Guth Ghoill, Eagrán 51
Eagrán 51 Aibreán 2016 10 10 in aimsir na seacht síon, cé go raibh air iasacht tarracóra a fháil uair nó dhó le fáil fhad le Gleann Iúraí in am a tseaca! Ní raibh mórán dúil ag fir poist sna hOlltoghcháin ná sna toghcháin áitiúla ach oiread nó leoga, níl go fóill, de bharr ualaigh na hoibre brei- se. Ach ba lú i bhfad a ndúil i naimhde thraidisiúnta fhir poist – an madadh crosta! An lá seo, bhí Donnelly ag tarraingt ar theach áirithe i bparóiste Mhíobhaigh, agus é breá airdeallach fá mhadadh an tí seo. Bhí rabhadh faighte aige i bhfad roimhe sin ó bhean a ’ tí í féin, a chomhairligh dó súil ghéar a choinneáil ar ‘ Rex ’ nó cibé di- abhal ainm a bhí air. Cibé ar bith agus Dónal ar a bhealach suas an cabhsa, mhothaigh sé an grúscán uafásach agus chonaic sé an madadh droch - bhéasach seo ag nochtadh a chár go cúl a chraois. Ba léir dó go raibh sé san fhaopach i gceart agus d ’ amharc sé thart air go géibheannach. Ach ní ag cur a chuid ama amú ar scoil a bhí sé agus é ag éisteacht le Enda ag insint scéal Setanta. Chonaic sé stodaire (paling stab) breá tiubh ina luí ansin. I ndáiríre ní gnáth - stodaire a bhí ann ach ceann ar a dtugtar ‘ strainer ’. Thóg sé é chomh tiubh géar agus a bhí ar a chumas agus ar nós Chú Chulainn sa tsean - am, bhuail sé an madadh sa tsoc, dí- reach in am sular ionsaíodh é. Fágadh an madadh bocht ina luí ar shlat a dhroma gan An chéad lá riamh a deachaigh Dónall Ó Dochartaigh amach leis an phost i gCarraig Airt, i mí Eanáir, 1975, chosain pionta Guinness 27p, ba é Liam Cosgrave Taoiseach na hÉireann, bhí na Swarbriggs mar iona- daithe d ’ Éirinn sa Eurovision agus chosain stampa 12p ! -Roimhe sin bhí Dónall, ag obair i Sasana, macasamhail a lán eile, agus leoga cha raibh mórán dúil aige ann ach oiread. Chan cúis iontais ar bith sin d ’ fhear a chaith bunús a chuid ama ar an fheirm agus ar an phortach. Mar a tharla, bhí sé sa bhaile fá choinne lae- tha saoire na Nollag agus é réidh le pilleadh ar Shasana, nuair a chuaigh sé fhad le teach tábhairne Uí Lúdhóg i gCreamhghoirt fá choinne oíche cheoil an oíche Dhomhnaigh seo. Bhí a chara agus a chomharsa Andy Mac Pháidín, grásta Dé air, a bhí ina fhear poist é féin, i mbun an cheoil agus d ’ fhiafraigh sé de Dhónall an raibh sé ag fanacht i bhfad sa bhaile. D ’ fhreagair Dónall go raibh air pilleadh go Sasana gan mhoill ach gur b ’ fhearr leis fanacht sa bhaile dá mbeadh a rogha aige . Ansin d ’ inis Andy dó go raibh agallaimh ar siúl an Mháirt dar gcionn fá choinne fear poist i gCarraig Airt. Chuir Dónall isteach faoina choinne agus b ’ in mar a thosaigh an scéal. Ba é an rothar an t - aon chóras taistil a bhí ar fáil ag an am ach ghlac Donnelly a charr fhéin leis ar feadh an chéad sé mhí agus ansin chuir An Roinn Poist agus Teileagrafa veaineanna ar fáil dóibh. Thuig sé go maith ansin an fáth nach raibh mórán ráchairte ar an jab seo cionnas go raibh trí phunt is fiche aige mar luach saothair ag deireadh na seachtaine! Ba phost páirt - aimseartha a bhí i gceist faoin tráth seo ach nuair a d ’ éirigh Mánas a Phoist, grásta Dé air, as a phost thart fá 1979 nó 1980, thosaigh Donnelly i mbun oibre go lán - aimseartha sna Dúnaibh, chomh maith le cuid de Charraig Airt. Is iomaí cor a chuir an saol de ó shin agus is iomaí míle a chuir Donnelly de sna daichead bliain idir 1975 agus 2015. Is beag lá nach ndearna sé a bheal- ach leis na litreacha agus na beartanna, fiú amháin Dónall Ó Dochartaigh
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3