Guth Ghoill, Eagrán 51

Eagrán 51 Aibreán 2016 5 5 luach a bpasáiste na bhaile acu. Bhí airgead ag Barney agus ag Jimmí ón chúig seachtaine oibre a bhí déanta acu ach d ’ inis siad don Phríomhchonstábla nach raibh leathphingin acu, iad ag déanamh go mbfhéidir go bhfaigheadh siad luach an phasáiste ‘ na bhaile uaidh. D ’ inis sé amach díreach dóibh dá mbeadh aige le díol as a bpasáiste ‘ na bhaile go mbeadh sé a ndíbirt amach as an tír agus nach bhfaigheadh siad ar ais go mbeadh an cogadh thart. Chomhairligh sé dóibh lá oibre a dhéanamh thall is abhus ar a mbealach go Glaschú agus go mbeadh luach a bpasáiste saothraithe acu nuair a bhainfeadh siad ceann scríbe amach. Sa bhaile arís. D ’ imigh Barney agus Jimmí ag tarraingt ar Ghlaschú agus dar ndóigh cha raibh orthu laethanta oibre ar bith a dhéanamh ar an bhealach mar go raibh cúpla punt ina bpóca i gcónaí ón obair a bhí déanta acu. Fuair siad an bád i nGlaschú ar Lá ‘ Le Pádraig, an seachtú lá déag de Mhárta 1943. Bhí siad sa bhaile ar an ochtú lá déag agus gan iad ar shiúl ach na sé seachtaine nó mar sin. Cha raibh sé furasta a theacht ‘ na bhaile agus gan iad ar shiúl ach tréimhse comh gairid sin, bhí siad ‘ na ábhar magaidh ag an phobal, achan duine ag cur ceiste cad chuige a dtáinig siad ‘ na bhaile agus gan iad ar shiúl ach tamall goirid. Char thuig daoine an córas oibre a bhí ann thall agus cha raibh mórán maitheasa a mhíniú dóibh, cha raibh sé ach ag déanamh an scéal ní ba mheasa. Rinne Barney cuid mhór gáire faoin eachtra seo. Nuair a d ’ imigh sé ar ais i ndiaidh trí mhí a chaitheamh fán bhaile mhionnaigh sé nach mbeadh sé ar ais a choíche arís i ndiaidh sé seachtaine. Chuir sé a cheadúnas oibre go Baile Atha Cliath arís agus nuair a tháinig sé ar ais chonaic sé gur Aberdeen a cheann scríbe uair amháin eile. Ar ais in Aberdeen Chaith Barney sé bliana as na blianta ar fad a chaith sé thall ag obair in Aberdeen. Dúirt sé fhéin go raibh dúil mhór aige sa cheantar agus i bhflaithiúlacht agus i gcairdeas na ndaoine. Ba in Aberdeen, a dúirt sé, a casadh na daoine ba deise air a casadh dó thall. Bhí obair gann go leor i ndiaidh an chogaidh agus chaith sé tréimhsí ansin ag obair ag an ghuttáil agus d ’ fhan sé i ‘ model ’ a bhí ansin fosta. Bhí an saol, ag an am, dian go leor, cha raibh an ‘ model ’ i gcónaí ar an chuid ab fhearr, scaifte fear caite isteach ar mhullach a chéile agus ag (tarpaulin) agus mar a dúirt sé fhéin agus é ag gáirí, chan tuaisceart na hAlban an áit is teo sa domhan i mí Eanáir, bhí an fhuacht polltach agus é sioctha go maith nuair a bhain siad Ross Shire amach. Chaith siad cúig seachtaine ag obair le hinneall buailte ag bualadh coirce ag feirmeoirí. Nuair a bhí sin thart shocraigh an coiste thall iad a bhriseadh suas, ‘ sé an socrú a bhí déanta acu ná go rachadh Barney agus Jimmí ‘ a Canainn ag feirmeoir amháin agus go gcuirfí John Shéarlaí Shéimí chuig feirm eile le aire a thabhairt d ’ ainmhithe a bhíothas ag fáil réidh do scian an bhúistéara. Cé gur obair thaobh istigh a bhí le bheith ag John agus nach mbeadh le déanamh aige ach bia a choinneáil le hainmhithe a bhí coinnithe istigh le linn an Gheimhridh cha raibh sé leathshásta leis an socrú a bhí beartaithe agus cha ghlacfadh sé leis agus nuair nach raibh dóigh amach as rinne sé suas a intinn a theacht ‘ na bhaile, rud a rinne sé. Bhí na hoibrithe i gcónaí faoi smacht ag an cheadúnas oibre agus ag an choiste. Aberdeen agus Dún Éidean. (Edinburgh) Cha raibh Barney ná Jimmí sásta ach oiread nuair nach dtabharfadh an coiste isteach an triúr acu a choinneáil le chéile agus de thairbhe sin shocraigh Barney agus Jimmí neamhaird a dhéanamh dá gcuid rialacha agus thug siad aghaidh ar Aberdeen áit a raibh athair Jimmí a ’ Canainn ag obair. Bhí neart oibre fán áit a raibh athair Jimmí agus chuaigh siad i gceann oibre. Bhí siad ansin ceithre lá nuair a chuaigh na ceadúnais oibre (work permits) isteach sa tsiopa fá choinne a gcuid cártaí ciondála ( ration cards) a fháil. Tugadh faoi deara ansin nach raibh Barney ná Jimmí san áit ar chóir dóibh a bheith ar chor ar bith agus dúradh leo go gcaithfeadh siad a dhul ar ais go Ross Shire, sin nó a dhul ‘ na bhaile. Bhéarann seo barúil mhaith dúinn ar an tsúil ghéar a bhíothas a choinneáil ar chúrsaí oibre agus ar na hÉireannaigh thall. Cha raibh dóigh ar bith a raibh Barney ná Jimmí chun dhul ar ais go Ross Shire agus mar sin de thug siad aghaidh ar Ghlaschú áit ar chaith siad an oíche ar lóistín sna Gorbals ag Micí a ’ Canainn agus an lá ‘ na dhiaidh sin bhuail siad an bealach go Dún Éidean ( Edinburgh) áit a bhfuair siad obair ag feirmeoir píosa taobh amuigh den chathair. Ach arís nuair a fuair bean a ’ tí na cártaí ciondála lena gcuid bidh a fháil chonaic sí nárbh sin an áit gur cheart dóibh a bheith ann agus chuir sí fios ar bheairic na bpóilíní. Tháinig Príomh Chonstábla na bpóilíní amach go dtí an fheirm agus chomhairligh sé dóibh a dhul ar ais go Ross Shire nó a dhul ‘ na bhaile. Shíl Barney go raibh an Príomhchonstábla breá cothrom leo, d ’ fhiafraigh sé dóibhtha ansin an raibh Joe, Barney & Jimmy

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3