Guth Ghoill, Eagrán 52

Eagrán 52 Meitheamh 2016 3 3 acu, Mary Ann, a bhí pósta ar John Kelly as Baile na Finne, agus a thóg teaghlach i nGlascú, agus Rosie, a bhí pósta ar Phaidí Nuala, (Bradley) i gCoill. Bhí Máire fiche bliain d ’ aois nuair a fuair a máthair, Ann Logue, bás i 1918. Bhí Biddy (r.1900) pósta ar Mhandy Mac Rodaí ón Ard Bán. Casadh iad ar a chéile i Meiriceá agus bhí mac amháin acu, darbh ainm Jimmy. Bhí sise ocht mbliana déag nuair a fuair a máthair bás. Chuaigh Fenny (r.1902) go Meiriceá thart ar 1948. Tháinig sí ar thuras amháin ’ na bhaile i 1958. Nuair a bhí sí anseo thit sí agus bhris sí a cos, rud a chuir os cionn mí eile lena saoire . An lá a baineadh an plástar di, thit Kitty Dhonnchadh Mhicheáil dar- na doras dúinn, agus bhris sí a sciathán agus bhí ag mo mháthair dul go Leitir Ceanainn go dtí an ospi- déal léi. Thit an cúram orm féin amharc i ndiaidh an dochtúra a tháinig go dtí ’ n teach leis an phlástar a bhaint de chos Fenny, ach cha raibh mé sásta nuair a hiarradh orm fáil réitithe den phlástar. Bhí sé ina ábhar magaidh orm ina dhiaidh sin ag cuid de na comharsan. Chuir Fenny neart parcels chugainn ina dhiaidh sin agus bhain muid sult as cuid chomics Mheiriceá. Bhí sí sé bliana déag nuair a fuair a máthair bás. Chuaigh Nancy (r.1903) ar imirce go Meiriceá agus phós sí thall ansin. Bhí sise cúig bliana déag Pósadh Chearlie (r.1905) den chéad uair ar Susan- na Cullen as Dún Dubháin i 1942 agus bhí beirt teaghlaigh acu, Denis (1944) agus Francie (1947). Fuair an bheirt acu bás seacht agus cúig mhí i ndiaidh iad a rugadh. Tá cuimhne ag Denis Dhonnchadh Mhicheáil ar an am a baisteadh Francie. Sheas Francie Cullen agus a dheirfiúr So- phie a bhí pósta ar Frank ‘ ac Aodh as Dún Dub- háin leis. Thug Ernie Mc Elhinney as an Mha- chaire Bhig suas iad go Teach an Phobail agus le linn an bhaiste, thosaigh sé ag cur sneachta agus cha raibh Ernie ábalta tiomáin thar tigh Mhary El- len Sweeny ar an Mhachaire Bhig ar a mbealach ar ais agus is ann sin a d ’ fhan siad. Ach tharraing Francie Cullen ar an bhaile ag siúl agus bhí aige le dhul suas ar Áilt Uí Dhiarmuda ar an Raplach mar go raibh an sneachta chomh domhain sin ar an bhealach mhór. Chonaic Denis an chuid eile den chomhluadar ag dul thar an teach leis an tachrán ar a mbealach go Dún Dubháin an lá arna mhárach. I 1949 fuair Susanna í féin bás. De réir chosúlachta, ba bhean iontach chineálta a bhí inti agus bhí losengairí i gcónaí i bpóca a haprún aici le tabhairt do pháistí na háite. I ndiaidh báis Susanna chuaigh Chearlie go Corby i Sasana chuig Domhnall, a dheartháir, agus is ann a fuair sé amach nach raibh an tsláinte go maith ag Domhnall agus chuir sé litir chuig muintir Dhonnchadh Mhicheáil faoi. I ndiaidh dó theacht ar ais d ’ fhan sé tigh Dhonnchadh Mhicheáil agus as sin chuaigh sé go Glinsk i bhFánaid chuig James Ann, m ’ athair, agus d ’ imigh sé go Meiriceá as sin. Pósadh den dara uair é ar Pheggy Eoin (Boyce) as Míobhuí i ndiaidh dó dhul go Meiriceá. Bhí Peggy pósta cheanna féin ar Fheargal Mhicheáil (Mc Fadden) Chearlie Ann le Fionola agus ag a thaobh Biddy Ann lena fear céile Mandy Mac Rodaí agus a mac Jim- my. Fenny Ann agus Gracie an Ghréasaí ag fágáil Cobh i gCorcaigh i 1958 ar a mbealach ar ais go Me- iriceá.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3