Guth Ghoill, Eagrán 52

Eagrán 52 Meitheamh 2016 13 13 na Contae. Taispeánann an tábla seo gur gear- radh, ar an mheán, le linn na gceithre bliana sin, 31% de fhíneálacha na tíre i gCo Dhún na nGall.Bhí líon ard den saghas seo príosúnach i bpríosún Leifear i gCo Dhún na nGall, 19.38%. Ceantar Ros Goill. Maidir leis na leithinisí eile a bhí luaite go mór le déanamh poitín bhí an méid seo scríofa san ‘ Ordnance Survey Memoirs. ’ Faoin teideal ‘ Illicit Distillation ’ dúradh faoi leithinis Fhána- da: ‘ But the great source of disorder and dis- tress is the practice of illicit distillation, which is carried on in every part of this parish. Could it be totally suppressed and a market opened for barley and other grain, the condition of the people would be greatly improved ’. Agus maidir le leithinis Ros Goill faoin teideal ‘ Habits of the People ’ dúradh: ‘ ................... addicted to the use of spiritous liquors, both men and women, owing no doubt to the quantity of illicit spirits made in this parish, its bane and destruction ’. Aontroim 11 Ard Mhacha 1 Cara Droime Rúise 29 Caisleán an Bharraigh 51 An Chabhán 9 Cluain Meala 2 Dún Geanainn 4 Inis 22 Inis Ceithleann 5 Gaillimh (Contae) 15 Gaillimh ( Cathair) 1 Leifear 69 Luimneach (Cathair) 1 Luimneach ( Contae) 7 Doire 10 Longfort 15 Maryborough 2 Muineacháin 13 Aonach Urmhumhan 6 An Óghmaigh 47 Roscomáin 19 Sligeach 15 Tullach Mór 1 Iomlán 356 Cha dtiocfaí a rá go raibh na cuntais seo a chuir an dá leifteanant sna Royal Engineers Willaim Lancey agus W.Delves Broughton le chéíle ar dhóigh ar bith claonta mar nach ndearna na fir seo ach cur síos a dhéanamh ar an saol a chonaic siad os a gcomhair. Seo go díreach mar a chonaic siadsan an tionchar a bhí ag déanamh poitín ar staid na ndaoine sna ceantracha seo agus caithfear admháil nach deathi- onchar a bhí ann, go raibh cuid mhór poitín a ól agus go raibh sé ag cur na ndaoine ar bhealach a n - aimhleasa. Ach,dar ndóigh, bhí scéal agus saol taobh thiar den méid a chonaic na fir seo. Luaigh si- ad sa chuntas céanna go raibh na daoine falsa ach muna mbeadh eolas de chineál éigin ag duine ar an cheantar is dócha go nglacfadh sé leis an ráiteas seo. Ach caithfear a chur san áireamh go raibh 6,000 duine (1,800 inniu) beo i bparóiste Ros Goill sna blianta sin roimh an ghorta, agus is beo bocht a bhí siad, iad caillte in anás agus i mbochtaineacht. Cha raibh obair de chineál ar bith le déanamh acu, taobh amuigh de dhul amach ina gcuid currach agus beagán iascaireachta a dhéanamh agus cha dtiocfaí seo a dhéanamh achan lá ceal cúrsaí aimsire, nó a bheith ag tochailt fríd chreagacha agus screabáin le toradh éigin a fháil as talamh lom rite. Muna bhfuil obair le déanamh ag daoine is cinnte go n - amharcann siad falsa, go háirithe 6,000 duine i gceantar chomh cúng. Lena chois sin, de thairbhe an drochshaoil a raibh orthu a bheith ag streachailt ann thit siad go minic isteach i saol an dorchadais agus d ’ fhéadfaí a rá, cé nár leigheas a bhí sa phoitín dóibh go fadtéarma ach a mhalairt, gur chuidigh an poitín leo dearmad a dhéanamh den saol dorcha ina raibh siad agus faoiseamh a thabhairt dóibh ar feadh sealanna gearra.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3