Guth Ghoill, Eagrán 50

Eagrán 50 Iúil 2015 8 ‘shed’ a bhí ar thaobh an tí mhóir. Nuair a bhí an siopa úr réidh, thosaigh siad Satharn amháin ag bogadh achan rud ón tseansiopa go dtí an siopa úr. Cé nach raibh réamheolas ar bith againn ar seo, bhí mé sa tsiopa breá luath ar an lá, agus ligeadh dom rudaí beaga a iompar, agus bhí lá iontach agam anonn ‘s anall ó shiopa go siopa. Bhí buzz creathnach ann agus bhí Cití anonn 's anall ag aithris rann beag faoina h-anáil. Mm- mm- mm “Saturday flit is a short sit”, “ach níl amhail ar bith ag na Sagairt ar sin,” a déarfadh sí. Bhí an siopa úr galánta, seilfeanna taobh amuigh den chúntóir chomh maith le taobh istigh. Bhí lampaí Tilly, tóirsí, gréithe, cannaí, buicéidí, rudaí nach raibh ariamh sa tseansiopa. Fiontraíocht mhór a bhí ann agus thóg sé croíthe na ndaoine in am a raibh, mar atá anois, droch dhóigh ar an tír. Bhí an siopa úr foscailte, Cití go sásta, cha raibh aice anois lena cosa a fháil fliuch ag dul trasna na sráide. Bhí doras ag foscailt ón chistin go dtí an siopa álainn úr. Char mhair sonas Chití i bhfad, faraor. Gan mhoill ina dhiaidh sin, thit sí agus bhris sí a scorróg agus chuir sin deireadh lena ceird mar bhean siopa. Bhí mé fhéin ag smaointiú agus mé i mo thachrán nach “short sit” a fuair sí ach “long sit”. Sílim nár shiúil sí ariamh ina dhiaidh sin. Chuir mé aithne níos fearr ar Chití fhad is bhí sí sa leaba thuas an staighre. Chuirfeadh Julia mé suas le tae agus rudaí eile chuici nuair a rachainn ‘na tsiopa. Bhí suim mhór agam bheith ag éisteacht léi ag trácht ar an tsean am. D’inis sí dom go raibh cnapáin ar a méara ó bheith ag imirt cluiche le clocha beaga (níl cuimhne agam a dhath a dhíth orthu. Ansin d’inseoinn sa bhaile go raibh agam le ‘ghabháil’ na tsiopa do na comharsana agus bheinn ar shiúil. Bhí seo i bhfad níos suimiúla na an “obair - baile”. Bhí trí chineál tae sa tsiopa. Trí bhocsa (tea chests) agus gan an blas céadna ar aon cheann acu. Bhíodh Sarah ag iarraidh Liptons agus Fanny ag iarraidh Barry’s . Dhéanfadh Cití ceathrú punt a mheá amach go cúramach. “Sin cuid Fanny” a deireadh sí, “ná measc suas é le cuid Sarah” agus í ag crónán, “Mm -mm-mm, tá muintir an Aird Bháin iontach pairticleártha. ” Ar mo bhealach abhaile chasfaí cairde orm. D’fhágfainn an mála siopa lán ag an chlaí ar thaobh an bhealaigh mhóir. D’imeodh muid suas “Croich an Toir” ag amharc an raibh coiníní ar bith sna gaistí. Sin déanta, rachainn chuig Fanny. Cha ligfinn orm nach raibh barúil agam cé acu tae a cuidsean. Thabharfainn mála go cúramach di, ag rá “anois sin do chuidse. Dhéanfainn mar a gcéadna le Sarah. Bhí iontas i gcónaí orm nár bhagair ceachtar acu orm fán tae contráilte a thabhairt dófa, ach cha raibh barúil acusan ach oiread. Bhí céimeanna ag gabháil suas go dtí doras an tsiopa, urlár adhmaid taobh istigh a bheadh ag luascadh faoi do chosa. Bhí cúntóir ard ann, agus boladh plúir, mine bhuí, snaoisín, tobac agus milseán. Níl fhios agam cén aois a bhí Cití, ach samhlaíodh domsa go raibh sí ‘sean’. Ghléas sí go néata in éadaí fada dubha. Bhíodh sí i gcónaí ag aithris rann beag. Nuair a bhíodh sí ag láimhseáil airgid déarfadh sí “Money, money, what about it. But we cannot do without it” nó “Money makes the mare go”. Bhí Cití ina cónaí le nia agus neacht sa teach galánta, dhá stóir, os comhair an tsiopa. Sagairt a bhí sa nia, an tAthair Séan Ó Siadhail, bhí sé ina chóidiútar ag an Easpag agus ina chigire Teagasc Críostaí do Dheoise Rath Bhoth. Bhí neacht Chití, sí sin Julia ag amharc i ndiaidh an tí. Bhí beirt mhac aici – múinteoirí, Jack i nDoire a’ Chasáin, agus Hugo i Rath Mhaoláin. Bheadh an Sagart nó Julia ag freastal sa siopa corruair. Bhí suim mhór ag an Sagart sa tsiopa, é i gcónaí ag iarraidh ar dhaoine tuilleadh a cheannacht. Fear maith gnó a bhí ann. Is é a déarfainn, a smaointigh ar siopa úr a thógáil sa

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3