Guth Ghoill, Eagrán 51
Eagrán 51 Aibreán 2016 13 13 Ce Ceann de na héanlaith ba thábhachtaí a bhí ar an fheirm riamh ná an Chearc Ghoir . Gan mhoill i ndiaidh Oíche Fhéile Bríde thosódh na cearca ag breith a gcuid uibheacha agus bhí seo an - tábhachtach ar fad mar go raibh an ubh ar chuid den bhia ba choitianta a cuireadh ar thábla an fheirmeora riamh. Dá mbeadh na cearca ag breith go maith bheadh uibheacha le spáráil agus chruinneodh bean an tí iad suas agus bhéaradh sí iad léi go dtí an siopa agus dhíoladh sí iad. Nuair a gheobhadh sí díolta fá choinne na n - uibheacha bheadh sí ábalta gnéithe eile a cheannacht don teach ansin. Taispeánann seo an tábhacht a bhain leis an chearc agus a cuid uibheacha. Le bheith cinnte go dtarlódh seo achan bhliain ghlacfadh cearc ghoir a bheith agat agus seo an tábhacht a bhí ag baint leis an chearc ghoir. Mar a dúirt me, thart fá Oíche Fhéile Bríde tosaíonn na cearca ag breith a gcuid uibheacha agus sin an t - am a théann an chearc ar goir. Bheadh fhios agat go raibh an chearc ag dul ar goir mar go dtiocfadh athrú ar a glór agus bheadh a cuid cleiteacha ina seasamh amach uirthi agus ní bheadh sí ag amharc go rómhaith. Nuair a tharlódh sin, bheadh ort na huibheacha a chru- inniú le cur síos faoin chearc ghoir. B ’ fhéidir go mbeadh na cearca ag breith amuigh fá na claío- cha, nó fá thor aitinn dá mbeadh ceann ag fás thart fán áit. Dá dtarlódh sin, bheadh ort í gcónaí súil a choinneáil amach le feiceáil cá raibh siad ag breith, agus fosta bheadh ort éisteacht go cúra- mach go gcluinfeadh iad ag scolgnach, agus bheadh ort imeacht ansin go bhfeicfeá cá raibh siad agus ar an dóigh seo gheobhfá an nead ansin. Chruinneodh bean an tí dosaen uibheacha úra ansin, agus nuair a bheadh bean an tí sásta go raibh an chearc ghoir ar goir i gceart, dhéanfadh sí nead réidh don chearc agus chuirfeadh sí dosaen uibheacha faoin chearc ghoir, agus chuirfeadh sí an chearc ghoir ina luí ar na huibheacha ansin. Bheadh an nead seo tógtha istigh sa scioból nó i dteach beag eile, ar shiúl ó na cearca eile, sa dóigh is nach mbeadh na cearca eile ag cur is- teach uirthi agus go mbeadh suaimhneas aici luí sa nead. Bheadh ar bhean an tí súil mhaith a choinneáil ar an chearc ghoir ar dtús báire, ar eagla go n - éireodh sí de na h - uibheacha. Ní rómhinic a tharlódh seo, ach dá ndéanfadh sí seo bheadh aici le cearc eile a fháil go gasta chun cinnte a dhéanamh nach rachadh na huibheacha amú nuair a rachadh siad fuar. Dá mbeadh an t - ádh uirthi, bhféidir go mbeadh cearc ghoir eile aici fan teach ach muna mbeadh, chuirfí an scéal amach faoi na chomharsana go éirigh an chearc de na h - uibheacha uirthi. An chuid is mó den am bheadh cearc ghoir le fáil agus bheadh na h - uibheacha sábháilte Nuair a bheadh bean a ’ tí ag tabhairt a gcuid do na cearca sa tráthnóna, thógfadh sí an chearc ón nead agus dhéanfadh sí cinnte go gcoinneodh sí an chearc ghoir ar shiúl óna cearca eile. An Chearc Ghoir
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3