Guth Ghoill, Eagrán 52

Eagrán 52 Meitheamh 2016 9 9 ndóigh ag an bhainisteoir Aindrias Ó Conchúr a chur an oiread sin oibre isteach san fhoireann don chomórtas seo. Muna mbeadh an obair déanta níl dóigh ar bith a mbeadh siad ábalta taispeántais peile chomh maith sin a thabhairt i gceithre chluiche taobh istigh de thrí lá. Éacht gan amhras. B ’ iad seo na peileadóiri a thug an Corn Sóisir leo as Baile Bhúirne: P.Mac Rodaigh, Max Mac Dáibhis, D. Mac Aodha,B Ó Treartaigh, S. Mac Giolla Chóill, B. Mac Fhionlaoich, C. Ó Dochartaigh, S Mac Giolla Bhríde, S L Mac Giolla Bhríde, A Pasoma, O. Ó Buaidhe, M. Ó Brollacháin, B. Mac Giolla Bhríde, C. Ó Gallchóir, C. Mac Aoidh, G B Mac Lai- feartaigh, L Ó Conchúir, S Mac Rodaigh, F. Mac Laifeartaigh, S. Ó Buaidhe, M Mac Lochlainn, D.Mac Giolla Bhríde, S. Mac Laifeartaigh, S Mac Fhionnlaoich, S.Ó Gallchóir, B. Mac Nuadhat, D Mac Pháidín, N. Ó Cuilinn. Ba mhór, b ’ fhada agus b ’ ard an ceiliúradh, an clabhsúr agus an comóradh a rinneadh nuair a shéid an fheadóg dheireanach sa chluiche ceannais. Bhí bearna mór na mblianta líonta acu. B ’ aoibhinn agus ba mhilis an bomaite é, go háirithe i ndiaidh díoma na bliana anuraidh áit ar buaileadh iad sa chluiche ceannais. Ní turas fada, leadránach ‘ na bhaile é, ní ba mhó. Bheadh caibidil úr le scríobh in annála an fhó - chumainn. Bheadh na slóite le fanacht leo. Bheadh ceol agus craic go maidin. Agus bhí. Nuair a tharraing an bus isteach go Leitir Ceannain bhí marcshlua de charranaí ag feitheamh leo. Ba challánach agus ba ghleomhar an turas a rinne siad chun an bhaile. Chuaigh siad thart agus fríd agus thart arís ar Bhaile na nGallóglach agus cha raibh duine ó Ghort Macalla go Mount Marian nár mhuscail siad le treise a mbúire! Sa deireadh thiar thall, bhain siad ceann scríbe amach le carnáin mhóra de thinte cnáimh ag splancadh ag achan chrosbhealach sa pharóiste agus slabhra mór fada de ghluaisteáin le soilse splancarnacha agus adharca na gcarr agus bonnáin (sirens) na bhfeithiclí ag scréacháil. Tharraing siad isteach ag Óstán na Trá agus thuirling an fhoireann den bhus agus shiúil siad go cathréimeach fhad le lár an bhaile leis an chorn ina nglaic leo. Arís, b ’ fhada, b ’ ard agus ba dhomhain san oíche a mhair an ceiliúradh, an clabhsúr agus an comóradh agus leoga bhí athcheiliúradh lá arna mhárach a mhair fada go leor gan stad, gan staonadh. Agus cad chuige nach ndéanfadh? Nach raibh a gcuid fhéin den stair scríofa acu agus súil ag achan duine nach mbeidh bearna chomh fada sin le líonadh choíche arís. An Amy Jane 11 Ceiliúradh!

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3