Guth Ghoill, Eagrán 52

Eagrán 52 Meitheamh 2016 5 5 Sula ndeachaigh Eoin (r.1913) go hAlbain, thóg sé an scioból, ag tóin an tseantí a bhí ann, le clocha a bhain sé ar an Ghlíob. Leagadh an seanteach ceann tuí ina dhiaidh sin. Chaith sé tamall ag obair in Albain sular casadh a bhean céile air ag an Aifreann Domhnach amháin. Ba ón Iodáil í agus a teaghlach agus bhí cúpla siopa acu. Nuair a bhí sé le pósadh, chuir sé scéal ’ na bhaile fá choinne a theastas baiste agus cuireadh teastas a dheartháir John, a bhí trí bliana níos óige ná é, anonn chuige trí dhearmad. Cha raibh eolas ceart ag a theaghlach ar a aois go dtí le gairid. Thóg sé teaghlach agus d ’ oibrigh sé sa tsiopa a bhí acu go bhfuair sé bás. Bhí Eoin cúig bliain d ’ aois nuair a fuair a mháthair bás. Chaith Denis (r.1915) seal in Albain áit ar phós sé Bridget Mc Fadden as Achadh an Leataoibh (Aghalatty) i gCarraig Airt, agus chuaigh an bheirt acu ar imirce go dtí an Astráil, áit a thóg siad triúr teaghlaigh. Tá an bheirt ar shlí na firinne anois agus tá a sliocht ansin go fóill. Bhí Denis trí bliana d ’ aois nuair a fuair a mháthair bás. Rugadh John i 1916 agus fuair sé bás i 1920 agus é ceithre bliana d ’ aois. Bhí sé dhá bhliain d ’ aois nuair a fuair a máthair bás. Dúradh go bhfuair sé bás le briseadh croí. Rugadh cailín eile 1918 ach fuair sí bás i ndiaidh an bhreith. Níor tugadh ainm ar bith di, rud a ba mhaith leis an teaghlach a chur ina cheart. Deich lá i ndiaidh báis an chailín seo, fuair Ann, an mháthair, í féin bás. Bhí sí 42 bliain d ’ aois. Bhí sí féin agus Donnchadh Chearlie pósta le trí bliana agus fiche. Bhí bás Ann ina thragóid uafásach do Dhonnchadh Chearlie agus a theaghlach. Nuair a bhí an teaghlach sean go leor lean siad na mílte eile ar imirce, cúigear go Meiriceá, duine amháin go dtí an Astráil, duine go hAlbain agus duine go Sasana. De réir chosúlachta, bhí saol maith acu sin uilig. Tháinig Fenny ’ na bhaile uair amháin agus thug Eoin a aghaidh anseo dhá uair. Caithfidh go raibh sé doiligh acu amharc siar agus machnamh agus meabhrú a dhéanamh ar a saol, saol a raibh buairt agus suairc ag baint leis . Cailleadh Denis, mo dheartháir, i ndiaidh na Nollag anuraidh. Ba é an duine deireanach de mhuintir Dhonnchadh Chearlie a thóg teaghlach sa bhaile i gCluain tSaileach go dtí seo. Amach anseo, le cuidiú Dé, tógfar tuilleadh teaghlaigh sa teach agus beidh siad bródúil as oidhreacht uasal Ros Goill a tugadh dóibh cosúil le, mar a thuigim anois, a chonaic mé i súile Phaidí Fenny na laethanta úd. Go maire sliocht a sleachta ar feadh i bhfad. M ’ oidhreacht? Mo theanga Mo bhuíochas. Fia Ann Feabhra 2016 Eoin Ann agus a bhean Teresina Brattesani ar lá a bpósta. Sláinte go saol agat, Bean ar do mhian agat. Leanbh gach bliain agat, is solas na bhflaitheas tar éis an tsaoil seo agat.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3