Guth Ghoill, Eagrán 51

Eagrán 51 Aibreán 2016 2 2 Tá Barney Bhoydie ag tarraingt isteach ar an chéad bliain d ’ aois agus duine ar bith a bhfuil aithne acu ar Bharney tuigeann siad go bhfuil feith an ghrinn go smior ann agus é tugtha go maith don diabhlaíocht. Tá suim mhór aige a dhul amach, cúpla leathcheann a bheith aige agus geall a chur ar na beithigh. Níl mórán daoine dá aois ábalta an oiread sin grinn a bhaint as an saol atá thart orthu agus atá Barney. Bhain mé sásamh mór as na huaireanta a chaith mé aige agus é ag dul siar ar a shaol agus leoga is iomaí gáire maith a bhí againn le chéile. Bhí mé ag caint leis ceann de na hoícheanta a raibh faire Phaidí Fenny ar siúl agus ar seisean liom, ‘ Nach mór an truaighe nach raibh Paidí ábalta fanacht go bhfaigheadh sé an seic mór ó Mhichéal D. Cha dtig liomsa imeacht roimhe sin, amharc an party a bheas agam ’. Nach sin an spiorad a choinníonn duine beo agus a bhéarann fad saoil do? Thig linn a dhul ar ais sa chraobh ghinealaigh go dtí Donchadh Ó Brollacháin, (Denis Bradley) agus bhí an fear seo ina shin - seanathair ag Barney. Níl fhios againn cá air a raibh sé pósta ach tá a fhios againn beirt dá theaghlach, sin Bernard agus Síle. Bernard a bhí ina sheanathair ag Barney agus rugadh é i nGorta Móra timpeall na bliana 1841. Pósadh é thart fán bhliain 1867 ar bhean as na Dúnaibh a raibh Sorcha Ní Shiadhail uirthí. Bhí seachtar clainne acu: Annie (1871), Catherine, Dinis, Daniel, Pádraig (1877), Aindrias (1879) agus James (1882). Pósadh Annie ar Chéarlaí Mac Laifeartaigh ( Chéarlaí Den) as Dumhaigh. Chaith siad a saol i Meiriceá, áit a bhfuil a sliocht beo ann i gcónaí. Pósadh Catherine ar Mhichéal Ó Siadhail as Doire a ’ Chasáin; chaith Dinis a shaol i Meiriceá fosta, áit a raibh sé pósta ar Mháire Nic Giolla Bhríde agus tá cónaí ar a sliocht ansin i gcónaí fosta; bhí Daniel agus James pósta ar dhá dheirfiúr as Carraic agus ba in Albain a bhí cónaí orthusan; bhi Aindrias pósta ar Mháire Nic Eamharcaigh, ( Mc Cafferty) as Doire a ’ Chasáin agus chuaigh siad go Meiriceá fosta, bhí athair Bharney sin Padaí Bhoydie pósta ar bhean as Fánaid a raibh Máire Ní Oireachtaigh uirthi, bean as Cosha, ach ba as an Mhuisleac a máthair, ba sin Bríd Nic Giolla Bhríde, iníon le Máire Mhuisleac. Padaí Ó Brollacháin ( Padaí Bhoydie) agus Máire Ní Oireachtaigh. Bhí Barney ar an ochtú duine den chloigeann déag de theaghlach a bhí ag Paidí Bhoydie agus ag a bhean Máire. Bhí ochtar gasúr agus triúr girseach sa chlann, -- bhí Aindí, Mick, Dinis, Patrick, Máire, Annie, Muintir Uí Bhrollacháin, (Muintir Bhoydie) Gorta Móra. Lá ‘ le Pádraig Na Dúnaibh 2016 Tharla ócáid stairiúil i mbliana nuair a ghlac suas le 15 foilseán soghluaiste agus slua mór páirt i gcéad Mórshiúl Lá ‘ le Pádraig sna Dúnaibh, tráthnóna an lae mhóir. Bhain achan duine an - sult go deo as agus tá muid uilig fíorbhuíoch do Susan Shuss Nic Giolla Bhríde agus a foireann a d ’ eagraigh an ócáid ó thús go deireadh. Ár mbuíochas dófa sin a ghlac páirt agus do Martin Fleming a thug cead dúinn na grianghraif seo a fhoilsiú. Susan

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3