Guth Ghoill, Eagrán 52
Eagrán 52 Meitheamh 2016 11 11 An grúpa meánaosta ! Tír na nÓg 2 Tír na nÓg 1 Déanamh Poitín i nDún na nGall sa chéad leath den 19ú aois. Tábhacht an Photín i Saol na nDaoine. Bhí stiléirí poitín thar a bheith tábhachtach do shaol sóisialta na tuaithe mar gurb iad a chur poitín ar fáil do bhainiseacha, do thithe faire, do thórraimh, d ’ fhéilte, agus ar ócáidí macasamhail ócáidí imirce. Bhí an poitín lárnach i saol na ndaoine agus é cuid mhaith ní ba saoire ná mar bhí an t - uisce beatha dleathach, agus bhí seo tábhachtach do phobal a bhí beo ón lámh go dtí an béal. Níl dóigh ar bith a mhairfeadh déanamh poitín chomh fada agus a rinne sé muna mbeadh an pobal taobh thiar de agus is cinnte go raibh rud éigin macasamhail ‘ omerta ’ i bhfeidhm sa phobal nuair a bhí déanamh poitín i gceist. Ach ní hionann sin agus a rá nár sceitheadh eolas ó am go chéile ar lucht an phoitín, is cinnte go ndearnadh, ach bhí fir faire go minic mar pháirt d ’ fhoireann lucht an phoitín agus chomh luath agus a d ’ fheicfí éideadh an tsaighdiúra nó an phóilín a nochtú féin bhíodh an scéala amuigh agus daoine ag rith. Agus dar ndóigh an ghné ba thábhachtaí de dhéanamh poitín ó thaobh na ndaoine de, bfhéidir, ná gur chui- digh déanamh poitín le daoine a bhí ar an ghan- nchuid a gcuid fiacha a íoc. Bhí pingin le déanamh ag cuid mhaith daoine as tionscal an phoitín. Bhí eorna le ceannacht ó na feirmeoirí, bhí muileann a dhíth leis an bhraich a mheilt, bhí fir faire riachtanach agus bhí da- oine a dhíth leis an phoitín a iompar go dtí cibé áit a raibh sé le díol. Chuaigh airgead an phoitín timpeall agus chuidigh sé fosta le tionóntaithe beaga a bhí faoi ualach an anáis a gcuid cíosa a íoc agus de thairbhe seo rinne tiarnaí talaimh neamhaird do dhéanamh poitín a bhí ag dul ar aghaidh go forleathan ag a gcuid tionóntaie Déanamh Poitín i nDún na nGall. Níl amhras ar bith ná go raibh Co. Dhún na nGall ar cheann de na conntaethe ba mhó in Éirinn do dhéanamh poitín, go háirithe sa naoú céad déag. Agus maidir le Dún na nGall de bhí an poitín a dhéanamh go forleathan in Inis Eoghain, Fanáid, Ros Goill agus in Iar - Thuaisceart agus in Iarthar an Chontae. Seo alt as litir a chur Eneas Coffey, Cigire Ginearálta Máil (Excise Inspector) chuig fear darbh ainm Charles S. Hawthorne
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3