Guth Ghoill, Eagrán 51
Eagrán 51 Aibreán 2016 15 15 bheith ansin nuair a bheadh an t - éan beag ag piocadh agus ag piocadh go dtí go mbrisfeadh sí an bhlaosc agus a bheith ábalta theacht amach as an ubh. Leanadh seo ar aghaidh go dtí go mbeadh na héin uilig amuigh as na h - uibheacha. Bheadh bean a ’ tí an - sásta dá mbeadh níos mó cearca ná coiligh ann. Cibé ar bith bheadh uirthi glacadh le cibé a bhí istigh sna huibheacha. I gceann seachtaine nó mar sinn ligfí an chearc ghoir agus a cuid éin amach fá choinne an chead uair dá mbeadh an aimsir go measartha maith. Dá bhfeicfeá an dóigh a thabharfadh an chearc ghoir aire do na héin bheaga, bhí sé iontach ar fad. Dá dtiocfadh cearc eile ar bith cóngarach do na h - éin chuirfeadh sí an ruaig orthu go han - tapaigh agus cha dtiocfadh siad ar ais a gcóir níos mó. Bheadh sé doiligh don chearc ghoir iad a choinneáil slán ó achan namhaid mar go raibh go leor namhad acu. Bhí sé doiligh iad a choinneáil slán ón chat go h - áirithe cat fiáin, mar go raibh siadsan maith ag seilg. Bhí éan amháin sa spéir agus chuirfeadh sí eagla tréan ar an chearc ghoir agus sílim fhéin go raibh eagla ar na cearca uilig roimh an éan seo mar go gcluinfeá iad ag scairte- adh agus bheadh siad ag rith thart fán áit . An seabhac an t - ainm a bhí ar an éan seo agus dá mbeadh an deis aici ní bheadh sí i bhfad ag sci- obadh éan beag léi. Bheadh an chearc ghoir bhocht faoi bhrú tréan ag iarraidh na h - éin beaga a chruinniú istigh fúithi agus iad a choinneáil sábháilte fhad is a bheadh an seabhac thart, agus leora bheadh sin minic go leor. Bhíodh an chearc ghoir in a máthair mhaith, mar go mbeadh sí i gcónaí ag taispeáint do na h - éin bheaga cén dóigh le scríobadh agus le cuiteogaí a chuartú, nó rud ar bith eile a thiocfadh leofa ithe. Thaispeáin sí dóibh fosta an dóigh le huisce a fháil le hól. Dhéanfadh bean a ’ tí cinnte nuair a bheadh sí ag tabhairt a gcuid do na cearca go mbeadh go leor le hithe ag na h - éin fosta. Cha bheadh siad i bhfad ag fás suas ansin agus ní bheadh siad ag brath ar an chearc ghoir ó sin amach agus bheadh siad fhéin ábalta dul ar aghaidh ansin. Idir cúig agus sé mhí, thosódh na h - éin a fuair aire mhaith ag breith agus bheadh bean a ’ tí an - bhródúil ar fad agus í a bheith ábal- ta rá lena comharsana gur thosaigh a cuid eir- eogaí ag breith. Eireog an t - ainm atá ar chearc óg. Bheadh bean a ’ tí an - sásta ansin mar go raibh an ciorcal déanta, go mbeadh go leor uibheacha fan teach agus go mbeadh roinnt le díol aici fosta ar an bhliain ‘ na dhiaidh sin. Agus sin ráite, is é an rud is tábhachtaí ná go mbeadh cearc ghoir nó beirt aici fan teach nuair a thi- ocfadh tús an Earraigh arís. Sin deireadh m ’ aiste, tá súil agam gur bhain tú sult as an chur síos atá déanta agam fan chearc ghoir, agus má tá bréag ann bí- odh - ní mise a chum ná a cheap é. Seosamh Ó Cuilinn Is olc an chearc nach scríobann di féin. Is trom cearc i bhfad. Is maith an chearc nach mbeireann amuigh Glaonn gach coileach go dána ar a charn aoiligh fhéin. Chomh teolaí le hubh i dtóin circe !
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3