Guth Ghoill, Eagrán 52

Eagrán 52 Meitheamh 2016 16 16 Ní raibh a dhath le cloisteáil le roinnt blianta anuas ach ‘ géarchéim ’ agus ‘ ciorraithe ’ agus ‘ gearradh siar ’ agus ‘ ganntanas ’ agus ‘ páirt - aimseartha ’ agus dólás, gruaim agus amhras in achan áit a d ’ amharcfá. Ach ansin tchím an ghrian ag gobadh amach fríd na néalta dorcha, an lagsprid ag trá agus agus dólas a bhriseadh? Caidé faoi a bhfuil mé ag tagairt? Tá mé ag tagairt den Amy Jane 11, bád úr Chomhlacht Mhic Giolla Bhríde a shroich céidh na nDúnaibh ar na mallaibh. Is breá an soi- theach é, 20 méadar ar fhad agus é péinteáilte gorm agus geal bán san úras. Ba le Henry Gaughan í ar dtús faoin ainm an Áine Patricia agus bhí sí ina luí sna Cealla Beaga ar feadh dhá bhliain go leith sular cheannaigh muin- tir Mhic Giolla Bhríde í. Ansin tugadh isteach i nduga tirim Bhádchlós Uí Mhaonaigh í le holl - chóiriú a dhéanamh uirthi i mí na Samhna ‘ s chuaigh thart. Tá sí chun áit an sean - Amy Jane 11 a ghlacaint Chuaigh sise go tóin na farraige amach ó chósta Chionn Mhálanna i mí Dheireadh Fómhair na bli- ana 2011 ach, go hádhmharach, rinneadh tarrtháil ar an seisear de chriú ag an am. Rinneadh athchóiriú iomlán ar an phríomh - inneal le líneáilí loiní nua (head piston liners) curtha in áit. Baineadh an Giarbhocsa Dhá Ghiar 5170 DC amach aisti agus cuireadh go MIT é san Ríocht Aontaithe chun é a ath - thógáil. Tógadh amach an dá inneal chúntacha (auxiliary engines) agus rinneadh iad a ath - thógáil san úras sular cuireadh isteach arís iad. Rinneadh amhlaidh leis an córas aeraithe (ventilation system), an córas sceite (exhaust system), an córas hiodrálaice (hydraulics system) agus na córais leictreacha agus leictreonacha ar fud an bháid. Rinneadh athnuachán ar na tonnadóirí (funnels) agus na dabhcha Vivier chomh maith. I bhfocla eile, is beag cearnóg den bhád nach ndeachaigh faoi chóiriú nó ath - thógáil de chineál amháin nó de chineal eile. Is breá an radharc an Amy Jane 11 a fheiceáil ag tarraingt ar ché na nDúnaibh lena lasta crubógaí agus an fhoireann ag tnúth go mór leis an sos oibre óna saothar ar bharr na dtonn agus sos a bhíonn tuillte go mór acu. Agus is deas go bhfuil an cabhlach iomlán ar ais arís ag Comhlacht Mhic Giolla Bhríde agus iad i mbun oibre, bíodh sin thart ar chósta na hÉireann nó ar chósta na Danmhairge agus guíonn muid uilig gach rath ar a gcuid saothar sa todhchaí An Amy Jane 11. Ag tarraingt isteach ar ché na nDúnaibh.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3