Guth Ghoill, Eagrán 52
Eagrán 52 Meitheamh 2016 12 12 (Further Papers relating to Illicit Distillation. Custom House, Dublin, April 20th 1819). ‘‘ In some of the mountainous counties of Ireland, but particularly in the county of Don- egal, illicit distillation has been carried on from time immemorial and has been the principal occupation of almost the whole population for several generations. The suppression of a practice so general and so ancient must be considered as little short of a complete rev- olution in the habits and manners of the peo- ple and it cannot be expected that any law, however vigorous, will effect such a change, either suddenly or without exciting much clamour ’. Maidir leis an chontae seo níl amhras ar bith ná go raibh ceantar Inis Eoghain ar shiúl ‘ un tosaigh ar achan cheantar eile agus go raibh sé mar chúis mhór achrainn ar fud na leithinise. Dúirt James Mc Parland in ‘ Statistical Survey of Donegal 1801’: ‘ In Inishowen every grain of barley is converted into whiskey............. ’ Deir Manning ina aiste ‘ Donegal Poitín ’: ‘‘............. in 1806 it was estimated that 1,300 of the 3,000 illicit stills operating in Ireland in the Summer of that year were located in Inishowen ’. Córas Fineála. Bhí córas úr maidir le fineálacha i bhfeidhm ag tús an naoú céad déag áit a ngearrfaí fineál ar an bhaile fearainn ina bhfaighfí trealamh (equipment) ar bith a bhainfeadh le déanamh poitín ina luí ann, ba chuma cad é chomh beag ná chomh mór agus a bhí an píosa trealaimh. ‘ Séard a bhí i gceist le seo ná go mbeadh ar achan theaghlach a bhí beo ar an bhaile fearainn sciar den fhineál, a ghearrfaí ar an bhaile fearainn, a íoc. Tharraing an córas fineá- la seo anás go leor ar dhaoine nach raibh acu ach an beagán ar aon nós, rud a d ’ fhág nach raibh na daoine ábalta a gcuid cíosa a íoc in amanna. Chuir seo isteach ar ioncam na dtiar- naí talaimh fosta agus de thairbhe seo bhí a mbunús in éadan an chórais. I bhfianaise a thug Arthur Chichester MP don roghchoiste (Select Committee de chuid Theach na Pairliminte) a cuireadh ar bun le fiosrúchán a dhéanamh maidir leis na cú- iseanna go raibh driogaireacht mhídhleathach (déanamh poitín) chomh forleathan sin in Éirinn, ba seo fear a raibh talamh aige in Inis Eoghain, dúirt sé nár shíl sé gur córas maith a bhí sa chóras fineála a bhí i réim. Mheas Chichester go raibh ar dhaoine nach raibh ciontach as coir ar bith íoc as cuid coireanna dhaoine eile, ‘............. because it involves innocence in the same penalty with crime, it involves the innocent in the same punishment with the guilty ’. Agus : ‘ I know that very considerable misery has been com- plained of, in consequence of the cattle of in- nocent people being carried off the townlands for the purpose of levying the amount of fines ’. Cha raibh mórán maoine ag daoine, bhfhéidir bó agus cúpla caoire. Ach dá ngearrfaí fineál ar an bhaile fearainn d ’ fhéadfadh siad cibé a bhí acu a chailleadh agus gan iad ciontach as aon choir. Cuireadh deireadh leis an chóras seo i ndiaidh trí nó ceithre bliana. Fíneálacha a cuireadh ar Chontae Dhún na nGall i gcomparáid leis an tír iomlán 1814 — 1818. Bhí na figiúirí seo sa litir a chur Eneas Coffey, a bhí ina Chigire Ginearálta Máil, chuig Charles S. Hawthorne. Thaispeán an tábla na fíneála- cha a gearradh ar na conntaethe uilig le linn na mblianta seo agus is cinnte go raibh Dún na nGall ar bharr an liosta, rud a bhéarann le fios go raibh déanamh póitín go forleathan ar fud
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3