Guth Ghoill, Eagrán 52
Eagrán 52 Meitheamh 2016 15 15 Dar ndóigh bhí an Eaglais Chaitliceach go láidir in éadan dhéanamh poitín agus cha dtiocfadh le sagart maithiúnas a thabhairt do dhuine ar bith a bhí ag déanamh poitín; chaithfeadh an té a bhí ag déanamh poitín a dhul chun faoisdine chuig an Easpag. Níl scéal ná fianaise ar bith againn go ndeachaigh mórán de lucht dhéanamh an phoitín chun faoisidine chuig an Easpag, bheadh sé deacair a shamhlú. Ach tá fhios agam faoi fhear amháin as Dumhaigh a chuaigh chuig an Easpag lena chuid faoisdine a dhéanamh agus dar ndóigh mar a bheifeá ag súil char inis sé do dhuine ar bith faoina ghnoithe ná cha raibh sé ag iarraidh go bhfaigheadh duine ar bith amach cá raibh sé. Ach a luaithe agus a bhí sé istigh i dTeach an Easpaig cé a bhí ina shuí roimhe le dhul chun faoisdine fosta ach fear eile as an cheantar a raibh aithne mhaith aige air. Agus bhí scéal eile fán cheantar fosta a bhain leis an tréimhse sin, seo scaifte d ’ fhir as an cheantar a bhí ag déanamh poitín go rialta. Bhí an t - iomrá amuigh go raibh sagart ar an Tearmainn a bhí sásta maithiúnas a thabhairt do dhaoine a bhí ag déanamh poitín. Shocraigh ceathrar nó cúigear acu an turas a dhéanamh go dtí an Tearmann tráthnóna na faoisidine. Tharraing siad fadóga go bhfeicfeadh siad cé a rachadh isteach a chéaduair agus thit sé ar chrann dhuine de na Gallchóirigh fáil amach cé acu fíor nó bréagach a bhí an scéal fán tsagart. Chuaigh Ó Gallchóir isteach lena fhaoisidin a dhéanamh agus nuair a tháinig sé amach bhailigh an mhuintir eile thart air le fáil amach cad é mar fuair sé ar aghaidh. Dhiúltaigh sé labhairt leo, dúirt sé nach dtiocfadh leis cibé a chuaigh ar aghaidh i mbosca na faoisdine a sceitheadh! Bhuail ea- gla an mhuintir eile agus phill siad ar an bhaile agus gan iad a dhath níb eolaí cé acu bhí an sagart ag tabhairt maithiúnais do stiléirí nó nach raibh. Tá mé cinnte go raibh neart sagart agus leoga easpaig fosta a bhain lán sásamh as cúpla leathcheann poitín. Ach bhí sagairt ann a labhair agus a bhí gníomhach ina choinne agus leoga bhí siadsan le fáil i gceantar Ros Goill. Dar ndóigh, más fíor an méid a bhí le rá san ‘ Ordnance Memoirs ’ bhí sé de fhreagracht mhorálta orthu seo a dhéanamh mar go raibh an poitín ag cur saol na ndaoine bun os cionn. Sa bhliain 1814 bhí meáncheannaí (middleman) i Ros Goill darbh ainm Charles Faucett, fear a raibh neart tionóntaithe aige sa cheantar agus thug an tAth. Pádraig Mac Eiteagáin cuidiú don fhear seo deich stil as an pharóiste a ghabháil agus a dhíol. Tugadh luach na stileanna ar ais do na húinéirí. Níl mé cinnte caidé an meas a bhí ar an sagart ina dhiaidh sin ach is cinnte go raibh Faucett ag fulaingt de thairbhe na bhfineálacha baile agus bheadh sé go mór i bhfáth le déanamh an phoitín a chur faoi chois. Thug Jasper John Bar- ry, a bhí ina chigire ar na póilíní máil ag an am i gCarraig Airt fianaise do Roghchoiste Theach na dTiarnaí mí Iúil 1853 agus seo an méid a bhí le rá aige faoin sagart paróiste An tAth James Ó Gallchóir: ‘ In the parish in which I reside at the present moment, I was stationed in the year of the distress,1846, and the illicit distillation was totally put down by the priest: I may give him the whole credit for that. I do not think there was a still at work that year: he in the presence of his congregation, standing at the altar, told them, that if he found out anything of the kind he would give information to me; and he appointed persons in each townland for the purpose of giving this information: he spoke in the strongest terms to them, requiring them to do so ’. Ach tuigtear gurb é an chúis a bhí le seo ná go rabhas ag milleadh eorna, a bhí mar ábhar bidh, le linn tréimhse ina raibh daoine ar an ocras. Rinneadh iarrachtaí tréana déanamh an phoitín a chur faoi chois ach cha raibh na poilíní máil ná an RIC ag tarraingt lena chéile. Thiocfaí a rá go raibh gráin an diabhail ag an RIC do na póilíní máil ach sin scéal do lá eile.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3