Guth Ghoill, Eagrán 51

Eagrán 51 Aibreán 2016 4 4 permit) a fháil le linn an chogaidh sula n - imeofá. Seo socrú a rinne De Valera leis an Bhreatain sa dóigh is nach dtiocfaí Éireannach ar bith a thógáil thall agus a chaitheamh isteach san airm. Chaithfeá cur go Baile Atha Cliath fá choinne do cheadúnas, bhí sé cosúil le bheith a ’ fáil pas.(passport). Bhí do phictiúr ar an phas agus tá cóip de phas Bharney leis an alt seo. Bhí oibrithe a dhíth thall de thairbhe an méid sin fear óg a bheith ar shiúl sa chogadh. Ach fear ar bith a rachadh anonn ar a chonlán fhéin, gan an ceadúnas, thiocfaí é a thógáil am ar bith agus a chaitheamh isteach san airm. Chaithfeá an ceadúnas a fháil stampáilte i mbeairic na bpóilíní thall achan chúpla mí. Ba go Aberdeen a chuaigh Barney an chéaduair a chuaigh sé anonn go hAlbain. Ba seo an áit a raibh an obair ag fanacht leo. Bhí coistí i Sasana agus in Albain ag socrú cá háit a gcuirfí na fir uilig as Éirinn, a rachadh anonn, amach ag obair. Chuaigh scaifte maith as an áit anonn ag an am ach b ’ iad Paidí Shíle, Aindí Eoin as Dumhaigh agus Pádraig Nonny as an Chorrach a bhí ina chuideachta ar fheirm a raibh an obair leagtha amach dóibhtha. Bhí cónaí orthu i gcarrabhán ar an fheirm, áit ar chodlaigh siad agus ina bhfuair siad a gcuid béilí. Obair dhraenála ba mhó a bhí a dhéanamh acu, ag glanadh talaimh le go dtiocfaí tuilleadh barraí a chur ann. Bhí Paidí Shíle ag tarraingt ar na deich mbliana agus trí scór ag an am sin ach char chuir an obair mhaslach isteach nó amach air ach ba seo a thuras dheireanach ar Albain. Nuair a bheadh siad réidh ar fheirm amháin thiocfadh an tarraiceoir seo thart agus bhéarfadh sé an carrabhán ar shiúl go dtí cibé feirm eile a mbeadh obair dóibh ann. Bhíodh siad ag aistriú thart ó fheirm go feirm. Bhí sé thall sé mhí don chéad turas seo agus shocraigh sé a theacht ‘ na bhaile don Nollaig, é fhéin agus Paidí Shíle. D ’ fhan sé sa bhaile go raibh sé istigh i mí Eanáir, chuir sé a leabhar pas go Baile Atha Cliath agus nuair a tháinig sé ar ais chonaic Barney nach go Aberdeen a bhí a thrial an iarraidh seo ach go Ross Shire atá ar chósta thiar thuaidh na hAlban. I Ross Shire. Triúr as an cheantar a bhí le dhul le chéile, Jimí ‘ a Canainn, John Shéarlaí Shéimí ( Mac Laifeartaigh) agus Barney. Bhí cuimhne mhaith ag Barney ar an turas go Ross Shire de thairbhe go bhfuair siad síob (lift) ar lorraí fhoscailte píosa maith den bhealach. Bhí John agus Jimmí ‘ na shuí taobh istigh in aice leis an tiománaí áit a raibh siad breá te ach bhí ar Bharney suí amuigh i gcúl an lórraí faoin tarphól Yarmouth do shéasúr na scadán, d ’ imeodh scaifte mór achan bhliain don ghuttáil. Bhíodh Nead mar cheann urraidh orthu, bhíodh sé ag coinneáil súil go raibh an guttáil agus an pacáil déanta i gceart agus go gcuirfí salann orthu. Chuirfeadh seisean a shéala (seal) orthu ansin, ar bharr agus ar thóin an bhairille. Triúr a bhíodh ag obair le chéile ag an ghuttáil, beirt ag guttáil agus duine eile ag pacáil. Chaithfeadh Nead a chinntiú nach mbeadh dream ar bith ag glacadh aicearra. Bhí cuid mhór airneáil ag dul ar aghaidh sna tithe le linn na mblianta a raibh sé ag éirí aníos agus ba mhinic a bhíodh siad ina suí ag éisteacht le daoine ag inseacht scéalta fá thaibhsí. Dúirt sé nach bhfaca sé fhéin taibhse ariamh ach go díreach an ceann a fuair greim coise air oíche amháin agus é ar an bhealach ‘ na bhaile as teach faire. Aindí Dinis Aindí ( Mac Laifeartaigh) a bhí marbh. Char fhág Barney an teach faire go lár na hoíche, rud a bhí coitianta go leor san am sin. Bhí sé ar a chuid fhéin. Mar a dúirt Barney é fhéin bhíothas ag feiceáil taibhsí achan áit san am sin. Shocraigh sé ina intinn go siúlfadh sé an bealach thart fán Bhaile Úr in áit a bheith ag glacaint aicearra. Ach bhí eagla a sháith air fosta, bhí cuid de na scéalta fá thaibhsí ag teacht ar ais chuige agus lena chois sin bhí sé i ndiaidh teach faire a fhágáil. Idir achan rud shocraigh sé go ngearrfadh sé an aicearra fríd chuibhreann Shéarlaí John Nochaidh suas fhad lena theach fhéin. Bhí sé ag déanamh a bhealach go breá suas ar na carraigeacha faoin teach nuair a fuarthas greim coise air agus thit sé ar a dhá ghlún, cha ligfeadh an eagla dó bogadh. Mheas Barney é fhéin go raibh sé mar sin ar a dhá ghlún i ndeas de chúig bhomaite sula raibh sé de mhisneach aige a lámh a chur síos go bhfeicfeadh sé caidé ’ n greim a bhí ar a chois. ‘ S an rud a bhí ann ná go raibh a chois gabhta i ndol a bhí curtha ag duine inteacht le greim a fháil ar choiníní! Bhí sé báite ina chuid allais fán am seo ach ba mhór an faoiseamh a fuair sé nuair a chonaic sé nach raibh lámh thart fána chois! Sular imigh sé go hAlbain chaith sé tréimhse ag obair leis an Chomhairle Contae fosta, ba ghnáth leis a bheith ag cartáil dóibhtha le beathach agus cairt. Thaitin an obair leis ach cha raibh an t - airgead mór agus bhí ceann urraidh nó dhó nár thaitin mórán leis ach oiread. An Chéaduair in Albain. Dhá bhliain agus fiche a bhí sé nuair a chuaigh sé go hAlbain ar dtús, sin sa bhliain 1942, leath bealaigh fríd an dara cogadh. Chaithfeá ceadúnas oibre ( sin work

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3