Guth Ghoill, Eagrán 52

Eagrán 52 Meitheamh 2016 14 14 Seo alt a bhí i bPáipéirí Theach na dTeachtaí a bhain leis an driogaireacht mhídhleathach ( déanamh poi- tín) i gceantar Ros Goill. Cuntas a bhí ann ó Aibreán na bliana 1819 ó Chigire Ginearálta eile de chuid na Máile darbh ainm Daniel Logue. ........... On my arri- val in this district I found that illicit distillation was carried on to a great extent in the barony of Kilmacrennan.... particularly in the parishes of Clondavadock, otherwise Fanad, Meevagh alias Ros Goill and Conwall alias Glenswilly. In one parish alone there were upwards of 130 stills at work on the first of January last, eighty of them were in lower Ros Goill, which appeared by the private communication ( to the Board) of a gentleman in that parish. ( Bhí spiairí i gcónaí inár measc) When the Revenue Police were established in February I placed a party at Rosnakill, in the centre of the parish of Clondavodock, and another at Carrigart in the parish of Meevagh.(Ros Goill). With their aid and the parties stationed at Letterkenny and Ramelton, I was enabled to levy £261 19s in ten townlands in this barony which has produced the best effects in Fanad, Ros Goill and Glenswilly............ in Ros Goill and Fanad there is very little distillation at present............... ’ 1819 Feabhrá 22 Feabhrá 22 Feabhrá 23 “ “ “ “ “ “ “ “ Márta 22 “ Márta 24 “ “ Ainmneacha Úinéirí John Mc Elhare ( Carr) John Mc Bride James Boyce James Boyce James Boyce James Nogher?? C. Coyle M. Sheils J. Mc Clafferty John Coyle D. Mc Fadden H. Sheils A Sheils A Mc Elhare (Carr) M. Coll Denis Doherty Paróiste Míobhaigh Míobhaigh Míobhaigh “ “ “ “ “ “ “ “ “ “ “ “ “ Baile Fearainn Ard Bán Ailt a’ Chaorthainn Dumhaigh Meall Mór Cluain tSaileach. Carrick Tír Leathan Doire a Chasain. Doire a Chasáin Cloigeann Tír Leathan Doire a’ Chasáin Dún Duáin. Strachan ? Droim na Móna Glassán Stil 3 1 1 2 1 1 1 1 1 1 1 3 2 1 1 Caipín 3 1 1 2 1 - 1 1 1 1 1 2 2 2 1 1 Worm 3 --- 1 1 --- 1 1 1 1 1 1 1 2 --- 1 1 1 Más fíor an méid a bhí le rá ag Daniel Logue agus nach raibh ach an beagán stiléireachta mhídhleathach ag tarlú i Ros Goill agus ar leithinis Fhánada i Mí Aibreán 1819 d ’ athraigh an scéal go mór nuair a chuirtear san áireamh an méid a bhí le rá sna cuntais a tugadh san ‘ Ordnance Survey Memoirs ’. Deir Logue go raibh 130 stil faoi lán seoil i bParóiste Ros Goill, sílim fhéin go mbeadh sé deacair iad seo ar fad a fhágáil díomhaoin i dtréimhse ceithre mhí. Ach cibé mar tharla sé is cosúil go raibh tionchar de chineál éigin aige ar an cheantar mar gur thosaigh cuid de na stiléirí a thabhairt isteach cuid den trealamh a bhain le déanamh poitín. D ’ fhéadfadh sé tarlú go raibh an Cigire seo thar a bheith dí- ograiseach i mbailiú na bhfineálacha, go háirithe nuair a bhí poilíní máil (excise police) in éineacht leis anois. Seo an liosta de na stiléirí i gceantar Ros Goill a thug isteach a gcuid treallamh chuig oifigigh máil timpeall an ama sin. Tá sé deacair a thuiscint go dtug daoine suas a gcuid treallamh ach bhí amanna ann ar thug daoine isteach treallamh, seantreallamh a bhí as úsáid, chuig oifigigh máil, gheobhadh siad luach an treallaimh ón mháil agus ansin d ’ imeodh siad agus cheannódh siad trealamh úr. Rinneadh seo, dar ndóigh, le dallamullóg a chur ar oifigigh máil. Stileanna, Caipíní agus Worms a thug siad seo leanas isteach sa bhliain 1819. Tá sé deacair a bheith cinnte in amanna an féidir glacadh leis go raibh an fhírinne glan a insint ag na cigirí máil maidir le deathoradh a gcuid oibre nó an seift a bhí ann a bheith ag cur leis na figiúirí le pictiúr dearfach a chur i láthair na n - údarás Caithfear a chur san áireamh anseo go raibh leas dílsithe ( vested interest) ag leithéidí na nOifigeach Máil agus ag Poilíní Máil, ba seo a gcuid postanna agus bhí sé tábhachtach go mbeifí ag cur pictiúr dearfach os comhair na n - údarás; ansin bhí na stiléirí dleathach a mheas nach raibh na hoifigigh ná na poilíní máil ag déanamh a ndotháin le driogaireacht mhídhleathach a chur faoi chois. Bhí siadsan thar a bheith diúltach, agus iad i mbun fianaise, faoi obair na bpóilíní máil.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3