Guth Ghoill, Eagrán 52
Eagrán 52 Meitheamh 2016 4 4 as Dumhaigh agus bhí girseach amháin acu, ach i ndiaidh báis do Fheargal chuaigh sí agus a nighean go Meiriceá, áit ar casadh Chearlie agus í féin ar a chéile. Bhí Chearlie trí bliana déag d ’ aois nuair a fuair a mháthair bás. Rugadh cúpla ina dhiaidh sin, dhá ghiseach darbh ainm Ellen agus Susan, i 1906 agus fuair siad bás i ndiaidh dhá lá dhéag. Chuaigh Nellie (r.1908) go Meiriceá fosta agus pósadh í ar fhear darbh ainm Norman Lee. Bhí beirt teaghlaigh acu, Patsy agus Norma. Bhí sí deich mbliana d ’ aois nuair a fuair a máthair bás. Sular pósadh James (r.1910), m ’ athair, ar Biddy John Bhiddy Boyce (r.1916) as Dún Dubháin, mo mháthair, chaith sé seal in Albain. Bhog John Bhiddy Boyce, athair mo mháthair, a theaghlach go Glinsk i bhFánaid agus is ansin a shocraigh siad síos i ndiaidh pósadh i 1945 agus rugadh mé féin agus Denis, mo dheartháir, ann. I ndiaidh do Chear- lie imeacht go Meiriceá, rinne sé suas a intinn nach raibh sé ag teacht ar ais ’ na bhaile agus chuir sé scéal chuig m ’ athair bogadh ar ais go Cluain tSaileach agus thosaigh sé ag obair i Lag na hUillinne sa bhádchlós, áit ar fhan sé an mhórchuid dá shaol ina dhiaidh sin. Rugadh beirt eile den teaghlach, Domhnall agus Máire, ina dhiaidh sin i gCluain tSaileach. Bhí seisean ocht mbliana d ’ aois nuair a fuair a mháthair bás. Chuaigh Domhnall (r.1911) go Sasana ag obair agus é ina dhiúlach, an t - aon duine den teaghlach a chuaigh go Sasana. Tiomanaí traenach a bhí ann agus an t - aon eolas eile atá againn faoi ná go dtug Chearlie cuairt air i gCorby nuair a bhí a shláinte ag maolú thart ar 1949 - 50, agus fuair sé bás go gairid ina dhiaidh sin. Bhí sé thart ar dhaichead bliain d ’ aois. Bhí sé seacht mbliana d ’ aois nuair a fuair a mháthair bás agus chaith sé seal i nDún Dubhaín ag a uncail Padraig Shéamais le é a thógáil. Bhí Pádraig (r.1912) sé bliana d ’ aois nuair a fuair a mháthair bás agus cuireadh é síos go Dún Dubháin chuig a uncail Padraig Shéamais le é a thógáil fosta. Phós sé Mháire Marley as Doire a ’ Chasain i 1942. Bhog siad go Baile an tSléibhe i 1952 agus bhog si- ad ar ais go Doire a ’ Chasain i 1959. Bhí cearthar teaghlaigh acu, Patrick, Anita, Denis agus Eileen. Chaith Padraig seal san arm agus d ’ oibrigh sé sna tolláin in Albain fosta agus chaith sé cúpla bliain sa bhádchlós sular ndeachaigh sé amach ar phinsean. Cailleadh Denis, mac leo, san Astráil sa bhliain 2008 áit a bhfuil a chlann ina gcónaí go fóill. James Ann agus Biddy Bhiddy Boyce, mo mháthair ina n'óige. An Crann Ginealaigh
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3