Guth Ghoill, Eagrán 51

Eagrán 51 Aibreán 2016 11 11 aithne, gan mhothú! Bhuel, fuair Donnelly bocht léasadh teanga den chéad scoth ó bhe- an a ’ tí ach mar sin féin, cheannaigh sí bocsa litreach a d ’ fhág sí amuigh ar an gheafta ina dhiaidh sin agus dúirt sí leis go raibh sí buar- tha faoin eachtra mhí - ádhmharach sin. Is é an sainmhíniú atá ar fhear poist nó ar bhean poist ná ‘ duine a fhostaítear chun litreacha agus beartanna a bhailiú agus a thabhairt amach ’. Anois chomhlíon Dónall Ó Dochartaigh na tascanna seo agus chomhlíon sé iad go héifeachtach. Ach ní féidir moladh ard go leor a thabhairt do ról fhir poist i dtu- ath Éireann i láthair na huaire, go háirithe mar gheall ar na ciorraithe a rinneadh ar na seirbhísí pobail le déanaí. Mar sin, ní fear a ’ phoist amháin ab ea Donnelly: B ’ oibrí sóisialta é; ba chomhairleoir é; ba shíceolaí (psychologist) é; b ’ oibrí pobail é; b ’ fhear slándála (security man) é ; ba theachtaire é; ba chomhfhreagraí nuachta ( news correspondent) é; b ’ éascaitheoir (facilitator) é; ba Ghaeilgeoir agus ceoltóir den chéad scoth é agus thar achan rud eile, ba chroí na féile agus ceartlár na céille é. Ar na laethanta deireanacha agus é ag dul thart leis na litreacha, dúirt sé go raibh sé ina phléisiúr aige na litreacha a thabhairt amach ar feadh na mblianta fada sin. Ba linne an pléisiúr, im ’ thuairim - se, mar b ’ iomaí lá gruamach a gheal sé lena ghuth agus a mheon gealgháireach. Tá mé cinnte go n - aontóidh achan duine sa pharóiste linn nuair a ghuíonn muid gach rath air agus go raibh saol sona suaimhneach roimhe fhéin agus a theaghlach agus tá súil againn nach músclóidh cnag fhir poist ar an doras é ró - luath ar maidin ! Caithfidh sé nár chuala Donnelly faoin seanfhocal thíos sular ionsaigh an madadh é !

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3