Guth Ghoill, Eagrán 51
Eagrán 51 Aibreán 2016 14 14 . Nuair a bheadh bean a ’ tí ag tabhairt a gcuid do na cearca sa tráthnóna, thógfadh sí an chearc ón nead agus dhéanfadh sí cinnte go gcoinneodh sí an chearc ghoir ar shiúl óna cearca eile. Dhéanfadh sí seo le bheith cinnte go mbeadh go leor le h - ithe aici agus go mbeadh go leor le h - ól aici fosta mar go mbeadh tart mór ar an chearc de thairbhe í a bheith ina luí istigh sa teas lá agus oíche. Bheadh bean a ’ tí i gcónaí ag coinneáil súil le bheith cinnte nach mbeadh an chearc ghoir imithe ón nead rófhada, nó dá mbeadh, chuirfeadh sí an tóir ar an chearc ar ais go dtí a nead leis na h - uibheacha a choinneáil te. Nuair a bheadh na h - uibheacha ar an nead bheadh sé an - tábhachtach ar fad go mbeadh an teas roinnte go cothrom thart ar na h - uibheacha uilig. Le bheith cinnte go mbeadh seo ag tarlú, chaithfeadh na h - uibheacha a bheith tiontaithe achan lá. “ An rud is annamh is iontaí, ” agus an rud iontach faoi seo ná go raibh an chearc ghoir ábalta a cuid uibheacha fhéin a thiontú thart achan lá. Rud eile iontach ná, nuair a bheadh an chearc ghoir ina luí ar na huibheacha thart fa dhá lá dhéag, dhéanfadh bean a ’ tí scrúdú ar na h - uibheacha. Bheadh sí ábalta insint an raibh éanacha sna h - uibheacha nó nach raibh. Bhí seo iontach suimiúil ar fad agus chuirfeadh sé iontas an domhain ort an dóigh a thiocfadh léi seo a dhéanamh. Tá a fhios agam go bhfuil seo fíor ná gur mhinic uair a chonaic mise mo mháthair ag déanamh seo nuair a bhí muid uilig óg agus sceitimíní áthais orainn nuair a bheadh seo ag tarlú. An dóigh a dhéanfadh sí seo ná nuair a bheadh an chearc ghoir imithe ón nead ag ithe a cuid sa tráthnóna, rachadh sí isteach ag an nead agus thógfadh sí na h - uibheacha ón nead. Bheadh sí an - chúramach ar fad sa dóigh is nach gcrothnódh sí na h - uibheacha. Ansin bhéarfadh sí na h - uibheacha isteach go dtí an chistin agus ghe- obhadh sí scála uisce. Chuirfeadh sí na h - uibheacha isteach sa scála uisce ansin. Bheadh achan duine sa teach ina suí thart fan scála uisce ansin ag coinneáil súil ghéar go bhfeicfeadh muid an mbeadh ubh ar bith ag bogadh sa scála uisce. Nuair a bhogfadh ubh sa scála thógfadh sí an ubh sin amach agus thriomódh sí í agus arís bheadh sí an - chúramach ar fad gan an ubh a chroitheadh. Leanadh sí ar aghaidh le seo go dtí go mbeadh na h - uibheacha uilig tógtha amach agus iad triomaithe aici. Ní ghlacfadh seo rófhada le déanamh. Ansin chuirfeadh sí na huibheacha ar ais ar a nead sula dtiocfadh an chearc ar ais i ndiaidh a cuid a ithe. Corruair bhféidir go mbeadh ubh nó beirt nach mbeadh bogadh ar bith iontu ,dá dtarlódh seo chuirfeadh sí marc beag ar na huibheacha sin su- la gcuirfeadh sí iad ar ais ar a nead. Dhá lá i ndiaidh sin thógfadh sí ubh ar bith ar chuir sí marc orthu agus bhéarfadh sí isteach iad arís .Gheobhadh sí scála uisce arís agus chuirfeadh sí an dá ubh isteach sa scála agus arís bheadh sí ag coinneáil súil ghéar go bhfeicfeadh sí an mbeadh bogadh ar bith ó na h - uibheacha an uair seo. Dá gcroitheadh ubh an uair seo bheadh sí an - sásta ar fad ach muna mbeadh bogadh ar bith an uair seo dhéanfadh ar shiúl leis an ubh sin mar nach mbeadh éan ar bith san ubh, mar go mbeadh sí olc. Thart fá trí seachtaine a ghlacfadh an chearc luí ar na huibheacha go dtí go mbeadh ná h - éin réidh le teacht amach. Nuair a bheadh an chearc amuigh ag ithe a cuid, chuirfeadh sé iontas an domhain ort dá mbeadh an t - ádh ort a
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3