Guth Ghoill, Eagrán 51
Eagrán 51 Aibreán 2016 16 16 seacht mbliana déag glacadh isteach i mbádchlós Mhíobhaigh é mar phrintíseach, ba seo sa bhliain 1950. Seacht scilling déag agus sé pingne a bhí aige mar phrintíseach agus ansin nuair a cháiligh sé mar shaor báid bhí sé ag saothrú £7 sa tseach- tain. Trí bliana déag a chaith sé sa bhádchlós. Dúirt sé go raibh a chroí istigh sa tslí beatha a rogh- naigh sé agus bhí a shliocht air mar gur fhág sé lorg a láimhe ar os cionn fiche ‘ half - decker ’ a thóg sé ag a bhádchlós fhéin, bádaí a rinne iascaireacht amach as achan phort agus achan oileán ar chósta Dhún na nGall. Bhí sé thar a bheith bródúil as a chuid oibre. Bhí dúil mhór aige fhéin san iascaireacht fosta agus sular thóg sé bád do fhéin ba ghnách leis a bheith ag iascaireacht bradán le fear céile a dheirfiúr, sin Charlie Bán. Sárpheileadóir a bhí in Peter fosta agus d ’ imir sé agus bhí sé mar chaiftín ar fhoireann na nDúnaibh ón bhliain 1955 go dtí 1962 agus le linn na mblianta sin, i 1957 bhain na Dúnaibh craobh shóisir an Chontae. Agus nuair a nascadh le chéile na Dúnaibh, an Craoslach agus Dún Fionnachaidh mar Sheephaven Harps d ’ imir sé dóibhsean fosta agus d ’ imir siad i gcraobh Shinsir an Chontae ar feadh roinnt blianta. Pósadh Peter ar Mháire Ní Laighnigh as Umlach ar an tríú lá d ’ Aibreán 1961 agus thóg siad an chloige- ann déag de chlann: Micheál, Máire, Aifric, Dónal, Stephen, Nancy, an cúpla Cáitríona agus Gráinne, Olivia, Noelle agus Peter Martin ach ar an dro- chuair fuair Peter Martin bás ina leanbh óg. Bhain sé sásamh mór as an tsaol, as a chuid oibre, a chuid peile, a chlann, a gharpháistí agus a shaol sóisialta. Is cinnte go ndéanfaidh muid uilig é a chrothnú go mór. Ar dheaslámh Dé go raibh d ’ anam uasal Gaelach. Nuair a fuair Peter Stephen bás traidhfil seach- tainí ó shin mhothaigh an pobal go raibh cara mór dá gcuid caillte agus b ’ fhíor sin. Bhí tórramh Pheter ar cheann de na tórraimheacha ba mhó a chonacthas sa pharóiste seo ariamh agus chan iontas ar bith sin. Bhí aithne mhór air i gcéin is i gcóngar agus nuair a chasfaí ort é bhí an chosúlacht air go raibh neart ama i gcónaí aige le dhul i mbun comhrá. Bhí sé lán seanchais agus comhrá, lán grinn agus diabhlaíochta. Cuideachta iontach a bhí ann. Chan duine a bhí ann a chaith a chuid ama ag gearán faoi chúrsaí an tsaoil, b ’ fhearr leis i bhfad a bheith i mbun cleasaíochta agus ag cur ceann trasna ort agus nach aige a bhí an gáire ard croíúil. Ba Ghaeilgeoir den scoth a bhí ann agus cha raibh a shárú le fáil nuair a bhí craiceann le cur ar scéal, go díreach mar bhí a athair roimhe. Rugadh Peter i Ros na Binne sa bhliain 1933 agus ba ansin a chaith sé a shaol, sa teach céanna inár rugadh é. Bhí sé ar an duine ab óige d ’ ochtar clainne a bhí ag a mháthair Máire agus a athair Stephen. Chaith sé tréimhse i Scoil Cheann ‘ a Leargaí go dtí gur druideadh í agus ansin d ’ aistrigh sé go Scoil Mhíobhaigh. Nuair a bhí sé Peadar Ó Sibhleáin. ( Peter Stephen).
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3