Guth Ghoill, Eagrán 51

Eagrán 51 Aibreán 2016 7 7 faighte acusan agus chuir Caitlín, bean Joe scairt ar theach tabhairne Mhicí Sophie áit a ndearnadh an scéala tubaisteach a dheimhniú dóibh. Tráthnóna Dé Domhnaigh a bhí ann agus bhí deacrachtaí móra acu socraithe a dhéanamh le theacht ‘ na bhaile as siocar go raibh Sasana faoi bhrat trom sneachta agus cha raibh eitiltí ar bith isteach nó amach go dtí na haerfoirt. Shocraigh Barney agus Joe go bhfaigheadh siad an traein go Glaschú ag a hocht a chlog an tráthnóna sin agus go dtiocfadh siad anall ar an bhád, bhí a ndeartháir Aindí ar an bhád chéanna. Fuair siad traein isteach go Doire agus an bus ‘ na nDúnaibh, bhí Den Phaidí Shíle ag fanacht ag na Dúnaibh le iad a thabhairt síos ‘ na bhaile. Tháinig Dinis anall an lá ‘ na dhiaidh sin, bhí air a thuras go dtí an Astráil a chur ar ceal i dtús báire. Chuir sé isteach go mór ar Bharney ag an am gur bádh Mick de thairbhe gurb é Mick a thóg an chuid ab óige den chlann, é fhéin san áireamh, i ndiaidh bás a dtuismitheoirí. Tógálaí den scoth a bhí in Mick agus tá lámh a cheirde fágtha aige ar a theach fhéin comh maith le neart tithe eile thart fán cheantar . Bás Dinis Chuir Barney ceist ar Dinis oíche amháin sular imigh sé ar ais go dtí an Astráil i ndiaidh dó a thréimhse a bheith déanta aige sa bhaile, cá huair a bheadh sé ar ais agus ‘ sé an freagra a fuair sé ná go mbeadh sé ar ais fá cheann cúpla bliain. Ach chan sin a bhí i gceist ag Barney, bhí Barney ag iarraidh fáil amach cá huair a bheadh sé ar ais le fanacht. Dúirt sé le Barney nach raibh rún ar bith aige theacht le fanacht go ceann tamaill fhada, go raibh sé rófhuar agus rófhliuch anseo, gur thaitin an aimsir i bhfad níos fearr leis san Astráil. Ach an chéad turas eile a thug Dinis ‘ na bhaile as an Astráil, ba sin i 1995 fuair sé bás go tobann ar an séú lá fichead de mhí an Mheithimh.Chaith Aindí bunús a chuid ama in Albain, bhí a áit chónaí i bPaisley. Tháinig sé ‘ na bhaile le linn an chogaidh agus chaith sé tréimhse fada sa bhaile. Barney agus Cheltenham Luaigh mé ag tús go raibh suim mhór ag Barney sna beithigh agus is cinnte go bhfuil sé breá eolach orthu fosta. Bhuel níl rásaí móra Cheltenham i bhfad uainn anois agus seo a scríobh. Tá súil agam go mbeidh seachtain mhaith aige agus go ndéanfaidh sé a shaibhreas más féidir sin a dhéanamh ar bheithigh. Bhain mé sásamh mór as na laethanta a chaith mé ag caint leis agus tá súil agam go bhfuil blianta fada folláin roimhe go fóill. Agus más féidir le greann agus diabhlaíocht saol fada a thabhairt do dhuine mairfidh Barney blianta fada eile. Mick Annie, Mary agus Jim Breen Andy

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3