Guth Ghoill, Eagrán 52
Eagrán 52 Meitheamh 2016 8 8 Comórtas Peile na Gaeltachta 2016. Ní raibh mórán áidh ar na Conallaigh nuair a thug siad faoin aistear clúiteach, contúirteach, maslach, dó - chreidte sin ó dheas go Cionn tSáile i gCorcaigh i ndúlaíocht an gheimhridh i 1603 faoina gceannaire Aodh Rua Ó Dónaill ach tá lúcháir orm a rá nárbh am- hlaidh an scéal do laochra Ros Goill sa bhliain 2016. Mar chuaigh siad síos go Baile Mhúirne agus bhuail siad a raibh rófa gur bhuaigh siad Comórtas Peile Náisiúnta Sóisearach na Gaeltachta! B ’ éigean dófa dhá chluiche a imirt ar an Satharn, 4 Meitheamh. Ar maidin Dé Satharn b ’ iad Cill Chomáin, curaidh Mhaigh Eó a bhí ina mbealach agus bhí lámh in uachtar ag foireann na nDúnaibh leis an scór 3 - 12 in aghaidh 2 - 5. Ba iad Lorcán Ó Conchúir, (2 - 3), Séamus Mac Giolla Bhríde, (1 - 1),Gary Bán Mac Laifeartaigh, (0 - 3), Shéa Ó Cóill, (0 - 2) aus Finghín Mac Laifeartaigh, (0 - 1) na scórálaithe. Ansin bhí orthu páirc na himeartha a bhaint amach arís tráthnóna chun aghaidh a thabhairt ar churaidh shóisearach chontae Chorcaí, Cill na Martra. Ba mhór an faoiseamh é don fhoireann nár chuir muintir Chorcaí mórán dúshláin rófa agus bhain siad an cluiche go héascaí leis an scór 3 - 13 in aghaidh 0 - 5. Ba iad Séamus Mac Giolla Bhríde,(1 - 1),Cóilín Ó Gallachóir, (1 - 1), Óisín Ó Buaidhe, (1 - 0), Lorcán Ó Conchúir, (0 - 3), Gary Bán Mac Laifeartaigh, (0 - 2), Ben Mac Giolla Bhríde, (0 - 2), Dónal Mac Giolla Bhríde, (0 - 2), Shéa Ó Cóill, (0 - 1) agus Alan Pasoma, (0 - 1) na scórálaithe. Faoin am seo, bhí an teannas ag éirí níos láidre mar bhí a fhios ag na himreoirí agus ag an lucht bainistíochta go raibh bac agus constaic ollmhór sa chosán i bhfoirm laochra Chontae Chiarraí, Lios Póil. Bhí an scéal amuigh go raibh tréan iarrachta a dhéanamh ag muintir Chiarraí i mbliana leis an chorn a choinneáil i gcúige Mumhan agus go mbeadh sé ina bhuille sa tsoc dá gcomharsain i gcontae Chorcaí é fosta an duais a sciobadh leofa faoina sróna. Ba léir gurbh fhíor dóibh na ráflaí mar i ndiaidh deich mbomaite bhí 1 - 3 ar chlár na scór ag na Ciarraígh agus gan ach pointe ag na Conallaigh. Chuaigh rudaí chun olcais i ndiaidh fiche bomaite nuair a chuaigh muid ocht pointe chun deiridh leis an scór 1 - 8 in aghaidh trí phointe. Ach nuair a chuir Lorcan Ó Conchúir an liathróid san eangach agus ansin dhá phointe an duine ó Chóilín Ó Gallachóir agus ó Ghary Bán Mac Laifeartaigh agus pointe ó Shéa Ó Cóill cha raibh cuma ró - olc ar an scéal nuair a séideadh feadóg do leath - ama, 1 - 9 in aghaidh 1 - 6 na nDúnaibh. Ocht mbomaite isteach sa dara leath bhí na foirne ar chomhscór agus le 1 - 1 ó Shéamus Mac Giolla Bhríde, 0 - 3 ó Ghary Bán, 0 - 2 ó Chóilín Ó Gallchóir, tharraing fir Ros Goill ar shiúl sa deir- eadh agus bhí an lá leofa leis an scór 2 - 12 in aghaidh 2 - 10. Anois bhí brú ag teacht ar an fhoireann, an ceathrú cluiche taobh istigh de thrí lá le himirt acu. Níorbh é sin an t - aon rud a bhí ag cur as dóibh: Bhí meáchan agus ualach agus tnúth na staire ag titim anuas ar a nguailne. Cé mhéad uair a chuala siad fá fhoireann 1981 agus an t - éacht a rinne siad thiar i gCois Fharraige Chonamara? Agus arís in 1982 agus 1983. An mbeadh siad ábalta bearna 34 bliain a dhruid? B ’ fhoireann Rinn Mhaoile ó Chonamara na Gaillimhe, bród an Iarthair, a sheas ina gcosán an t - am seo. Cluiche teann a bhí ann, gan fonn ar cheachtar foireann an fód a ghéilleadh agus i ndiaidh bomaite is fiche bhí siad ar chomhscór, trí phointe an taobh, agus bhí siad ar chomhscór arís i ndiaidh leathuaire, cúig phointe an taobh. Ach nuair a líon Lorcan Ó Conchúir an eangach arís roimh leath - ama, d ’ fhág sin muid chun tosaigh le cúl agus nuair a bháigh fear a raibh dúil mhór ag a theaghlach sna heangacha, Gary Bán, an liathróid i gcoirnéal na heangaí don dara cúl do na Dúnaibh bhí an lá linn. I ndiaidh cluiche breá cruaidh sheas an scór ag deireadh, Na Dúnaibh 2 - 9 Rinn Mhaoile 0 - 12. B ’ iad Lorcán Ó Conchúir, (1 - 4), Gary Bán Mac Laifeartaigh, (1 - 2), Cóilín Ó Gallachóir,(0 - 1), Shéa Ó Cóil, (0 - 1) agus Alan Pasoma, (0 - 1) na scórálaithe. Moladh mór tuillte ag an fhoireann ar fad agus dar
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3