Guth Ghoill, Eagrán 52

Eagrán 52 Meitheamh 2016 6 6 An tEaspag Pilib Ó Buaidhe. Tá Iubhaile Órga na Sagartachta a cheiliúradh ag An Easpag Pilib Ó Buaidhe i mbliana. Déanaimis comhghairdeas leis as an turas fada a chur sé de ó Scoil Náisiúnta Dhoire Chasáin go dtí Contae Chorcaí ar dtús, ansin go Contae na Gaillimhe, ar aghaidh chun na Róimhe agus faoi dheireadh ar ais go Tír Chonaill mar easpag sa bhliain 1995. Rugadh é ar an 25 Eanáir, 1940 agus tá cuimhne mhaith ag muintir na háite ar a thuismitheoirí, Joe agus Bridget Boyce, trócaire Dé ar a n - anamnacha. Bhí siopa acu thuas ag barr na céidhe, an áit a bhfuil oifigí Chomhlacht Iascaireachta Mhic Giolla Bhríde faoi láthair. Ba bhreá an siopa a bhí acu agus bhi gnó beag cniotála rathúil á reáchtáil ag Bridget ann fosta. D ’ fhreastail sé ar Scoil Náisiúnta Dhoire Chasáin a bhí faoi stiúir an Máistir Jack Mac Pháidín agus áit inár theagasc Mícheál Mac Aoidh agus Bella Nic Pháidín fosta, múinteoirí atá anois ar shlua na marbh, trócaire Dé orthu. Lean sé lena chuid oideachais i gColáiste Bhaile na Martra i gcontae Chorcaí ón bhliain 1953 go 1958, áit ar mhothaigh sé glaoch na sagartachta. Le linn laetha saoire an tSamhraidh agus é ag fáil réidh le dul ‘ na choláiste, casadh sagart Cairmeilíteach air, an tAthair Mícheál De Brún, a bhí ag tabhairt cuairt ‘ na bhaile é fhéin go Carraig Airt. Tharla comhrá idir an bheirt acu agus de réir cosúlachta, chuir sé comhairle ar an diúlach óg a dhul isteach sna Cairmeilítigh, rud a rinne sé. Chuaigh sé ar aghaidh go nóibhíseacht na gCairmeilíteach i mBaile Locha Riach, Contae na Gaillimhe. Chríochnaigh sé a chuid staidéar fealsúnachta i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1962. A s sin chuaigh sé ar aghaidh go dtí an Teresianum sa Róimh le tús a chur lena chuid staidéar di- agachta. Chaith sé na blianta fada ag staidéar sa Róimh agus ghnóthaigh sé dochtúireacht sa bhl- iain 1977 le tráchtas ar spioradáltacht an Chaird- inéil John Henry Newman. Bhí sé chun ocht mbli- ana déag eile a chaitheamh i bpríomh - chathair na hIodáile, áit mhór léinn, áit ina raibh sé ar a sháimhín só mar gur fear léinn a bhí ann. Ach, toil Dé go ndéantar, fuair sé scairt nach raibh sé ag dréim leis i lár na bliana 1995, ag tairiscint post dó mar Easpag ar Dheoise Ráth Bhoth. Tharla seo de bharr go raibh an tEaspag Edward Daly i ndiaidh éirí as a phost mar Easpag Dhoire agus ceapadh An Dochtúir Sár - Oirmhinneach Séamus Ó hEigeartaigh, a bhí ina Easpag ar Ráth Bhoth, ina áit. Oirníodh mar easpag Ráth Bhoth é ar an chéad lá de Dheireadh Fómhair 1995. Chuir imeacht an Phápa Benedict XVI iontas air agus leoga bhí sé buartha faoi ach thuig sé nach raibh an tsláinte rómhaith aige sa deireadh. Bhí lúcháir an domhain air nuair a toghadh an Pápa Proinnsias agus deir sé gur fear umhal agus duine fiúntach é le bheith mar cheannaire ar Chaitlicigh an domhain. Tá corradh le bliain is fiche curtha isteach aige mar cheannaire na deoise seo agus leoga cé go raibh farraige chúrsaí an tsaoil socair go leor an chuid ba mhó den am ní raibh sé gan a bheith corrach in amanna ach oiread. Mar sin, tá a luach saothair tuillte go maith aige i bhfoirm síochána agus só, chun dul i ngleic leis an staidéar agus leis an léann is ansa leis. Anois agus aois na cúig bliana déag agus trí scór bainte amach aige, tá an aois sroichte aige chun éirí as a phost ach in ainneoin seo, ní bheidh sé ábalta dul go cionn tamaill eile mar caithfidh sé fanacht ar scéala ón Róimh agus ní róghasta a dhéantar rudaí i gCathair na Vatacáine.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3