Guth Ghoill, Eagrán 51
Eagrán 51 Aibreán 2016 12 12 Thosaigh Joan Nic a Bháird ag obair in Oifig Poist Na nDúnaibh an bhliain chéanna a bhain Na Dúnaibh Craobh Sóisearach na hÉireann i gComórtas Peile na Gaeltachta, - 1981. Faoi stiúir an Mháistreása Poist Cáit Uí Lúdhóg, níorbh fada gur fhoghlaim sí cuid de na scileanna a bheadh de dhíth uirthi ar feadh na mblianta a bhí roimpi agus ghnóthaigh sí taithí luachmhar a bhain le achan ghné de ghnó Oifig an Phoist, a sheasódh di sna blianta os a comhair. Níorbh ionann Oifig Poist an ré sin agus Oifig Poist an lae inniu mar bhí siopa sa tsean - oifig agus leoga, d'fhéadfá rá gur siopa éisc a bhí ann in amanna fosta! Bhí gnó éisc rathúil faoi lánseol ag Dan Ó Lúdhóg ag an am sin agus ba mhinic a cuireadh na hordaithe isteach san oifig seo agus ba mhinic a tógadh na héisc ón láthair chéanna! Mar sin, ní minic a bhí Joan díomhaoin. Bhí an córas teileafóin rud beag difriúil an uair sin fosta. Nuair a amharcann tú siar air anois, chuirfeadh sé thú ag smaoineamh ar 'The Olde Curiosity Shop' le Charles Dickens! Beidh cuimhne ag cuid agaibh ar an lasc - chlár (switchboard) agus na cáblaí a chaithfeá cur isteach agus a bhaint amach ag tús agus deireadh achan ghlaoch teileafóin. Agus ní rud é gur chríochnaigh an lá ag 5.30 ach oiread mar ba mhinic a d'oibrigh sí ní ba mhoille ar an lasc - chlár chéanna. Bhí gnó lóistín rathúil á reáchtáil ag Cáit le linn na mblianta seo fosta agus rinne sí suas a hintinn go n - éireodh sí as sa bhliain 2002. Ní raibh leisce ar bith uirthi Joan a mholadh do phost an Mháistreása Poist, rud a bhí Joan an - bhuíoch di as. Mar sin, bhog sí go dtí an áit ina bhfuil an Oifig inniu, i dtigh Bhrollacháin. Ba anseo a bhuail sí leis an darna dúshlán mór dé chóras oibre Oifig an Phoist, b'in teacht i láthair an ríomhairiú (computerisation). Ba mhór an dúshlán é ach ní raibh an darna suí sa bhuaile ann ach dul i ngleic leis, rud a rinne sí i gcomhar leis na mílte eile fríd an tír ag an am. Déanann sí gáire anois nuair a smaoiníonn sí siar ar rud a mheas sí a bheith dó - dhéanta ag an am. Creidim gurb é an bhaincéireacht an tríú mór - athrú a tháinig ar Oifig an Phoist ar na mallaibh agus arís b'obair dhochraideach a bhí i gceist mar chuir sé go mór le hualach na hoibre agus ualach na freagrachta. Ach arís ghlac sí leis an dúshlán agus fuair sí an lámh in uachtar air agus d'oibrigh sí léi go dtí gur éirigh sí as ar an 23 Márta, 2016. Ghnóthaigh sí muinín an phobail le linn a saol oibre dé bharr a discréide (discretion) agus leoga bhí iontas ar go leor acu nuair a chuala siad an scéal go raibh sí ag éirí as a post. Guíonn muid gach rath uirthi sa todhchaí agus tá mé cinnte go bhfeice muid í ar chúl an chuntair ó am go ham amach anseo, ag cuidiú leis an Mháistreás Poist úr, bean chumasach, siosmaideach eile, Áine Nic Giolla Bhríde. Glacann muid an deis seo chun tréaslú le hÁine fosta agus guíonn muid gach rath ar a cuid oibre in Oifig Poist na nDúnaibh. Siún Nic a ’ Bháird
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3