Guth Ghoill, Eagrán 51

Eagrán 51 Aibreán 2016 3 3 Barney a sháith gáirí faoi seo. An máistir Mac Fhionnlaoich agus Miss Mc Gill a bhí mar mhúinteoirí i Scoil Dhoire a ’ Chasáin ag an am. Bhí múinteoir eile ann fosta fán am sin a raibh Miss Haughey uirthi, bhí sí ag stopadh tigh Antoin Rua ach d ’ éirigh an bhean bhocht tinn agus fuair sí bás. Ar fostú. Cha raibh sé ar dhóigh ar bith tromchroích nuair a tháinig an t - am leis an scoil a fhágáil, bhí lúchair an domhain air. Chaith sé sealanna ansin ag obair thall is abhus. Bhí sé ar fostú thuas i mBaile an Mhullaigh ag Gráinne Dhonaí, Ó hOireachtaigh an sloinneadh ceart a bhí orthu. Bhí an teach taobh le teach Mhuiris Shiosáile. San am sin nuair a bheifeá ar fostú d ’ fhanfá sa teach fosta agus ba chuma muna mbeadh an teach rófhada ar shiúl, rud a bhí fíor sa chás seo. Cha raibh an obair a bhí le déanamh róthrom, buachailleacht an cúram a ba mhó a bhí air agus timireachtaí beaga thart fán teach. Bhí aige le súil a choinneáil ar dhá bhó bhainne agus roinnt ainmhithe óga. Cha raibh blí ar bith le déanamh aige. Sé mhí a chaith sé ann agus leoga gan mórán de luach saothair as. Mheas sé go raibh sé aistíoch an dóigh a raibh an talamh rannta amach, bhí darna achan chuibhreann idir Muiris Shiosáile agus Gráinne Dhonaí. Ansin thíos faofa bhí sé mar an gcéanna idir Séamas Shorcha agus Den Shúsí. Ba chuimhin leis a bheith ‘ na luí ar an fhéar lá amháin, é ag buachailleacht agus tháinig Séamas Shorcha fhad leis agus chuaigh siad i mbun comhrá. Ba ghnáth le Séamus suí agus scéalta a inseacht do Bharney. Dúirt Barney go dtug Séamas comhairle iontach dó lá amháin acu seo. Dúirt sé le Barney, ‘ beidh tusa ag imeacht trasna fá cheann cúpla bliain agus ceann de na laethibh sin beidh tú ag siúl síos taobh na sráide i gcuid de na bailte móra sin. Anois tá mise ag tabhairt comhairle duitse, má fheiceann tusa comhartha in airde áit ar bith go bhfuil ólachán le díol i dteach leanna nó i dteach de chineál ar bith amharc thusa trasna an bhealaigh go dtí an taobh eile agus siúl leat thairis ’. Shíl Barney gur chomhairle iontach a bhí ann don té a leanfadh é! Bhí daoine eile ar nós Nead Shorcha agus Micí Shorcha fán cheantar fosta, scríobh Micí Shorcha alt don Derry Journal achan seachtain agus bhí ceird ag a dheartháir Nead mar ‘ Cooper ’ sé sin ag déanamh bairillí adhmaid. Bhí feidhm mhór leofa sin nuair a bhí an iascaireacht i mbarr a réime fá na Dúnaibh agus bhí cuid mhór ‘ coopers ’ fán cheantar. Ba ghnáth le Nead Shorcha imeacht leis go Susan, Barney, Dan, Jimmy agus Joe. Tá naonúr acu ar shlí na fírinne ach tá Joe an duine ab óige i mbarr a shláinte i gcónaí agus tá Barney beo beathach ag tarraingt ar an chéad. Fuair Pádraig bás nuair nach raibh sé ach an bhliain agus fiche. Bhí Aindí pósta ar Susanna Friel as Fánaid agus bhí seachtar clainne acu, triúr mac agus ceathrar iníonach; bhí Mick pósta ar Bhidí Frank ( Nic Laifeartaigh) as an Bhaile Úr agus bhí ceathrar mac acu; bhí Máire pósta ar Jim Breen agus bhí beirt mhac acu, fuair Máire bás Meitheamh 16, 1995; bhí Susan pósta i n Dumhaigh ar Chéarlaí Ó Siadhail agus bhí ochtar clainne acu, bhí cúigear mac ( dhá chúpla de ghasúraí) agus triúr girseach sa chlann; bhí Dan pósta i Sasana agus beirt mhac aige, fuair sé bás ar an 26 Eanáir 1992; bhí Jimmy pósta ar Nellie Bhidí Rua ( Nic Laifeartaigh) agus bhí cúigear clainne acu, triúr iníonach agus beirt mhac, fuair sé bás ar an 29 lá de mhí na Samhna 2009; agus an duine ab óige Joe tá sé pósta ar Kathleen Rice agus bhí ceathrar girseach agus beirt ghasúr acu. Fuair Annie bás sa bhliain 1981. Cha raibh Annie, Dinis ná Barney pósta. Óige Bharney Nuair a bhí Barney deich mbliana d ’ aois fuair a mháthair bás agus deich mí ‘ na dhiaidh sin fuair a dheartháir Pádraig bás. Cha raibh sé rófhada ina dhiaidh sin gur bualadh buille tubaisteach eile ar an chlann, sin nuair a fuair a n - athair bás. Bhí an chlann fágtha anois ina ndílleachtaí. Thit sé ar Mhick an dara duine ba sine an mhuintir ab óige sa chlann a thógáil. Chuaigh Barney go scoil Dhoire a ’ Chasáin agus chan dúil ró - mhór a bhí aige sa scoil ná bhí saol cruaidh acu agus gríosáil laethúil mar pháirt do shaol na scoile ag an am. Bhí cuimhne aige ar chuid de na daoine a bhí ar an scoil leis fosta ag an am, beirt de mhuintir Den Dhónaí a cháiligh mar mhúinteoirí agus iníon le Séamus Shorcha, bean a raibh Madgie uirthi agus cháiligh sise mar mhúinteoir fosta. Cha shílim go raibh mórán ama ag Barney díthe, casadh í de bliain amháin agus é sa bhaile ar laethanta saoire agus thug sí le fios dó go raibh sise ag barr an ranga nuair a bhí siad ar an scoil. Mheas Barney go raibh sí ag iarraidh a chur in iúl dó go raibh sí níos cliste ná mar bhí seisean. Rinne Dan Barney, 21, i mbláth a óige

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3