Guth Ghoill, Eagrán 50

Eagrán 50 Iúil 2015 9 nithe suas mar dhuais achan oíche - clog, péire bróga, mála plúir, toitíní, pláta, cairt asail. Tá clog agam a bhain m’uncail, Micí Hudaí, ag na cártaí sin. Rud ait, níor chuala mé ariamh ach an tSiadhalach a thabhairt ar an Sagart, nuair a bheadh siad ag tagairt d’imirt na gcártaí, Chloisfeá iad ag rá “bhí na méara ag an tSiadhalach , nó chaith an tSiadhalach síos an t-aon a hart. B'fhéidir gur shíl siad nach raibh sé deas a bheith ag caint ar shagart ag imirt cártaí. Ba gnáth liom obair do Julia sa teach le linn laetha saoire an tsamhraidh, nuair a bhí sí ag coinneáil scoláirí a bhí ag freastal ar choláiste Gaeilge Ros Goill. Chan obair a thabharfá air, mar bhí an teach chomh glan le pionna úr agus bhí gach sórt mod-con aici. Dhéanfadh Julia an cócaireacht, nífinnse na soithigh agus dhéanfainn freastal ar thábla na scoláirí, agus chóireoinn na leapacha agus corr rud eile. Thaispeáin sí dom an dóigh le pancogaí a dhéanamh. Déanaim go fóill iad, agus smaoitím uirthi le gean. Rud eile b’fhéidir nach bhfuil fhios ag daoine ná gur cheoltóir an-mhaith a bhí in Julia. D’fhoghlaim sí amhrán Gaeilge domh maidin amháin agus mé ag glanadh na spúnóg airgid - “Bím ag smaointiú ar na sméara …….”. Ba ghnách léithe é a cheol ag ceolchoirmeacha sna Dúnaibh. An bhfuil a fhios ag aon duine é? Bhí gach rud ag gabháil go breá go dtí an lá a rinne an tEaspag Sagart Paróiste den tSiadhalach. Cuireadh go Gort a’ Choirce é. Bhí Cití marbh le cúpla bliain (cha dearn mé tagairt de bhás Cití mar ní raibh mé sa bhaile ag an am.) Chuaigh Julia go Gort a’ Choirce mar bhean tí ag an sagart. Druideadh an siopa. Fuair Gort a Choirce Sagart den scoith, fuair an Sagart bean tí den scoith, ach chaill muidne lárionad iontach, agus an áis ab fhearr a bhí againn. Ní raibh mé sa teach nó sa tsiopa ariamh ó shin. Thar leath chéad blain atá sé ach shílfeá gur inné a d’fhág mé síos mo mhála siopa, agus d’imigh mé fríd na cuibhrinn ag cuartú neadracha éin. Nuair a tháinig mé ar ais bhí taobh istigh den “loaf” a bhí sa mhála, ite uilig ag cuid cearca Pheigí Dhomhnaill! Finola Harte ar ainm an chluiche) nuair a bhí sí beag. D’éirigh go maith leis an tsiopa agus thosaigh an sagart ag tabhairt isteach rudaí úra m.sh . gréithe, cupaí, plátaí agus potaí tae. Bheadh sé ag brú na rudaí seo uilig ar mhuintir na h-áite. Tháinig cara dó isteach lá amháin, Muiris Shiosaile, “A Mhuiris” arsa an sagart, “bhféidir gur mhaith leat cúpla pláta a cheannacht. “A mallacht Dé” arsa Muiris. “Tá níos mó plátaí againn na tá dhath againn le cur orthu.” Bhí custaiméirí eile sa tsiopa, nár chuala aon duine ag mallachtaí os comhair sagairt ariamh, ach sin an fáth gur thosaigh an sagart an craic agus bhain sé sult mór as. Scéim eile a thosaigh sé, chuir sé ionadh ar chuid agus áthas ar chuid eile, siad sin na mná. Thosaigh an siopa ag díol éadaí ban, gúnaí galánta samhraidh, agus chan sin amháin. Tugadh isteach déantóir gúna as Rath Mhaoláin, Rose Doherty, agus d’fheadfá an t-éadach síoda, línéadach agus cadás a chéannacht sa tsiopa agus do ghúna a fháil déanta sa stiúideo breá sin a rinne Sagart Mhicí Mháire as an tseansiopa, thíos in Ard na dTrioplóg i nDoire a Chasáin Mór. Bhí múinteoir againn i nDoire a’ Chasáin, Bella John Enda as Dumhaigh. Bhí sí an-dóighiúil, an-chineálta, an-mhúinte, agus bhí sí an-deas in achan dóigh, agus bhí sí an-bheag. Bhí dúil mhór againn uilig inti. Bhí sí ag gabháil ag damhsa mór agus fuair sí éadach deas glas agus bhí Rose, an gúnadóir, ag déanamh an ghúna. Achan lá rachadh Bella isteach ar a bealach ón scoil agus nuair a thiocfadh sí amach, bheadh muidne ar shiúl isteach go bhfeicfeadh muid an gúna. Bhí lear mór éadaigh i sciorta an ghúna. Bhí ceann ag na Oscars cosúil leis i mbliana, ach ní raibh an model comh deas le Bella áfach. Lá amháin bhí an Sagart ann fá choinne an “fashion show”. “A pháistí” a dúirt sé “an sílfeá ariamh go nglacfadh sé oiread éadaigh le gúna a dhéanamh, do ghirseach chomh beag. Ní duine é an sagart ó Siadhail a chuirfeadh am nó áit amú. Oíche Dhomhnaigh nuair nach mbeadh an stiúideo in úsáid, thosódh sé ar imirt cártaí, cúig fichead. Caitheamh aimsire iontach agus imreoir den scoith é fhéin. Chuirfeadh sé

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3