Guth Ghoill, Eagrán 52
Eagrán 52 Meitheamh 2016 2 2 Sliocht sleachta ar shliocht bhur sleachta Muintir Dhonnchaidh Chearlaí i gCluain tSaileach Cha raibh barraíocht eolais againn ar ár nginealas go dtí gur thosaigh muid ar an turas seo. Leis an fhirinne a rá, bheadh níos lú eolais againn murach mbeadh an leagan amach a rinne Leslie Lúcás ar ghinealas mhuintir na háite. Níor tugadh go leor buíochais agus aitheantais dó ar son na hoibre seo. Is dóiche go bhfuil go leor daoine thart, creidim, go bhfuil an t - eolas seo ar bharr a dteanga acu, ach tá sé deas suí síos agus an t - ábhar a fheiceáil ar pháipéar. Bheireann sé fuinneog bheag dúinn ar ár bhféiniúlacht pearsanta agus bheireann sé dóchas agus muinín dúinn don am atá le teacht. Insíonn sé scéal an mhuintir a chuaigh romhainn dúinn fosta agus cuidíonn sé linn gan iad a ligint i ndearmad. I dtaca le Muintir Dhonnchaidh Chearlaí de, cuireann Leislie Lúcás tús leis an scéal le Dunkie Mc Bride. Chomh fada agus is eol dom, Bridget a bhí ar a bhean ach ní fios cé hí nó cad as di. Bhí mac acu, Chearlie, agus bhí sé pósta ar Fen- ny Dhomhnaill (Mc Bride 1836 - 1928) as Gort na Luchóg. Bhí ocht gcloigne de theaghlach acu. Is le linn a n - am sin i gCluain tSaileach a tógadh an teach atá ann anois, i 1922, agus ba é Tuathal Stiofáin (Mac an tSaoir), saor cloiche as Baile na Deora, a bhí i mbun na hoibre. Teaghlach Chearlie agus Fenny Bhí Domhnall, a rugadh in 1866, pósta ar Mháire Thomáis, aintín do Sophie Thomáis (Cullen) as Dún Dubháin, agus bhí cónaí orthu i Ros na Binne. Bhí cearthair teaghlaigh acu, Denis, Chearlie, Katie agus Máire. Bhí Katie pósta ar Phádraig Phaidí Mhór as Cluain tSaileach agus bhí dhá nighean acu, Máire agus Clair agus tá a gclanna i dTír Chonaill go fóill. Bhí Paidí (r.1881) pósta ar Mháire John Phaidí (r.1890) as Cluain tSaileach fosta. Bhí cónaí orthu i gCionn na Leargaí agus bhí an chloigeann déag teaghlaigh acu: Johnnie, Máire, Fenny, Chearlie, Bridget, Denis, Hannah, Josie, Paidí, Domhnall agus Ellen. Bhí Denis pósta ar Mhary Cullen as Tír Lachán agus tá cónaí ar Mhary i Leargain Riach go fóill. Tá a gclann, Paidí, Máire agus Denis sna Dúnaibh i rith an ama. Bhí Ellen pósta ar John Chearlie Róise (Coyle) as Baile an Easa i gCarraig Airt agus bhí ochtar teaghlaigh acusan, Chearlie, Romey (Rosemary), Nancy, Noreen, Eileen, May, Bridget agus Francis a cailleadh i 2003. Tá an chuid is mó de shliocht an teaghlaigh sa pharóiste fosta. Bhí cónaí ar Phaidí i gCeann na Leargaí go bhfuair sé bás anuraidh. Cearrbhach a bhí ann a chuir in iúl dom i gcónaí go raibh mé muinteartha dó, agus chonaic mé go raibh sé bródúil as a dhúchas, rud nár thuig mé ag an am. Bhí cúigear eile teaghlaigh ag Chearlie agus Fenny Dhomhnaill, Andy (r.1868), John (r.1871), Ellen (r.1873) agus an darna Ellen (r.1875) agus Bridget (r.1877) le cois m ’ athair mór, Donnchadh, thíos luaite. Tá sé soiléir ó seo go bhfuair an chéad Ellen bás agus go dtug siad Ellen ar an chéad ghirseach eile ach níl iomrá ar bith sa teaghlach ar caidé a tharla don chúigear seo. Teaghlach Dhonnchadh Shearlaí agus Ann Logue Pósadh Donnchadh Shearlaí (r.1864) agus Ann Logue (r.1876) as Dún Dubháin in Eanáir 1895. Micí Mhicheáil, (Mc Bride) uncail le John DhonnchaIdh Mhicheál, agus Mary Phaidí Mhór, (Friel) a bhí ina bhfianaisí acu. (Pósadh iadsan ina dhiaidh sin). Iascaireacht agus feirmeoireacht a bhí idir lámha ag Donnchadh agus bhí scar aige in dhá bhád, an Saint Mark agus an Defender, trí scéim Bhord na gCeantar Cúng. Bhí cúig cloigne déag de theaghlach acu. Bhí Máire (r.1898) pósta ar James Hughie Bán (Mc Bride) ón Dumhaigh Mhór i bhFánaid. I ndiaidh seal a chaitheamh i gCluain tSaileach agus i nDúchoraidh, shochraigh siad i dTirhomin i mBaile na nGallóglach agus bhí beirt teaghlaigh
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3