agam air ag scairteadh le fear i gcuibhreann Ailt an Lín “Tá an cogadh thart”. Cé nach raibh mé ach na cúig bliana bhí fhios agam gur rud maith a bhí ann, mar chuir sé lúcháir ar achan duine. An tríú rud a chuir pictiúr Chití ina suí ar an chathaoir úd i m’intinn ná an lá a bhí Taylor Carson a péinteáil. Bhí ciúnas fán áit, mar nár ghnáth, agus nuair a tharraing muidne i ngar dóibh, gabháil na tsiopa dúinn, baineadh geit asainn. Ó chanbhás a bhí ar ‘easel’ bhí aghaidh Chití ag amharc amach orainn. Dúirt an péintéir linn go raibh cead againn fanacht ag féachaint fhad is a bheadh muid ciúin. Bhí muid ciúin agus d’fhan muid ann ar feadh tamall fada ag stánadh ar an ní a bhí a chruthú os ár gcomhair. Deis iontach! Cá bhfuil an pictiúr sin anois? Bhí siopa Chití Ruairí nó siopa Mhicí Mháire mar lár ionad an-tábhachtach san Íochtar. Bhí a raibh a dhíth ort le fáil ann, agus níl cuimhne agam a bheith ann ariamh nár tharla rud éigin suimiúil. Cuimhnithe sonasacha uilig atá agam fán siopa. An chuimhne is faide siar, a chuireann aoibhneas ar mo chroí go fóill, ná an lá a thug Cití bocsa dom fá choinne mo chuid fuála, nuair a chuaigh mé isteach i rang a dó. Bocsa a raibh mó chroí dírithe air le fada. Chuaigh sí suas ar dhréimire beag agus thug sí anuas agam é. Bocsa bán, le ciorcail bheaga de dhathanna éagsúla fríd, dearg, glas, gorm, buí agus corcra. An rud ba dheise a bhí sa tsiopa, agus thug Cití ar shiúl é. Thug sí é domsa. Níl barúil agam caidé an deireadh a bhí ar an bhocsa, ach mhair gliondar na hócáide i mo chroí ó shin. Ba ghnáth liom ar mo bhealach ón scoil, a ghabháil isteach chuig na comharsana ag rá go mbeinn ag dul ‘na tsiopa gan mhoill, dá mbeadh S IOPA M HÍCÍ M HAIRE – NÓ C HITÍ R UAIRÍ . * * * *

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3