Guth Ghoill, Eagrán 51

Eagrán 51 Aibreán 2016 6 6 Rhodesia. Cha deachaigh Barney go Rhodesia mar a rinne a dheartháireacha. Ba Dinis an chéad duine den chlann a chuaigh amach, chuaigh sé amach leis an chomhlacht lena raibh sé ag obair leis thall i Londain, le tithe a thógáil. Tamall ina dhiaidh sin thug Jimmy a aghaidh amach fosta. Ba seo i ndiaidh an chogaidh. I ndiaidh cúpla bliain thug siad aghaidh ar na mianaigh copair agus ba anseo a chaith siad tréimhse ó dhá bhliain déag go ceithre bliana déag. Bhí copar gann i ndiaidh an chogaidh agus de thairbhe sin bhí luach ard air agus bhí díolaíocht na bhfear bunaithe ar cibé luach a bhí an copar ar an mhargadh. Dhéanfaí poll síos sa talamh tuairim is céad troigh, ansin ghearrfaí tollán faoin talamh agus dá dtiocfaí ar chopar chaithfí socrú ar dtús ar bhfiú tús a chur lena fhorbairt. Áit a mbeadh mianach thógfaí tithe agus dheamhan i bhfad go mbeadh baile ann. Chuaigh a ndeartháir Joe amach fosta agus chaith seisean tuairim is sé bliana amuigh ansin. Nuair a bhí na blianta caite acu amuigh ansin tháinig Joe ar ais go Londain agus chuaigh Jimmy go Meiriceá. Thosaigh Jimmy ag obair i dtús báire thíos in Panama. Cha raibh mórán dúil aige sna daoine ná sa cheantar a bhí ansin agus thug sé a aghaidh ar New York áit ar chaith sé tréimhse mhaith dá shaol. Tháinig Dinis ar ais go Londain fosta, cheannaigh sé teach agus rinne sé athchóiriú air. Bhí Geimhreadh iontach fuar i Londain an bhliain sin agus char thaitin an fhuacht le Dinis i ndiaidh na blianta a bhí caite aige i dteas na hAifrice. Dhíol sé an teach agus d ’ imigh sé leis go dtí an Astráil. Chuir sé faoi i bPerth. Bhí sé de ghnás aige a theacht ‘ na bhaile achan dara bliain. Thiocfadh sé ‘ na bhaile i mí Aibreán agus d ’ imeodh sé arís i mí Dheireadh Fómhair. Báthadh Mick I mí Eanáir 1963 bhí Barney i Londain nuair a tháinig scéala gur bádh a dheartháir Mick. Bhí sé ar cuairt ag a dheirfiúr Annie agus bhí sé tuairim is leathuair sa teach nuair fuair sí scairt gutháin. Lig Annie scread aisti agus thit an guthán as a cuid láimhe, scéala a bhí ann óna deirfiúr in Albain gur bádh Mick. D ’ iarr Barney uirthi ciall a bheith aici, go mbfhéidir nach raibh a dhath de. Chuir siad scairt ansin ar a ndeartháir Joe a bhí in Londain fosta, bhí Dinis ag stopadh ag Joe áit a raibh sé ar a bhealach ar ais go dtí an Astráil i ndiaidh dó tréimhse a chaitheamh sa bhaile. Cha raibh scéala ar bith achan fhear le súil ghéar a choinneáil ar cibé a bhí aige. Bhí orthu a bheith amuigh ag an láthair ghuttála ag a sé a chlog ar maidin, dhá uair oibre le bheith déanta, glanadh suas agus ullmhúchán, sula dtosódh an guttáil ar chor ar bith. Bhí triúr ar achan fhoireann, beirt ag guttáil agus an duine eile ag pacáil agus lean an obair sin ar aghaidh go dtí a cúig a chlog tráthnóna. Ba mhinic a bhíodh siad stiúctha leis an ocras. Chaithfeadh siad a gcuid béilí fhéin a ullmhú sa mhodel. Bhí sé sa mhodel oíche amháin le linn an chogaidh nuair a d ’ imigh an bonnán (siren) ach char mhothaigh Barney é ar chor ar bith agus chodlaigh sé leis go maidin. D ’ imigh achan duine eile chuig foscadh faoi thalamh agus cha raibh i mbéal na ndaoine an lá ina dhiaidh sin ach caint faoin phléascadh, char chuir sé isteach nó amach ar Bharney! Chuirfeadh an comhlacht lena raibh sé ag obair ag an ghuttáil iad síos go Yarmouth corruair fosta. Dhíoladh an comhlacht a mbealach síos agus théadh sé fhéin agus John Frank (Ó Buaidhe) as Dumhaigh síos. Ba mhinic a chastaí daoine as an bhaile dó i Yarmouth. Cha raibh mórán de luach saothair aige as a bheith ag guttáil, ‘ agus leoga ’ dúirt sé ‘ ba ghnách le níos mó airgid a bheith liom go Yarmouth ná bheadh liom ar ais ’. An tréimhse deireanach a chaith Barney in Aberdeen tháinig a dheartháir Jimmy aníos as Ayrshire agus chuaigh an bheirt acu i mbun oibre le chéile, iad ag glacaint obair dhraenála ar chonradh. Londain. Nuair a d ’ imigh Barney san am sin bhí an cogadh thart go maith sula dtáinig sé ‘ na bhaile arís. D ’ imigh sé go Londain timpeall na bliana 1949 agus chaith sé bunús a shaoil sa chathair seo ag dul d ’ obair thógála. Chaith sé corradh agus ceithre bliana déag ag obair le Mc Alpine. Chaith sé tréimhse fada ag obair ar na h - óstáin úra a tógadh amuigh fán Aerfort agus d ’ oibrigh sé trí bliana go leith ar an fhorbairt mhór a rinneadh ag Covent Garden. D ’ oibrigh siad ar bhanc mór de chuid na Yankees fosta agus deir Barney nach raibh dóigh ar bith a dtiocfadh le duine ar bith briseadh isteach ann leis an méid iarann, crua ( steel ) agus stroighin a cuireadh sna ballaí! Bhí Londain lán d ’ Éireannaigh san am sin agus mar a dúirt sé fhéin bhí cuid acu ramhar sa réasún go maith. Bhí scaifte mór d ’ Éireannaigh ag obair le Mc Alpine fosta. D ’ fhan sé ar shiúl ag obair tréimhsí níos faide le linn na mblianta seo ach ag deireadh a chuid laetha ba ghnáth leis a theacht ‘ na bhaile níos minicí. Chonaic sé athruithe móra fán cheantar achan uair a dtabharfadh sé ruaig anall. Bhí tithe úra ag dul suas chuile áit agus dar ndóigh bhí ré na dtithe ceann tuí a bhí ansin le linn a óige imithe ar fad. Dinis

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3